200 duine a bheidh ina n-aistritheoirí Gaeilge san AE faoi dheireadh na bliana

Deir an Coimisiún Eorpach go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge acu chun tabhairt faoin obair bhreise a bheidh le déanamh acu nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge mí Eanáir 2022

200 duine a bheidh ina n-aistritheoirí Gaeilge san AE faoi dheireadh na bliana

Deir an Coimisiún Eorpach go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge ag an AE chun an t-ualach mór breise aistriúchán Gaeilge a bheidh orthu a láimhseáil feasta.

Bhí sé ina imní go mbeadh deacracht ag an AE dul i ngleic leis an saothar breise Gaeilge a bheidh le déanamh nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas ag deireadh na bliana seo.

Ach de réir tuarascála nua ón gCoimisiúin Eorpach beidh dóthain acmhainní ag institiúidí an AE chun an obair a dhéanamh, cé gur údar buairimh é gur baill foirne shealadacha iad breis agus leath de na haistritheoirí Gaeilge.

De réir na tuarascála tháinig méadú́ faoi thrí ar an méid ábhair a aistríodh go Gaeilge idir 2016 agus 2021. Mhéadaigh líon na mball foirne Gaeilge ó 58 in 2016 go 138 in Aibreán na bliana seo.

Táthar ag súil go mbeidh timpeall 200 ag plé leis an aistriúchán Gaeilge don AE faoi dheireadh na bliana agus go mbeidh “an líon foirne ag teacht le líon foirne fhormhór na dteangacha oifigiúla eile.

Údar imní don Choimisiún áfach gur daoine atá fostaithe ar chonarthaí sealadacha iad 56% de na haistritheoirí Gaeilge.

Tá sé i gceist comórtais bhreise earcaíochta a reáchtáil chun go mbeadh níos mó buaine ag baint leis an bhfoireann.

Tá comórtais earcaíochta á reáchtáil ag an AE do Ghaeilgeoirí ó 2016 i leith d’fhonn cur le líon na n-aistritheoirí.

Níor éirigh ach le deichniúr aistritheoirí agus naonúr cúntóirí in 2017, agus 15 aistritheoir agus triúr dlítheangeolaithe in 2019. Tá comórtais d’aistritheoirí Gaeilge don Choimisiún, don Chomhairle agus don Pharlaimint, chomh maith le comórtas do phrofléitheoirí agus eagarthóirí don Pharlaimint agus don Chúirt Bhreithiúnais ar siúl faoi láthair.

I mí Feabhra 2020 eagraíodh comórtas le haghaidh aistritheoirí ar chonradh gníomhaire shealadaigh a mbeadh an rogha acu a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinsigh i gContae na Mí. D’éirigh le 50 aistritheoir sa chomórtas, agus tá timpeall 20 acusan le hearcú roimh dheireadh na bliana seo.

2016 2017 2018 2019 2020 Aibreán
2021
Faoi dheireadh 2021 (réamhaisnéis)
Foireann 58 80 101 123 138 138 +/- 200
An sciar d’fhoireann shealadach 57% 45% 56% 53% 60% 56% [N/Bh]

 

Táthar ag súil 60 ball foirne breise a earcú trí na comórtais éagsúla roimh dheireadh na bliana.

D’fhágfadh sin go mbeadh nach mór 200 Gaeilgeoir ag obair i gcúrsaí aistriúcháin in institiúidí an Aontais. Baill foirne shealadacha a bheadh in os cionn leath acu. 60% den fhoireann i seirbhís aistriúcháin Ghaeilge an Choimisiúin atá sealadach agus ag obair ar bhonn sealadach atá na Gaeilgeoirí go léir atá ag saothrú sa réimse sin sa Chúirt Bhreithiúnais.

Ó 2020 i leith tá conarthaí́ á n-aontú ag an gComhairle le comhlachtaí aistriúcháin seachtracha chun tabhairt faoi chuid den obair aistriúcháin Ghaeilge a bhíonn le déanamh ag Parlaimint na hEorpa.

In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Tugadh an stádas sin don teanga ón 1 Eanáir 2007. Den chéad uair bhí córas úrnua teanga le cur ar bun ag an AE do thír a bhí cheana féin ina ballstát den Aontas. Fógraíodh go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.

Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis go dtí an 31 Nollaig 2016.

In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.

Meastar go dtiocfaidh méadú 70% ar an méid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún nuair a bheidh deireadh leis an maolú. Faoi dheireadh 2021, beidh ar na hinstitiúidí́ “a bheith ullamh chun freastal ar gach éileamh i dtaca le reachtaíocht a aistriú go Gaeilge” a deirtear.

Beidh dualgas freisin ón 1 Eanáir 2022 gach comhaontú idirnáisiúnta a fhoilsiú i nGaeilge agus beidh i bhfad níos mó de na cáipéisí ina dtugtar eolas faoi obair an Aontais le haistriú.

De réir mheastachán an Choimisiúin, ráineodh go dtiocfadh méadú faoi dhó ar líon na gcáipéisí den sórt sin a chaithfear a aistriú.

Fág freagra ar '200 duine a bheidh ina n-aistritheoirí Gaeilge san AE faoi dheireadh na bliana'

  • Tom Stewart

    I gcead don iriseoir, níl an ceannlíne cruinn. Níl sé fíor a rá go mbeidh 200 aistritheoir ann.

    Ó thuarascáil an Choimisiúin: “Irish-language staffing levels in the EU institutions … Forecast by the end of 2021 … +/- 200”

    Mar chuid den líon seo tá cúntóirí, dlítheangeolaithe, bainisteoirí, comhordaitheoirí, profléitheoirí, ateangairí, etc.

  • Seán Mag Leannáin

    Féach an t-alt thíos a foilsíodh i dTuairisc ar 28 Eanáir i mbliana. Léirigh an anailís san alt sin nach raibh ach 88 post sa státseirbhís anseo, as an 25,000 post san iomlán, a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil dóibh. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara. Mar a deir lucht an ghrinn, ní fhéadfá é a chumadh!
    “Is iad na ranna nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”
    Is fiú smaoineamh air: cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí – an Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – níl oiread agus post amháin sa roinn, a bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth dó.
    “Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.”
    Léann muid anois go mbeidh 200 post do Ghaeilgeoirí san AE sula i bhfad agus tá comparáid shearbhasach á déanamh ag roinnt tráchtairí idir an líon foirne seo agus an 88 post sa státseirbhís abhus. Ceapaim nach bhfuil sé seo cothromach. Níl an fhadhb san AE – tá an fhadhb sa státseirbhís anseo.
    Leis an fhírinne a rá is deargsheafóid, nó déantús meamráiméise de chuid na státseirbhíse, é an figiúr seo 88 post. Caithfidh tú cuimhneamh nach bhfuil Gaeilge riachtanach fiú do na hoifigigh idirghabhála (liaison) leis an gCoimisinéir Teanga sna Ranna éagsúla! An chuid is mó díobh siúd níl Gaeilge líofa acu. Smaoinigh air – tá muid chomh dáiríre faoi chúrsaí Gaeilge sa Roinn s’againne nach gcuireann muid an stró orainn féin Gaeilgeoir amháin a aimsiú i measc na mílte fostaí anseo chun déileáil le hOmbudsman na Gaeilge i nGaeilge!

    https://tuairisc.ie/seisear-airi-rialtais-ag-maiomh-nach-bhfuil-fiu-post-amhain-ina-ranna-ar-ga-gaeilge-a-bheith-ag-duine-lena-dheanamh/