Tá cúrsaí iomána faoi lán seoil fud fad na tíre agus céim dhifriúil sroichte ag na craobhacha i gcontaetha éagsúla.
Chuir Baile Gunnair nóta eile le hannála na hiomána an Domhnach seo caite nuair a bhuaigh siad an deichiú craobh i ndiaidh a chéile sna Déise. Trasna na teorann i dTiobraid Árann, tá na babhtaí ceathrú ceannais bainte amach acu agus tá muid ag an bpointe céanna sa chraobh iomána anseo i gCorcaigh.
Beidh ceann de na cluichí ceathrú ceannais sin cois Laoi le feiceáil ar TG4 amárach, an cluiche idir fir na cathrach, Carraig Dubh, agus dream ó bhruach na cathrach, na Sáirséalaigh.
I stair na hiomána sinsir i gCorcaigh bhí tréimhsí ina raibh Carraig Dubh, nó na ‘Rockies’ mar ab fhearr aithne orthu, ina máistrí agus ansin bhí cúpla tréimhse ina raibh lag trá acu. Níl aon dream a bhfuil an chraobh buaite níos minice acu, áfach. Tá craobh an chontae buaite 33 uair acu agus bhíodar ina dtánaistí sa chontae fiche uair eile.
Bhí ré órga acu sna seachtóidí nuair a bhuadar craobhacha an chontae agus na Mumhan cúig huaire, mar aon le trí Chraobh uile-Éireann. Bhí na foirne sin breac le réalta idirchontae. Bhí ‘Blondie’ John Horgan ina chaptaen i gcúpla ceann de na craobhacha sin agus bhí Ray Cummins agus a dheartháir Brendan, chomh maith le Pat Moylan agus Éamonn O’Donoghue i measc na dtosaithe.
Bhí Tom Cashman agus Dermot McCurtain ina réalta óga ag an am agus bhí laoch Chill Chainnigh Frank Cummins ina fhathach acu i lár na páirce. Ní haon ionadh go rabhadar chomh rathúil.
Ag tosach na mílaoise, bhuadar dhá chraobh i ndiaidh a chéile ach ansin bhí gorta ann idir 2002 agus 2020 nuair a thugadar leo abhaile Corn Sheáin Óg Uí Mhurchú arís.
Chailleadar cluiche ceannais na bliana seo caite in aghaidh Chumann Bharra Naofa agus tá cuma réasúnta maith orthu arís i mbliana. Bhuadar a gcéad dhá chluiche ach chailleadar in aghaidh Mhainistir na Corann sa bhabhta deireanach.
Tá an t-imreoir contae Alan Connolly, a bhí gortaithe le bliain anuas, ar ais ag imirt agus is mór an chabhair é sin do na Rockies. Amárach rachaidh siad chun páirce i gcoinne na Sáirséalach, atá mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí.
Is iontach an club é ceann na ‘Sars‘, a chuaigh blianta gan craobh an chontae a bhuachan. Chailleadar a gcéad chluiche ceannais sinsir i 1909 agus thóg sé go dtí 1951 orthu a gcéad cheann a bhuachan. Rinneadar an beart arís i 1957 ach bhí fanacht mór fada ansin orthu go dtí 2008 chun an chéad cheann eile a bhuachan.
Idir sin agus 2015, áfach, bhaineadar seacht gcinn de chluichí ceannais amach agus an chraobh buaite acu ceithre huaire le linn na tréimhse sin. Is iad na Sáirséalaigh club Teddy McCarthy, dar ndóigh, agus bhí baint mhór ag a mhac Cian le buanna an chumainn sna blianta sin.
Tá an-mheas ar an bhfoireann atá acu i mbliana. Chuadar i bhfeidhm ar dhaoine sa bhabhta deireanach in aghaidh Bhaile Nua Sheandroma coicís ó shin agus 4-19 ar chlár na scór acu. Bhuadar ar sheaimpíní reatha na craoibhe, Cumann Bharra Naofa, sa bhabhta roimhe sin freisin.
Tá an t-iarlaoch idirchontae Daniel Kearney fós ag treabhadh leis i lár an ghoirt do na Sáirséalaigh agus tá Jack O’Connor, atá ar phainéal Chorcaí i láthair na huaire, i measc na dtosaithe acu.
Tá sé thar a bheith deacair buaiteoir a roghnú idir na foirne láidre seo.
Beidh cluiche mór tábhachtach eile againn anocht i gCorcaigh agus ceann eile de bhoic mhóra na hiomána sa chontae, Fánaithe an Ghleanna, ag imirt sa chluiche dícháilithe. Tá cáil mhór ar an ‘Glen’ mar cheann de na clubanna is láidre i stair na hiomána sa chontae agus seacht gcinn is fiche de chraobhacha sinsir buaite acu – ocht gcinn as a chéile sna tríochaidí ina measc – agus tá Christy Ring, Jack Lynch, Denis Coughlan agus Martin Doherty i measc na laochra a chaith an geansaí cáiliúil atá acu.
Beidh laoch na linne seo, Patrick Horgan ag imirt d’Fhánaithe an Ghleanna anocht agus caithfidh sé a bheith i mbarr a mhaitheasa má táthar chun teacht slán mar ní dóigh liom go mbeidh mórán idir iad agus Ceann Toirc.
jpmorley0@gmail.com
An Charraig Dhubh nó an Dúcharraig. D’fhéachas ar an gcluiche ar TG4 inniu agus bhí sé mícheart acu sin leis. Bhí sé ceart ag tráchtaire amháin agus mícheart tríd síos ag an bhfear eile. Bhfuil an Ghaeilge chomh deacair sin?