Diúltaithe ag RTÉ fianaise a chur ar fáil do ráiteas go bhfuil méadú tagtha ar mhaoiniú Nuacht TG4

Dhiúltaigh RTÉ eolas a chur ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcaiteachas a rinneadh ar nuacht na Gaeilge i gcomparáid le nuacht an Bhéarla le ceithre bliana anuas

Diúltaithe ag RTÉ fianaise a chur ar fáil do ráiteas go bhfuil méadú tagtha ar mhaoiniú Nuacht TG4

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Níl RTÉ sásta aon fhigiúirí a chur ar fáil mar thacaíocht le maíomh a gceannasaí nuachta go bhfuil méadú tagtha ar an gcaiteachas a dhéantar ar nuacht teilifíse na Gaeilge le ceithre bliana anuas.

Mhaígh Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, faoi dhó le déanaí gurb amhlaidh gur laghdaíodh buiséad nuacht an Bhéarla gach bliain le roinnt blianta anuas agus gur mhéadaigh an caiteachas ar an nuacht Ghaeilge sa tréimhse chéanna.

“Tá tábhacht leis an bhfírinne,” a dúirt Williams agus é ag tagairt do scéalta ar an suíomh seo faoi chiorruithe atá á ndéanamh ar Nuacht TG4/RTÉ.

Dhiúltaigh RTÉ eolas a chur ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcaiteachas a rinneadh ar nuacht na Gaeilge i gcomparáid le nuacht an Bhéarla le ceithre bliana anuas.

Dhiúltaigh an stáisiún chomh maith eolas a chur ar fáil faoi líon na ndaoine a bhí fostaithe ag an dá sheirbhís sa tréimhse chéanna.

Dúirt urlabhraí ón stáisiún nach nós le RTÉ eolas a chur ar fáil faoi bhuiséid nó líon foirne “rannóga ar leith”.

Léiríonn anailís a rinne Tuairisc.ie ar thuarascálacha bliantúla RTÉ gur i laghad a chuaigh an caiteachas a rinne RTÉ ar an nuacht Ghaeilge ar TG4 idir 2016-2019.

Níl aon fhigiúirí ar fáil go fóill do 2020 agus ní raibh RTÉ sásta iad a chur ar fáil.

In 2016 chuir RTÉ €5.236 milliún ar fáil do Nuacht TG4. €5.037 milliún a bhí i gceist in 2019 do Nuacht TG4 agus an clár cúrsaí reatha 7 Lá. Is in 2018 a thosaigh RTÉ ar mhaoiniú 7 Lá.

Caiteachas RTÉ ar Nuacht, Cúrsaí Reatha & Aimsir
TG4 RnaG Eile (RTÉ 1, Radio One srl)
2019  €5.037m  €4.762m  €55.499m
2018  €5.19m  €4.616m  €57.787m
2017  €5.112m  €4.74m  €54.679m
2016  €5.236m  €4.648m  €55.669m
2015  €5.07m  €4.62m €50.801m

D’iarr Tuairisc.ie ar RTÉ míniú a thabhairt ar an neamhréir a dhealraíonn sé atá idir na figiúirí faoi chúrsaí nuachta ina dtuarascálacha bliantúla agus an ráiteas gur mhéadaigh an caiteachas ar Nuacht RTÉ/TG4 tráth ar laghdaigh an caiteachas ar RTÉ News.

Mar fhreagra ar scéal a bhí ar Tuairisc.ie inar dhúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur chóir dóthain maoinithe a chur ar fáil do TG4 a cheadódh dóibh a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil, dúirt ceannasaí nuachta RTÉ Jon Williams go raibh an maoiniú a bhí curtha ar fáil do Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 imithe i méid le ceithre bliana anuas.

“Tá tábhacht leis an bhfírinne. Le ceithre bliana anuas, tá an caiteachas ar Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 méadaithe mar go bhfuil muid ag iarraidh an iriseoireacht Ghaeilge a chosaint,” a dúirt Williams.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ go mbaineann buiséad nuachta RTÉ le réimse seirbhísí, idir chláracha teilifíse, raidió agus scéalta ar líne.

“Ar na seirbhísí nuachta a chuireann RTÉ ar fáil gach lá, tá cláir ar chainéal nuachta RTÉ (5pm), ar RTÉ 1 (5.40pm), agus ar TG4 (7pm), craoltar 7 Lá ar TG4 uair sa tseachtain, bíonn nuacht ar líne ar an dá shuíomh gréasáin agus bíonn tuairiscí agus ábhar nuachta ar Raidió na Gaeltachta. Baineann buiséad na Nuachta leis an rannóg ar fad seachas le haon chlár faoi leith.”

Léiríonn tuarascálacha bliantúla RTÉ, áfach, gur tháinig laghdú ar an maoiniú a cuireadh ar fáil do sheirbhís nuachta TG4 le blianta beaga anuas. Titim nach mór €200,000 a tháinig ar an tacaíocht a chuir RTÉ ar fáil do sheirbhísí nuachta TG4 idir 2016 agus 2019 cé go raibh clár breise, 7 Lá, ag brath ar an maoiniú sin freisin ó 2018.

Dúirt RTÉ go raibh bearta ciorruithe costais curtha i bhfeidhm ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas ach go raibh an tábhacht a bhí le seirbhís nuachta Gaeilge a chur ar fáil léirithe sna buiséid a cuireadh ar fáil.

“Le blianta beaga anuas bhí dúshláin mhóra le sárú ag RTÉ de bharr ár ngéarchéim airgeadais agus b’éigean bearta ciorruithe costais a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta. Léiríonn na buiséid do Nuacht RTÉ/TG4 sa tréimhse sin an tábhacht leanúnach atá le seirbhís nuachta a chur ar fáil i nGaeilge.”

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag RTÉ fianaise a chur ar fáil do ráiteas go bhfuil méadú tagtha ar mhaoiniú Nuacht TG4'

  • S. Mac Muirí

    Is léir nach dtagann na huimhreacha caiteachais lena chuid giolcanna 28 agus 29/4/21:
    ‘… mar go bhfuil muid ag iarraidh an iriseoireacht Gaeilge a chosaint.’

    Níl dhéanann sé ciall TG4 agus RnaG a bheith sactha isteach i gcónaí faoi mhursantacht an eagrais bhéarla i nDomhnach Broc. Táid faoin stroimpín béarla soin rófhada.

  • Áine

    Go raibh maith agat Tuairisc agus leis na hiriseoirí atá ag déanamh na hoibre… léiriú tábhachtach ar an ngá atá le nuachtán Gaeilge atá sásta leanacht ag ceistiú seachas glacadh leis an ‘bhfírinne’ dár le heagraíochtaí éagsúla.