Fód an dúchais á sheasamh go mórtasach in Iorras

Níl insint ar áilleacht na radharcanna trá agus farraige ó Oileán Chloigeann go Béal an Mhuirthead agus amach Cuan an Fhóid Dhuibh, a deir ár gcolúnaí

Screen Shot 2015-04-02 at 20.54.03

Chuaigh mé abhaile go hIorras Dé Sathairn, mé lán de mhórtas agus sásaimh mar go raibh mo cheantar dúchais le gradam a fháil on Irish Times, á rá gurb í an áit is fearr in Éirinn ‘le dhul’fiáin’. Ar ndóigh, agus mise ag fás aníos ansin, chuaigh muid fiáin gach lá, ag dreapadh dumhacha agus ag rith agus spraoi ó cheann ceann an bhaile s’againne féin. Níor thuig muid, áfach, gur áit speisialta í agus go mbeadh dúil ag daoine eile sa bhfiántas sin.

Bhí an aimsir fiáin go maith agus mé ag sníomh siar le cois na hAbhann Móire ach níor bhain sin ó áilleacht na háite; bhí gleann agus sliabh fíorálainn agus thuigfeá cén fáth a raibh an file Séamas Mac Coscair croíbhriste faoi gan a bheith lena thaobh agus é ar imirce ón áit.

Ar dhul thar Dhún Dhónaill ag Gleann Chaisil dhom, d’athraigh an tírdhreach agus d’oscail radharc taibhsiúil amach romham. Ó Oileán Chloigeann go Béal an Mhuirthead agus amach Cuan an Fhóid Dhuibh, bhí trá agus farraige go haoibhinn. Don strainséar nó don bhuíon moltóir ar an gComórtas, caithfidh gur bhain an radharc seo an anáil dhíobh agus níl ansan ach fíorbheagán den áilleacht sa dúiche draíochtúil seo.

Más siúl, dreapadh, toraíocht, iascach nó spórt uisce is ansa leat, gan aon dabht seo an áit le theacht. Cé go bhfuil tionscail na turasóireachta á fhorbairt anseo, níl an áit millte agus is léir go dtuigeann na grúpaí éagsúla atá ag obair go dícheallach chun an ceantar a fhorbairt go bhfuil sin tábhachtach.

In Áras Inis Gluaire a tharla an bronnadh a bhí eagraithe ag Iorras Beo agus na grúpaí aitiúla eile. Má bhí mé mórtasach as an áit, ba mhór arís mo bhród as na Grúpaí Forbartha agus na gnónnna áitiúla a raibh taispeántas den scoth acu de na himeachtaí; an bia, na hostáin, na bialanna, an gailf chúrsa agus áiseanna eile atá ar fáil anseo. Ní eisimircí mar mé fhéin amháin a bhí ag ceiliúradh; bhí an pobal ar fad en-fete agus ag léiriú a dtacaíochta don obair atá déanta agus ag spreagadh na ngrúpaí, a lán acu deonach don obair atá fós le déanamh.

Gura fada buan iad go léir.

Fág freagra ar 'Fód an dúchais á sheasamh go mórtasach in Iorras'

  • Glór í Eo

    Agus tá súil agam gur chonaic tú an sraith Spiorad Iorrais ar TG4 le gairid. Ba mhór an ómós é don cheantair. :)