Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn don aonú bliain déag

Déanann Féile na bhFlaitheartach comóradh ar shaol agus ar shaothar na scríbhneoirí Liam agus Tomás Ó Flaithearta

Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn don aonú bliain déag

Cuirfear tús Dé Sathairn seo chugainn le Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn.

Seo í an t-aonú bliain déag den fhéile seo a dhéanann comóradh ar shaol agus ar shaothar na scríbhneoirí Liam agus Tomás Ó Flaithearta.

Ar na gnéithe suimiúla a bheas i bhféile na bliana seo beidh crochadh meáchain. Mullán de chloch atá in aice leis an teach inar tógadh na Flaitheartaigh atá i gceist. Tá an mullán seo 173 cileagram meáchain.

Scríobh Liam Ó Flaithearta gearrscéal faoin gcloch chéanna dar teideal ‘The Stone’. D’aistrigh Micheál Ó Conghaile é agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht é sa leabhar Rogha Scéalta.

Cur síos atá ann ar sheanfhear a bhí a cheapadh go mbeadh sé in ann an chloch mhór a chrochadh.

Riamh anall a deirtear sa ngearrscéal thagadh fir óga an bhaile chuig an gcloch mhór seo go bhfeicfí cé acu a bheadh in ann í a chrochadh. Ba mhór an lá i saol fir óig dá mbeadh sé in ann gaoth a ligean fúithi. Seaimpín a bheadh ann dá n-ardaíodh sé go dtí na glúine í.

Is cinnte go gcrochfar Dé Sathairn í mar go bhfuil fathach fir darb ainm David Keohan le theacht ann lena thaispeáint go bhfuil seisean in ann é a dhéanamh.

Beidh léachtóir as Ollscoil Uladh, an Dr. Conor Heffernan, ann freisin. Míneoidh seisean nach in Árainn amháin a bhíodh clocha móra á gcrochadh. Bhí an nós coitianta ar fud na tíre ar fad.

Sula gcrochfar an chloch Dé Sathairn léifear sleachta as na leaganacha Béarla agus Gaeilge den ghearrscéal a scríobh Liam Ó Flaithearta fúithi.

An mhaidin chéanna sin tabharfaidh Micheál Ó Conghaile léacht faoi na cúiseanna ar aistrigh sé gearrscéalta Uí Fhlaithearta agus faoi na deacrachtaí a bhaineann le haistriúchán ar bith.

San oíche Dé Sathairn taispeánfar an clár faisnéise teilifíse dar teideal An Chéad Laoch.

Cur síos atá ansin ar James Brendan Connolly, an té a bhuaigh an chéad bhonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a athbhunaíodh iad i gCathair na hAithne sa mbliain 1896.

Ar son Mheiriceá a bhí sé sa gcomórtas preab, coiscéim agus léim ach ba as Árainn a athair agus a mháthair.

Iascairí ba ea a athair agus a chuid uncaileacha. Rinne siad airgead mór ag iascach amach as Bostún agus as Gloucester.

Ní dhearna James Brendan Connolly dearmad ar a dhúchas Árannach ariamh. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann chomh maith le bheith ina lúthchleasaí.

Scríobh sé gearrscéal spéisiúil faoi thuras i mbád seoil as Casla go hÁrainn.

Scríobh sé scéal fírinneach a chuirfeadh iontas ar a lán. Fiabhras a bhuail daoine in Árainn. Bhí a mháthair féin ina trua Mhuire. Bhí beirt dá cuid páistí agus beirt dá cuid deartháireacha i mbéal an bháis.

Chuaigh sí chuig tobar beannaithe agus ghuigh sí chuig Dia na páistí a thabhairt leis ach na deartháireacha a spáráil.

Is í an fhealsúnacht a bhí aici go raibh sí sách óg le páistí eile a bheith aici ach nárbh fhéidir áit na ndeartháireacha a thógáil.

Fuair sí toradh a guí: cailleadh na páistí ach fuair na deartháireacha saol fada.

Tá an bheirt pháistí curtha i reilig Chill Éinne.

Maidin Dé Domhnaigh ag Féile na bhFlaitheartach tabharfaidh Aindrias Ó Cathasaigh léacht faoin bhfear ceardchumainn as Árainn Micheál Ó Maoláin,

Tá tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil ó Éamon Ó Ciosáin ag eociosáin@gmail.com

Fág freagra ar 'Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn don aonú bliain déag'