Leasú i nGaeilge molta den chéad uair ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa

Deir Conradh na Gaeilge go n-ardaíonn lánstádas na teanga thall ceisteanna do pholaiteoirí abhus

Leasú i nGaeilge molta den chéad uair ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa

Seán Kelly, MEP. Pic: INPHO/James Crombie

Tá leasú i nGaeilge molta den chéad uair ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa.

An Feisire Parlaiminte Seán Kelly a mhol an leasú i nGaeilge agus an cead sin aige ó bronnadh lánstádas ar an nGaeilge san AE i dtús na bliana.

Baineann an leasú féin le dréacht-tuairim an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta maidir le cosaint an iltaobhachais.

Thréaslaigh Conradh na Gaeilge a leasú leis an bhfeisire de chuid Fhine Gael, ar cainteoir líofa Gaeilge é.

Mhol Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Kelly as “feidhm phraiticiúil” a thabhairt don stádas breise atá ag an nGaeilge san AE

“Is an-léiriú é seo ar thoradh an fheachtais a throid pobal na Gaeilge chun aitheantas iomlán don Ghaeilge a bhaint amach san AE.

“Is léiriú é freisin go bhfuil áit anois ag an Ghaeilge san Eoraip agus í ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbainfidh níos mó d’fheisirí Eorpacha na hÉireann leas as lánstádas na Gaeilge agus reachtaíocht á cur chun cinn acu i bParlaimint na hEorpa.

“Tá súil againn freisin go gcuirfear leis an mhéid Gaeilge a bheidh á labhairt ag na Baill i bParlaimint na hEorpa agus sna Coistí Oibre,” arsa Niall Comer.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge,  go raibh sé tábhachtach go mbeadh “ceannasaíocht i leith na teanga á léiriú ag ár n-ionadaithe poiblí agus go mbeadh an Ghaeilge á húsáid acu”.

Dúirt Mac Fhlannchadha gur ardaigh stádas na teanga thall ceisteanna do pholaiteoirí abhus.

“Tá sé íorónta áfach gur mó stádas atá ag an nGaeilge anois i bParlaimint na hEorpa nó mar atá aici i nDáil Éireann, gan trácht ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Caithfidh Rialtas na hÉireann gníomhú gan mhoill chun é seo a chur ina cheart.”

Ón 1 Eanáir tá lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile.

Ar an 1 Eanáir a tháinig deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Fág freagra ar 'Leasú i nGaeilge molta den chéad uair ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Ní dóigh liom go raibh mórán faoin scéal seo ar RTE nuair a tharla sé. Chonaic mé an nuacht seo don chéad uair anseo! Chuardaigh mé ar suíomh RTE agus níorbh fhéidir liom teacht ar aon trácht air. Sin tuar den fhadhb atá againn is dócha.