‘An pobal ag éileamh a thuilleadh’ ó Nuacht TG4 – suirbhé

Pléadh ag cruinniú inné torthaí suirbhé a rinne OÉ, Gaillimh agus TG4 faoi iriseoireacht na Gaeilge agus dearcadh cainteoirí Gaeilge ina leith

‘An pobal ag éileamh a thuilleadh’ ó Nuacht TG4 – suirbhé

Tá an pobal “ag éileamh a thuilleadh” thar mar atá á fháil acu ó Nuacht TG4, a dúradh ag cruinniú speisialta a bhí ag baill foirne agus lucht bainistíochta na seirbhíse inné.

Dúradh an méid sin mar chuid de chur i láthair a rinne lucht OÉ, Gaillimh faoi shuirbhé a rinneadar i gcomhar le TG4 faoi iriseoireacht na Gaeilge agus dearcadh cainteoirí Gaeilge ina leith.

Dúradh freisin gur léirigh an suirbhé, a bhí bunaithe ar cheistneoirí ar líne agus grúpaí fócais, go rabhthas ag súil le seirbhís nuachta níos cuimsithí agus níos mó ábhair ó Nuacht TG4  – clár níos faide nó feasacháin níos minice.

Seirbhís ‘níos mó agus níos leithne’ atá ag teastáil, a dúradh.

De réir an tsuirbhé is gá breis forbartha dá leithéid a dhéanamh ar 7 Lá chomh maith.

Bhíothas ag súil, a dúradh, go mbeadh níos mó scéalta úra á mbriseadh ag an tseirbhís nuachta agus go ndéanfaí a thuilleadh iriseoireachta iniúchta.

Dúradh gur bhraith daoine go raibh Nuacht TG4 “go maith ag an nuacht áitiúil” ach go bhféadfaí béim níos mó a leagan air agus dul i measc ‘an phobail’  níos minice.  Chaithfí freastal níos fearr a dhéanamh ar líne ar dhaoine níos óige freisin, a dúradh.

Tugadh le fios i gcuid de na ceistneoirí go mbraitear nach mbíonn i gcuid de scéalta Nuacht TG4 ach leaganacha Gaeilge de scéalta RTÉ.

Dúradh i 55% den thart ar 700 ceistneoir inar freagraíodh ceist áirithe faoi stáisiúin teilifíse go mbaintear úsáid ‘i gcónaí nó go minic’ as TG4 mar fhoinse nuachta, i gcomparáid le 77% i gcás RTÉ.

Maidir leis na seirbhísí nuachta ar líne, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bhí Tuairisc.ie agus RTÉ.ie gob ar ghob ar bharr an liosta. Tugadh le fios i 61% de na ceistneoirí go mbaintear úsáid i gcónaí nó go minic as RTÉ.ie mar fhoinse nuachta.

59% a bhí i gceist i gcás Tuairisc.ie.

Dúradh sa chur i láthair go raibh an tóir a bhí ar Tuairisc.ie “thar a bheith spéisiúil”.

Labhair Alan Esslemont, ceannasaí TG4, Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, agus Joe Reddington, Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, ag an gcruinniú.

Dúirt Joe Reddington go raibh “roinnt rudaí” sa chur i láthair faoin suirbhé nár bhinn le cluas lucht na nuachta, ach go raibh ábhar machnaimh agus údar dóchais ann chomh maith.

Léirigh an suirbhé an tábhacht atá leis an tseirbhís Ghaeilge do chroílucht féachana TG4, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh “bearnaí” sna seirbhísí ach go mba mhaith an rud na “deacrachtaí soiléire” a phlé go hoscailte.

Dúirt, ceannasaí TG4, Alan Esslemont, go raibh “go leor rudaí dearfacha” sa suirbhé ach gur “spreagadh chun gnímh” do TG4 a bhí ann.

Chabhródh an suirbhé go mór le TG4 plean a chur le chéile do chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha. “Teacht ar acmhainní do dhaoine atá cruthaitheach” an sprioc is mó a bhí roimhe féin, a dúirt sé.

Ní róshásta a bhí roinnt ball foirne nuair a dúradh leo go mbeadh Jon Williams i láthair chun an suirbhé a phlé, tráth, a mhaígh siad, go raibh sé ag diúltú bualadh leis an bhfoireann chun na ciorruithe atá á ndéanamh ag RTÉ ar an tseirbhís Ghaeilge a phlé.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndúirt an ceannasaí nuachta leis an gceardchumann le déanaí nach raibh “rud ar bith le plé” faoi na ciorruithe, ach dúirt sé inné go raibh sé sásta cúrsaí a phlé leis an bhfoireann.

Dúradh, áfach, nach ar mhaithe le cúrsaí maoinithe nó acmhainní a phlé a bhí cruinniú an lae inné ach chun thorthaí an tsuirbhé a chur trí chéile.

Nuair a tugadh a dhúshlán faoi na ciorruithe, dúirt Jon Williams go raibh sé “míchuí” labhairt ar a leithéid.

Mhol sé go hard obair iriseoirí Nuacht TG4, go háirithe le bliain anuas.

Ba ghá i gcónaí, a dúirt Williams, “athshamhlú” a dhéanamh ar an nuacht bunaithe ar mhianta TG4.

Ar deireadh thiar thall, an lucht féachana ba thábhachtaí, ar sé.

Le linn an phlé a bhí ann faoi chur i láthair lucht na hollscoile, dúirt baill foirne gur bhraith siad go raibh Nuacht TG4 ‘ag titim idir dhá stól’.

Dúradh go raibh sé an-deacair an dá thrá a fhreastal – a bheith fostaithe ag RTÉ agus a bheith ag cur seirbhíse ar fáil do TG4.

Maíodh nach bhféadfadh an tseirbhís Ghaeilge freastal ar pholasaí eagarthóireachta RTÉ agus, ag an am céanna, fanacht dílis d’fhealsúnacht bhunaidh TG4 – an tSúil Eile.

Na scéalta maithe ‘Súil Eile’ a bhí ag Nuacht TG4 is minic iad craolta i mBéarla ar RTÉ sula gcraoltar ar Nuacht TG4 iad, a dúradh.

Dúirt Alan Esslemont gur údar bróin dó go mbíonn scéalta áirithe ‘Súil Eile’ craolta i mBéarla ar RTÉ sula gcraoltar iad ar Nuacht TG4.

Dúirt foinse amháin le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe go raibh sé ar siúl ag am a raibh foireann Nuacht TG4 “in an-ísle brí”.

Dúirt an fhoinse gur bhraith an fhoireann “gur mó spéis a bhí á léiriú i gcothú agus i mbainistiú an chaidrimh le RTÉ ná i bhfeabhas a chur ar an tseirbhís nuachta do phobal na Gaeilge”.

TG4 agus Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ, Gaillimh a rinne an suirbhé faoin soláthar nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge.

Nuair a seoladh an suirbhé, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go mbeadh na torthaí “mar fhoinse treorach ag lucht bainistíochta TG4 nuair a bheidh tosaíochtaí á leagan amach don chainéal don tréimhse atá romhainn”.

Níor cuireadh cóip den suirbhé ar fáil d’fhoireann Nuacht TG4, ach táthar ag súil le tuairisc faoi ag deireadh na míosa seo chugainn.

Dúirt TG4 go gcuirfí an tuairisc sin ar fáil ar shuíomh TG4.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Mhaígh Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, faoi dhó le déanaí gurb amhlaidh gur laghdaíodh buiséad nuacht an Bhéarla gach bliain le roinnt blianta anuas agus gur mhéadaigh an caiteachas ar an nuacht Ghaeilge sa tréimhse chéanna.

Ní raibh RTÉ sásta aon fhigiúirí a chur ar fáil do Tuairisc.ie mar thacaíocht le maíomh a gceannasaí nuachta go bhfuil méadú tagtha ar an gcaiteachas a dhéantar ar nuacht teilifíse na Gaeilge le ceithre bliana anuas.

Fág freagra ar '‘An pobal ag éileamh a thuilleadh’ ó Nuacht TG4 – suirbhé'