FÍSEÁN: Gaeilge amháin ag an Ombudsman Eorpach i bParlaimint na hEorpa

Agus í ag trácht ar a tuarascáil bhliantúil, dúirt Emily O’Reilly gur shocraigh sí Gaeilge a labhairt ó tharla lánstádas a bheith ag an teanga san AE ó thús na bliana seo

FÍSEÁN: Gaeilge amháin ag an Ombudsman Eorpach i bParlaimint na hEorpa

An tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, an duine is déanaí a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa i ndiaidh don teanga lánstádas a bhaint amach san AE ag tús na bliana.

I nGaeilge a bhí oráid Emily O’Reilly agus í ag caint faoina tuarascáil bhliantúil nua.

“Ós rud é gur teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge ó thús na bliana, is breá liom labhairt as Gaeilge anocht,” arsa Ombudsman na hEorpa i dtús a cuid cainte.

Chuir feisirí na Parlaiminte in Strasbourg fáilte roimh an tuarascáil, a dhíríonn cuid mhór ar cheist na trédhearcachta san Aontas le linn na paindéime.

“Cé go raibh ar an Aontas Eorpach gníomhú go tapaidh, ag an am céanna bhí sé fíor-riachtanach cloí go daingean leis an trédhearchacht agus an chuntasacht ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag saoránaigh ar an mbealach a ndéantar cinntí,” a dúirt Emily O’Reilly. 

I measc na gcásanna atá faoi chaibidil sa tuarascáil bhí cás Frontex, áisínteacht teorann an AE, ar deineadh líomhaintí tromchúiseacha fúithi maidir le cúrsaí cearta daonna agus trédhearcachta.

Dhírigh an tOmbudsman chomh maith ar cheisteanna a bhain le soláthar faisnéise don phobal, le heaspa trédhearcachta i leith cainteanna de chuid an AE agus le cosaint sonraí.

Ón 1 Eanáir tá lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile.

Moladh i nGaeilge reachtaíocht nua den chéad uair i bParlaimint na hEorpa ag deireadh na míosa seo caite.

An Feisire Parlaiminte Seán Kelly a mhol an leasú i nGaeilge agus an cead sin aige ó tháinig deireadh le maolú na Gaeilge.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Gaeilge amháin ag an Ombudsman Eorpach i bParlaimint na hEorpa'

  • Pat Butler

    Bullaí mná!

    Léimt shuntasach chun tosaigh tugtha ag Emily O’Reilly don nGaeilge. Raibh coinne ag éinne le seo uaithí?

    Tá deireadh go deo tugtha don ‘gcúpla focalachas’ aici in aon bhuille amháin.

    Mó ghreidhn thú a Emily. Gael na bliana, go nuige seo gan dabht.

    Ó Thuaidh! Hup!

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Beart de réir a briathair. Maith thú, Emily!!

  • Breathnóir1

    Tá sé deas an Ghaeilge a fheiceáil agus í in úsáid ag na leibhéil is airde san Eoraip. Maith í an tOmbudsman céanna.

  • Brigid

    Ar fheabhas!

  • Treiseléieoir

    Treise leat, a Emily! Sin díreach an rud a theastaíonn: An Ghaolainn a úsáid le cur in iúl don saol mór – is do mhuintir na hÉireann, go háirithe – gur teanga bheo í, seachas an fo-shmaoineamh bocht san atá inti dar le haos polaitíochta na hÉireann, agus le haos cultúir na tíre leis. Is cosúil nach bhfuil seans dá laghad ann go gcloisfí Teachtaí Dála an tírín bhig seo ag labhairt aon teanga seachas an Sacs-Bhéarla, ach táim ag súil go mór le tuilleadh Gaolainne a chlos ó Emily agus ósna daoine eile atá ag obair san Eoraip amach annso.

  • Pádraig O'hEipicín

    Maith thú, Emily.

  • Colm Ó hAnluain

    Iontach ar fad, ní amháin an Ghaeilge a chloisint á labhairt, ach an méid a bhí le rá ag an ombudsman féin. Ag tnúth go mór le níos mó a chloisint amach anseo.

  • Mairéad

    Go méadaí Dia do stór Emily. Is maith a dhéanfadh roinnt de na firiní atá lárnach i saol na Gaeilge nó ceapaithe a bheith foghlaim uait. Béarla go smior iontu ar phingineacha móra & drochbhail ar an nGaeilge dá mbarr.

  • Seán Mistéil

    Bhí meas agam ar Emily le fada an lá. Ard bhean!

    Súil agam go gcuirfear deireadh le “cúpla focalachas” mar atá ráite ag Pat. Ach ba mhaith liom sin a fheiceáil go luath os comhair an phobail anseo chomh maith agus i dTithe an Oireachtais!!

  • Seán Ó Raghallaigh

    Áthas an domhain orm an ráiteas as Gaeilge ó Emily a chloisteáil. Tréaslaím léi ó mo chroí. Nár lagaí Dia í!

  • majella kavanagh

    ni gan ionadh go bhfuil an bearla ag fail bua ar na teangacha eile nuair nach bhfuil focal gaeilge ann ar ”ombudsman”. an focal laidin e? no cen ciall ata ann. nil aon foirm baininscineach air. ba mhor an geit a bhaineadh asam nuair a leigh me an piosa ar an fhraincis. is leir go bhfuil an-tionchur ag an ”pop”-cultur, cultuir na meain-cumarsaide sa la ata inniu ann. nuair a thosnaigh me an fhraincis a fhoghlaim in 1973 bhi ”le weekend” et ”le shopping” ag leathnu. maith dom na dearmadtai l d t mar chaitheas 20 bliana ag foghlaim ach theip orm i ngaeilge s tir eolas i ma nuad 40 bliana o shin agus tar eis sin bhinn 20 blaina ag lofa ar an bhfeirm. is feirmeoir uafasach me. sin an fath a ndeacaigh me ar scoil le tamall fada. ach nil aon dul as. taim as cleachtadh ach taim ag iarraidh feabhais a chur ar mo chuid ghaeilge. is deacair an rud e. deirim le chara ”nuair a mbionn rud tabhachtach le ra agam, caithfidh me e a ra as bearla. slan s beannacht.