Lánstádas feasta ag an nGaeilge san AE, í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile

Tiocfaidh deireadh ag meán oíche anocht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE agus meastar go dtiocfaidh méadú 70% ar an méid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún Eorpach

Lánstádas feasta ag an nGaeilge san AE, í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile

Ó mheán oíche anocht, beidh lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus beidh sí ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile.

An uair sin a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur céim “ríthábhachtach i bhforbairt agus todhchaí na Gaeilge” a bhí ann.

In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.

Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.

Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.

In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.

Meastar go dtiocfaidh méadú 70% ar an méid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún nuair a bheidh deireadh leis an maolú. Ón lá seo amach, beidh ar na hinstitiúidí́ “a bheith ullamh chun freastal ar gach éileamh i dtaca le reachtaíocht a aistriú go Gaeilge” a deirtear.

Beidh dualgas freisin ón lá inniu gach comhaontú idirnáisiúnta a fhoilsiú i nGaeilge agus beidh i bhfad níos mó de na cáipéisí ina dtugtar eolas faoi obair an Aontais le haistriú.

De réir mheastachán an Choimisiúin, ráineodh go dtiocfadh méadú faoi dhó ar líon na gcáipéisí den sórt sin a chaithfear a aistriú.

Tá comórtais earcaíochta á reáchtáil ag an AE do Ghaeilgeoirí ó 2016 i leith d’fhonn cur le líon na n-aistritheoirí atá ag obair d’institiúidí an aontais.

Bhí sé ina imní go mbeadh deacracht ag an AE dul i ngleic leis an saothar breise Gaeilge a bheidh le déanamh nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas.

Ach an Coimisiún Eorpach go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge ag an AE chun an t-ualach mór breise aistriúchán Gaeilge a bheidh orthu a láimhseáil feasta, cé gur údar buairimh é gur baill foirne shealadacha iad breis agus leath de na haistritheoirí Gaeilge.

Táthar ag súil go mbeidh timpeall 200 ag plé leis an aistriúchán Gaeilge don AE i mbliana agus go mbeidh “an líon foirne ag teacht le líon foirne fhormhór na dteangacha oifigiúla eile”.

Níor éirigh ach le deichniúr aistritheoirí agus naonúr cúntóirí i gcomórtais a reáchtáladh in 2017, agus 15 aistritheoir agus triúr dlítheangeolaithe a earcaíodh in 2019.

I mí Feabhra 2020 eagraíodh comórtas le haghaidh aistritheoirí ar chonradh gníomhaire shealadaigh a mbeadh an rogha acu a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinsigh i gContae na Mí. D’éirigh le 50 aistritheoir sa chomórtas, agus tá timpeall 20 acusan fostaithe.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go ndaingneodh lánstádas na Gaeilge “an caidreamh idir an saoránach agus córais riaracháin Eorpacha”.

“In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór anois,” arsa Chambers.

Dúirt sé go raibh “creidiúint nach beag” tuillte  ag institiúidí na hEorpa agus ag foireann Roinn na Gaeltachta as an obair a dhéanamh chun deireadh a chur leis an maolú.

 

Fág freagra ar 'Lánstádas feasta ag an nGaeilge san AE, í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    https://mobile.twitter.com/Fhlannchadha/status/1476927564312686596

    Ná dearmadtar an feachtas pobail faoi deara Stádas an chéad lá riamh.

  • Pól

    Is deas an rud é stádas ceart bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip. An chéad rud eile atá le déanamh ná stádas ceart a bhaint amach in Éirinn di.
    Tá orainn an Ghaeltacht a líniú amach in athuair agus gan ach na háiteacha ina bhfuil sí fós beo sa bpobal a chur san áireamh. D’imeodh líon céatadánach na gcainteoirí Gaeige sa bhfíorGaeltacht suas de léim seachas fuinneamh agus am a chaitheamh amú sna háiteacha ‘gaeltachta’ nach labhartar focal Gaeilge iontu. Níl an oiread sin ama fanta againn le rud fóinteach a chur i gcrích…

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    23h00 inniu GA ina teanga oifigiúil oibre den 🇪🇺 gan mhaolú, leithscéal, cíos, cás ná cathú. An gnó céanna le tabhairt i gcríoch in 🇮🇪 san blianta beaga amach romhainn.

  • Pól

    Is deas an rud é stádas ceart bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip. An chéad rud eile atá le déanamh ná stádas ceart a bhaint amach in Éirinn di.

  • an Teanga Bheo

    Chaith maid troid ar ashon