FÍSEÁN: An ‘cúpla focal’ Gaeilge in armlón Conor McGregor

Deir McGregor go bhfuil meirg ar a chuid Gaeilge ach go dtuigeann sé fós í

Labhair an trodaí UFC Conor McGregor Gaeilge le Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir Nuacht TG4/RTÉ, ag ócáid phreasa in Ionad Tionóil Bhaile Átha Cliath inniu. D’éirigh le Ní Cheallaigh cúpla focal Gaeilge a bhaint as an trodaí a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge i dTamhlacht agus i Leamhcán sular bhain sé a cháil amach i gcró an UFC.

“Ní raibh sé pleanáilte againn leis ar chor ar bith. Dúradh liom ar maidin gur ar Ghaelscoil a chuaigh sé agus dúirt mé liom féin go gcuirfinn an cheist. ‘Má labhraíonn sé liom, labhraíonn sé liom mura labhróidh, tá sé sin togha’, a dúirt mé liom féin. Bhí sé ag streachailt ach fair play dhó, rinne sé an-iarracht agus bhí sé foighdeach. Thóg sé tamall air ach d’fhreagair sé mé,” a dúirt Máire Treasa Ní Cheallaigh  le Tuairisc.ie

Admhaíonn McGregor féin go bhfuil meirg ar a chuid Gaeilge ach mhaígh sé gur thuig sé gach a ndúradh leis. Caithigí súil ar an bhfíseán thíos.

 

An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas – Ceachtanna (folaithe) gramadaí Conor McGregor

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An ‘cúpla focal’ Gaeilge in armlón Conor McGregor'