Gaeltacht Fhánada ar chlár nua turasóireachta

Teach Solais Fhánada i nGaeltacht Dhún na nGall i measc na dtithe solais atá ar chlár nua turasóireachta

Fanad_PR
Cionn Fhánada, Dún na nGall. Pictiúr: Andy McInroy

Tá Teach Solais Fhánada i nGaeltacht Dhún na nGall i measc na dtithe solais atá ar chlár nua turasóireachta a seoladh inné. Dhá theach solais déag ar fad a luaitear leis an gclár ‘Tithe Solais Móra na hÉireann’ a dhéanfaidh “ár n-oidhreacht mhara a cheiliúradh ar bhealach nach ndearna riamh cheana”.

Tá ionaid eolais agus turais treoraithe le cur ar fáil ag gach aon cheann de na tithe solais ó cheann ceann na tíre mar chuid den chlár. Táthar ag súil go bhfaighidh turasóirí léargas ar an stair agus an oidhreacht; ar an nádúr agus an timpeallacht; agus ar mhuintir na háite a bhaineann leis na tithe solais. Déanfar tithe lóistín de cheithre cinn acu – teach solais Fhánada ina measc.

Cosnófar agus caomhnófar an dá theach solais déag mar chuid den togra. Tá os cionn seachtó teach solais faoi chúram Choimisinéirí Soilse na hÉireann ar fud na tíre.

Sheol an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Paschal Donohoe an clár turasóireachta inné i gceannáras Choimisinéirí Soilse na hÉireann i nDún Laoghaire. Dúirt an tAire Donohoe go gcuirfidh an clár leis an méid atá bainte amach ag Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Sean-Oirthear na hÉireann go dtí seo.

“Is cúis bhróid dúinn uilig oidhreacht mhara na hÉireann. Tugtar deis dúinn leis seo an oidhreacht sin a cheiliúradh agus a roinnt le cuairteoirí agus lena chéile. Is comhthogra uathúil agus spreagúil é Tithe Solais Móra na hÉireann idir go leor daoine agus eagrais, a bhfuil scileanna ar leith acu, a tháinig le chéile leis an rud iontach seo a chruthú,” a dúirt sé ag an seoladh.

Chuir Yvonne Shields, Príomhfheidhmeannach Choimisinéirí Soilse na hÉireann ar stair na dtithe solais agus an chaoi ar athraíodh an úsáid a bhaintear astu. Dúirt sí go ndéanann an togra an stair, an dúchas agus oidhreacht sin a cheiliúradh agus go gcinntíonn sé go mbeidh na tithe ann.

“Tá Soilse Éireann ag obair ar fud an chósta le nach mór 250 bliain. Mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta agus na n-uathoibreán ní theastaíonn an sean-infreastruchtúr ag tithe solais a chabhraigh leis an loingseoireacht níos mó. Mar sin, tá réimse nua feidhmeanna á bhforbairt againn do na tithe sin agus is rogha soiléir í an turasóireacht chuige sin,” a mhínigh Shields.

Tá teach solais Fhánada 39 méadar ar airde agus cé gur rangaítear é i measc na tithe ‘farraige’ caitheann sé solas ar Loch Súilí freisin. Tógadh an teach tar éis don frigéad Saldana dul go tóin poill ar Chionn Fhánada sa bhliain 1812. Dúirt an Captaen Hill, ó Chabhlach na Breataine, nach mbeadh an long ar an ngrinneall dá mbeadh teach solais ar ‘Fannet Point’.

Ceadaíodh an teach solais sa bhliain 1814. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Chaitheadh solas seasta dearg amach ar an bhfarraige agus solas seasta bán ar an loch agus d’fheictí ó 14 amuigh é. Rinneadh athchóiriú ar an teach sa bhliain 1886. Cuireadh airde leis an túr agus cuireadh solas nua caochta ar a bharr.

Bhuail tintreach an teach i mí Nollag na bliana 1916 ach ní dhearna mórán dochair dó. Fuarthas réidh leis an solas gáis sa bhliain 1975 agus cuireadh solas leictreach ina áit. D’fhág fear deiridh an tí ar 30 Meán Fómhair 1983 agus rinnedh teach solais coimhdeach den áit.

Tá tacaíocht á cur ar fáil don togra trasteorann ‘Tithe Solais Móra na hÉireann’ ag an Aontas Eorpach. Beidh na tithe solais oscailte don phobal ó mhí Iúil na bliana seo ar aghaidh. Féach thíos liosta iomlán na dtithe solais atá mar chuid de Thithe Solais Móra na hÉireann:

Pointe Charraig an Rois, Dún na nGall

Cionn Fhánada, Dún na nGall

Reachlainn, Aontroim

An Rinn Dubh, Aontroim

Rinn Eoin, An Dún

Ceann Chill Mhantáin, Cill Mhantáin

Rinn Duáin, Loch Garman

Baile Choitín, Corcaigh

Ceann Dhún dTéide, Corcaigh

Ceann Dhairbhre, Ciarraí

Ceann Léime, An Clár

Cliara, Maigh Eo

Fág freagra ar 'Gaeltacht Fhánada ar chlár nua turasóireachta'