‘If you love your country, you have to speak your language’ – achrann idir Nurmagomedov agus McGregor faoi cheist na Gaeilge

Tá ag géarú ar an aighneas idir Khabib Nurmagomedov agus Conor McGregor faoi chúrsaí teanga agus an bheirt ag maslú a chéile roimh a mbabhta UFC Dé Sathairn

‘If you love your country, you have to speak your language’ – achrann idir Nurmagomedov agus McGregor faoi cheist na Gaeilge

Tá ráite ag an trodaí MMA a thabharfaidh aghaidh ar Conor McGregor Dé Sathairn nach bhfuil grá dá thír dáiríre ag an Éireannach toisc nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige.

Dúirt Khabib Nurmagomedov nach dtuigeann sé ach thart ar a leath dá mbíonn á rá ag McGregor leis agus gur aisteach leis go mbíonn an trodaí as Baile Átha Cliath ag déanamh gaisce as a chuid Éireannachais agus gan an Ghaeilge ar a thoil aige.

“Ní thuigim é, a theanga. Bíonn sé ag rá ‘Ó, bíonn muide ag troid le hImpireacht Shasana’, ach má bhíonn tú ag troid le hImpireacht Shasana cén fáth go mbíonn tú ag labhairt as Béarla.

“Tá a dteanga féin acu in Éirinn, ach i mBéarla amháin a labhraíonn sé [McGregor] agus ní thuigim a chuid Béarla. Tá a fhios agam nach bhfuil mo chuid Béarla féin chomh maith sin agus go bhfuil mo chuid Béarla beagáinín craiceáilte ach tuigeann gach duine mo chuid Béarlasa. Ach a chuid Béarla siúd?

“Ag an bpreasócáid, thuig mé 50 nó 60% dá raibh le rá aige… Más ag trácht ar mo theangasa sinn… tá Rúisis, Béarla agus Araibis agam. Táim ábalta go leor teangacha a labhairt.

“Ní labhraíonn sé siúd ach an t-aon teanga amháin agus bíonn sé ag rá ‘Ó, bíonn muide ag troid le hImpireacht Shasana’, ach cad a tharla do do theanga féin?

“Má tá grá agat do do thír, ní mór duit do theanga a labhairt. An amhlaidh nach bhfuil uait ach teacht i láthair agus a rá gur Éireannach tú agus an brat a thabhairt leat ach gan labhairt do theanga féin a bheith agat. Béarla a labhraíonn tú,” a dúirt Khabib Nurmagomedov agus é faoi agallamh ar ESPN.

Shéan McGregor nach raibh aon Ghaeilge aige nuair a casadh an bheirt ar a chéile ag preasócáid i Nua- Eabhrac le déanaí.

“I can speak Irish mate, I can speak my native tongue.

“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas? You know what that means? Can I take a s***e on the bus!” a dúirt McGregor, tagairt d’eachtra inar ionsaigh an tÉireannach agus a chriú bus ina raibh Nurmagomedov agus trodairí eile.


‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – ceachtanna (folaithe) gramadaí Conor McGregor


Tharraing McGregor an abairt chéanna faoin leithreas chuige féin trí bliana ó shin, an uair dheiridh a tugadh a dhúshlán Gaeilge a labhairt.

Ba í an t-iriseoir Máire Treasa Ní Cheallaigh a bhain cúpla focal Gaeilge as an trodaí an uair sin.

D’admhaigh McGregor, a d’fhreastail ar Ghaelscoil,  go raibh meirg ar a chuid Gaeilge ach mhaígh sé gur thuig sé gach a ndúradh leis. 

Tabharfaidh McGregor agus Nurmagomedov aghaidh ar a chéile ag UFC 229 sa Ionad T-Mobile in Las Vegas Dé Sathairn.

Fág freagra ar '‘If you love your country, you have to speak your language’ – achrann idir Nurmagomedov agus McGregor faoi cheist na Gaeilge'

  • teaimiteaim

    Scailéithean, mustar agus tollmhóire is ea MacGregor. Tá an ceart ag Nurmagomedov agus is maith é chun dúshlán McGregor a thabhairt. Tá bunáite mhuintir na hÉireann ar an dul céanna: Éireannaigh go bundún ach gan aon bheann acu ar an dteanga. Sea d’fhreastail sé ar Ghaelscoil….áit a bhfoghlaimítear ‘Gowaylge’.