‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – ceachtanna (folaithe) gramadaí Conor McGregor

Is le barr magaidh a tharraingíonn an foghlaimeoir Gaeilge nár éirigh leis a bhó a chur thar abhainn an nath thuas chuige féin, ach tharlódh go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge aige ná mar a thaibhsítear dó féin

 

mcgregor cartoon cropped

Le teann spraoi agus magaidh a tharraingíonn lucht an bheagáin focal chucu féin an sean-nath caite ranga ‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ (féach an físeán thíos – 3 nóiméad 57 soicind ar aghaidh), ach dála go leor eile, is beag machnamh atá déanta acu ar a oiread struchtúr gramadaí atá le fáil sa chlásal éalaithe seo agus a oiread a chuirfeadh sé lena gcuid Gaeilge ach scrúdú géar a dhéanamh air.

Abair do rogha rud faoi Conor McGregor ach bhí sé sásta triail a bhaint as cúpla focal Gaeilge a labhairt le Máire Treasa Ní Cheallaigh ar Nuacht TG4 an lá cheana.

Ag iompú di ar Ghaeilge na scoile, d’fhiafraigh Ní Cheallaigh, cainteoir agus iriseoir breá, d’fhiafraigh sí de Conor seo againne ‘conas atá tú?’ (an eol d’éinne beo cad ina thaobh nár múineadh an leagan Gaeltachta “Conas ‘tánn tú?” dúinn ar scoil? Ní heol domsa).

Seo le Conor ag iarraidh cúpla focal a rá, ag míniú dúinn gur “le mo c[h]os” a gheobhadh sé an ceann is fearr ar a chéilí comhraic. Dá stadaí a chuid cainte, m’anam go dtáinig luas fúithi nuair a chuaigh sé i muinín an tsean-nath ranga “An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?”.

Féachaimis go grinn ar an abairt seo, a léitheoir, mura miste leat.

Tá briathar ann agus é á chur ag obair san fhoirm cheisteach (‘an bhfuil’); tá dhá ainmfhocal ann (‘cead’ agus ‘leithreas’); tá forainm réamhfhoclach ann, ‘agam’ – arb é a dhéantús-san ‘ag’ + ‘mé’, is é sin, réamhfhocal móide forainm; tá réamhfhocal leis féin ann (‘go dtí’); agus i lár baill, tá beithíoch ann a dtugtar ainm briathartha (‘dul’) air.

Dá mba ag iarraidh dul chuig cluiche a bhí Conor seo againne, d’fhiafródh sé ‘an bhfuil cead agam dul go dtí an cluiche?’ (seachas an leithreas). Dá mbeadh comhluadar ó Conor, b’fhéidir go bhfiafródh sé de dhuine dá chairde nuaphósta “An bhfuil cead AGAT dul go dtí an cluiche?”. Abraimis go dtabharfaí beannacht dá chara dul i dteannta Conor go dtí an cluiche an fhaid is nach mbeadh sé ag ól, b’fhéidir go ndéarfadh Conor leis “An mBEADH cead agat dul go dtí an cluiche?” agus an coinníoll sin á leagan síos.

Conas a bheadh cúrsaí dá dtabharfaí na haimsirí agus na modhanna go léir isteach sa scéal de réir a chéile? Cad a tharlódh dá ndéanfaí scagadh níos mó ar an mbriathar agus ar na slite éagsúla inar féidir é a chur i bhfeidhm sa chaint agus sa scríobh: le ráiteas (Bhí/Tá/Bíonn/Beidh/Bheadh/Bhíodh); le ceist (An raibh/an bhfuil/an mbeidh/an mbeadh/an mbíodh); le caint indíreach san fhoirm dhearfach agus san fhoirm dhiúltach (go raibh/nach raibh; go bhfuil/nach bhfuil etc).

Tugtar faoi deara gurb ionann an fhoirm dhiúltach den chaint indíreach (‘claoninsint’) agus an fhoirm dhiúltach de cheist sa Ghaeilge, e.g. ‘nach bhfuil tú ag dul go dtí an leithreas/cluiche (nó áit/imeacht ar bith eile)?’

Cé mar a thaitneodh sé le Conor agus a chomrádaí dá dtabharfaí slám daoine eile isteach sa scéal sa tslí is go rachfaí trí na forainmneacha réamhfhoclacha ar fad (aige, aici, againn, agaibh, acu)? Conas a bheadh an scéal acu dá ndéanfaí na foirmeacha sin a threisiú i dtreo is go mbeadh ‘agamSA’, ‘agatSA’ ann – dhá leagan a bhíonn ag foghlaimeoirí de ghnáth – ach go ndéanfaí amhlaidh leo ar fad (aigeSEAN/aige sin, aicISE/aici sin etc)?

Ar ghá gur i dtaobh le ‘cead’ nó leis an réamhfhocal ‘ag’, agus leis na focail sin amháin, a bheifí? Níor ghá, ambaist.

Mura mbeadh Conor ag iarraidh éalú ón rang Gaeilge, seans gur i ndáiríre a bheadh sé dá ndéarfadh sé leis an múinteoir go gcaithfidh sé a mhún a dhéanamh. Sa chás sin, is mar seo a bheadh an comhrá idir é féin agus ise, shamhlóinn:

“Eh….an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?”

“Bheul, braitheann sé, a Chonchúir; an bhfuil FONN ORT dul go dtí an leithreas? WOAHHHHHHHH!!

Dá mbeadh Conchúr ag iarraidh a bheith beagán dána – mar is dual dó a bheith – b’fhéidir go ndéarfadh sé mar mhagadh leis an múinteoir “An bhfuil fonn ortSA TEACHT liom, a mháistreás?” (rang do dhaoine fásta é seo, dar ndóigh).

Don té a bheadh ag iarraidh canúintí an tuaiscirt a thabhairt leis, ní bheadh de dhifear idir a bhfuil thuas agus leagan na gcanúintí sin ach ‘a dhul’ nó ‘a theacht’ in áit ‘dul’ agus ‘teacht’. Níl sé sin róchasta, an bhfuil?

Breac síos an bhunabairt ‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’, a léitheoir, agus bí ag athrú leat; cuir isteach aimsirí difriúla, briathra éagsúla, do rogha réamhfhocal, forainm réamhfhoclach, ainmfhocal nó ainm briathartha, múnlaithe as an struchtúr céanna.

B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort a oiread abairtí a chumfá a d’fhéadfadh foghlaimeoir cúthaileach a rá go líofa tar éis tamaill.

Níor airigh mise aon fhoghlaimeoir ag rá an natha thuas go stadach. Ar airigh tusa?

Fág freagra ar '‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – ceachtanna (folaithe) gramadaí Conor McGregor'