Beidh Féile Thomáis Bháin ar siúl Dé Domhnaigh, 16 Márta in Inis Meáin. Ceiliúradh in ómós do Thomás Bán Ó Coincheanainn atá sa bhféile seo atá á heagrú ag Cartlann Chonradh na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhlacht Forbartha Inis Meáin agus Roinn na Gaeltachta. Déanfar comóradh ansin ar shaol Uí Choincheanainn agus ar an méid a rinne sé ar son ghluaiseacht Athbheochana na Gaeilge.
Tabharfaidh na saineolaithe an Dr Colm Mac Gearailt agus an Dr Deirdre Ní Chonghaile léachtaí agus iad ag roinnt a léargas ar shaol agus ar thionchar na hoibre a rinne Ó Coincheanainn ar dhán Chonradh na Gaeilge agus na teanga. Beidh ceol nuachumtha le Risteárd Ó hAodha le cloisteáil ag an bhféile freisin. Cuirfear na himeachtaí ar bun ón 12:00 i.n. go dtí a 4:00 i.n. i Halla Naomh Eoin in Inis Meáin.
Bhí Tomás Bán an-ghníomhach i mbunú agus i ndaingniú scéim timireachta Chonradh na Gaeilge i laethanta luatha na heagraíochta. Rugadh é in Inis Meáin sa mbliain 1870. Fear gnó a bhí ann freisin a rinne go leor taistil ar fud Mheiriceá, Cheanada agus Mheicsiceo.
Scríobh Pádraic Ó Cléirigh i dtuairisc ar shaol Uí Choincheanainn a foilsíodh san iris Feasta gur le linn dó a bheith i gcathair Mheicsiceo a chonaic sé Gaeilge scríofa den chéad uair san iris An Gaodhal a d’fhoilsíodh Micheál Ó Lócháin.
Tháinig sé abhaile ar cuairt go hInis Meáin sa mbliain 1898 mar go raibh a mháthair tinn. Bhí sé de rún aige filleadh ar Mheiriceá, ach chuir sé suim in obair Chonradh na Gaeilge fad is a bhí sé sa mbaile. Casadh Pádraig Mac Piarais air in Inis Meáin agus bhunaigh siad craobhacha den chonradh ar an oileán, i gCill Rónáin agus ar Inis Oírr.
Fág freagra ar 'Féile Thomáis Bháin ar Inis Meáin'