FÍSEÁN: ‘People who talk the Irish language, these guys don’t support you’ – an t-achrann teanga idir Khabib agus McGregor ag géarú

Tá ráite ag Khabib Nurmagomedov go mbeidh sé ag spochadh as Conor McGregor faoina easpa Gaeilge le linn a dtroda UFC Dé Sathairn

FÍSEÁN: ‘People who talk the Irish language, these guys don’t support you’ – an t-achrann teanga idir Khabib agus McGregor ag géarú

Tá taithí ag pobal na Gaeilge ar cheist na teanga a bheith á plé ag comhdhálacha, ag seimineáir, ar na meáin agus i dTithe an Oireachtais, ach údar iontais í a bheith lárnach sa saighdeadh idir trodaithe MMA roimh cheann de na babhtaí UFC is mó riamh.

Is amhlaidh atá, áfach, agus an t-aighneas faoi cheist na Gaeilge idir Khabib Nurmagomedov agus  Conor McGregor ag dul i dtreise roimh a mbabhta troda i Las Vegas Dé Sathairn.

Dhírigh Khabib ar cheist na Gaeilge arís aréir nuair a thug sé faoi lucht tacaíochta McGreogor a bhí ag déanamh faireach faoi ag seisiún oscailte traenála.

“I have a question for Ireland, What about your language? What about the Irish language? Where is your language right now? You guys change it? Please someone give me an answer. Are you guys with England right now?”

Khabib a chuir tús leis an achrann teanga nuair a mhaígh sé le déanaí gur Gaeilge seachas Béarla a labhródh McGregor dá mbeadh grá dáiríre aige dá thír, agus tá ráite anois ag fear na Rúise go mbeidh sé ag spochadh as McGregor faoina easpa Gaeilge le linn an troda féin Dé Sathairn.

Ní hamháin sin ach mhaígh Khabib ó shin nach mbeidh pobal na Gaeilge ag tacú le McGregor.

“I’m going to tell him, ‘Don’t give up, keep going, let’s go… With you are the Irish people who talk English, but [the people] who talk the real Irish language, these guys don’t support you but it’s okay – you can give up’!”, a dúirt Khabib agus é faoi agallamh ag Ariel Helwani, iriseoir mór le rá i saol na n-ealaíon comhraic measctha. 

Shéan McGregor, a d’fhreastail ar Ghaelscoil, nach raibh aon Ghaeilge aige nuair a casadh an bheirt ar a chéile ag preasócáid i Nua-Eabhrac le déanaí.

“I can speak Irish mate, I can speak my native tongue.

“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas? You know what that means? Can I take a s***e on the bus!” a dúirt McGregor, tagairt d’eachtra inar ionsaigh an tÉireannach agus a chriú bus ina raibh Nurmagomedov agus trodairí eile.

Tharraing McGregor an abairt chéanna faoin leithreas chuige féin trí bliana ó shin, an uair dheiridh a tugadh a dhúshlán Gaeilge a labhairt.

Ba í an t-iriseoir Máire Treasa Ní Cheallaigh a bhain cúpla focal Gaeilge as an trodaí an uair sin.

Mhaígh McGregor go raibh meirg ar a chuid Gaeilge ach mhaígh sé gur thuig sé gach a ndúradh leis.

Ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil aithne acu ar McGregor tá Tom Egan, trodaí MMA a d’fhreastail ar Choláiste Chois Life in éineacht leis agus a bhí ina spreagadh mór aige.

Dúirt Egan, ar Gaeilgeoir é féin, tamall de bhlianta ó shin go mbíonn sé ag iarraidh brú a chur ar McGregor níos mó Gaeilge a labhairt mar go raibh deis iontach aige an teanga a chur chun cinn.

“Tá an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm air agus bheinn ag súil le tuilleadh Gaeilge, agus tuilleadh buanna, a bheith ag teacht uaidh amach anseo,” a dúirt Egan.

Ní dócha go mbeidh an plé faoi chúrsaí Gaeilge chomh múinte sin, ach a dtabharfaidh McGregor agus Khabib aghaidh ar a chéile ag UFC 229 sa Ionad T-Mobile in Las Vegas Dé Sathairn.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘People who talk the Irish language, these guys don’t support you’ – an t-achrann teanga idir Khabib agus McGregor ag géarú'

  • Adam Lawson

    Is bloody hilarious é seo! ;,,,) Ag gáire chuig mo leaba a sheolfaidh an scéal seo mé anocht!

  • Pól Ó Braoin

    Aon seans ann go ngabhfadh Khabib ar aghaidh mar iarrthóir i rás na huachtaránachta anseo abhus…