Sna deich mbliana roimh an gCéad Chogadh Mór, bhí pobal beag bríomhar i gCorcaigh, mar a bhí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, ar mhian leo saoirse a fháil ó Shasana. Ba sa nead bheag sin a cothaíodh na ceannairí a bhí ar ghluaiseacht na saoirse sna blianta ina dhiaidh sin. Bhí an ciorcal poblachtánach seo, agus gan é ach ina thús, tarraingteach do mhná agus fir Chaitliceacha ó mheánaicme agus íos-mheánaicme na ‘measúlachta’ agus chothaigh soiscéal seo an neamhspleáchais ó Shasana agus athnuachan eacnamaíochta agus shóisialta na hÉireann a ndílseacht.
Sna blianta sin fuair dream daoine, a bhí gníomhach ina lán imeachtaí éagsúla agus a bhí lán díocais, taithí na mblianta i gcúrsaí eagrúcháin. Chuir siad aithne ar ghrúpaí beaga eile a bhí ar son na saoirse i bhformhór na mbailte móra i gCúige Mumhan, agus tháinig na caidrimh sin faoi bhláth i 1917 agus 1918.
Amhail spócaí i roth rothair, is ó na lárionaid réigiúnacha sin a scaip Sinn Féin, an IRA agus Cumann na mBan amach faoin tír. Ba chinniúnach mar a bhí an dílárú sin sa rath a bhí ar ghluaiseacht na saoirse sa tír seo ar ball. Seachas an ghluaiseacht mhór sin a bheith faoi smacht Bhaile Átha Cliath, is amhlaidh a d’fhás sí de réir a chéile fud fad na tíre, rud a d’fhág go rabhthas ábalta í a chur in oiriúint don saol i mbólaí éagsúla ar fud na hÉireann, saol a bhí an-éagsúil ó thaobh cúinsí sóisialta, eacnamaíochta agus polaitíochta. A bhuíochas don cheangal logánta sin, bhí an ghluaiseacht tréan tréitheach agus í lán samhlaíochta, rud a d’fhág gur dheacair í a chur de dhroim seoil.
Bhí na heachtraí a bhféadfaí tríológ eachtraí Chathair Chorcaí a thabhairt orthu ar cheann de na cúiseanna gur scaip scéal na chéad chéime eile den fheachtas armtha ar fud an domhain mhóir.
Mí an Mhárta 1920, d’fheallmharaigh póilíní de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (RIC), agus iad i mbréagriocht, Méara na cathrach, Tomás Mac Curtain, tar éis don IRA bleachtaire póilín a lámhach. Bhí Tomás Mac Curtain ina cheannaire ar an IRA i gcathair Chorcaí agus is maith an seans gur tugadh faoi toisc gur cheannaire polaitíochta agus paraimíleata a bhí ann.
Bhí poblachtánaithe Chorcaí gníomhach i gConradh an Gaeilge agus i gcúrsaí eile a bhain leis an náisiúntacht chultúrtha agus thapaigh siad an deis bholscaireachta a thug a bhás dóibh. D’eagraigh siad coiste cróinéara a bhí an-chorraithe agus chúisigh siad an Príomh-Aire Lloyd George i ndúnmharú. Eagraíodh sochraid shibhialta ar fhreastail 15,000 duine uirthi. Ba é bás Mac Curtain an chéad bheart mór díoltais ag an mBreatain i gcogadh na saoirse, agus tharraing sé aird nuachtáin an domhain ar Chorcaigh.
Cúig mhí i ndiaidh bhás an Mhéara, gabhadh Traolach Mac Suibhne, a chomharba sa bpost sin. Bhí naonúr príosúnach de chuid an IRA ar stailc ocrais i bPríosún na bhFear i gCorcaigh agus thug Mac Suibhne faoin stailc ocrais sin ina dteannta.
Ba ghearr gur ar Mhac Suibhne a bhí an aird ar fad ag nuachtáin an domhain mar cé gur toisc gurbh é ceannaire an IRA i gcathair Chorcaí a gabhadh é, ba mar Mhéara ar Chathair Chorcaí agus mar Fheisire Parlaiminte do Chorcaigh Láir a d’fhéach an domhan mór ar an bpríosúnach is déanaí seo a bhí ar stailc ocrais. Tugadh Mac Suibhne as Éirinn anonn go Príosún Brixton i Londain agus chuaigh a lán daoine i gCorcaigh i mbun feachtas poiblíochta.
Lárnach sa bhfeachtas bolscaireachta sin, bhí a bhean óg álainn Muriel, a n-iníon Máire nach raibh ach dhá bhliain d’aois; a shéiplíneach, an tAthair Dominic O’Connor, manach Caipisíneach suaithinseach, agus a urlabhraí, a dheirfiúr Mary MacSwiney, an t-óráidí ab fhearr a bhí ag gluaiseacht na poblachta. Bhásaigh Traolach Mac Suibhne tar éis 73 lá ina throscadh agus faoin tráth sin bhí a scéal i bhfad is i gcéin agus dáimh agus tacaíocht do shaoirse na hÉireann spreagtha aige ar fud na cruinne. Eagraíodh léirsithe faoi bhás an Mhéara ar fud na hEorpa, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh agus Theas.
Ghéaraigh ar na hionsaithe a rinne an IRA ar an gcoróin sna míonna sin i ndeireadh an fhómhair 1920 agus gluaiseacht na saoirse ag éirí níos míleata. Chuir díormaí beaga treallchogaithe lánaimseartha faoi arm, colúin reatha mar a baisteadh orthu, leis an éirí amach armtha ó thaobh sprioc agus éirim a gcuid éileamh.
Gan dabht bhí Contae Chorcaí chun tosaigh arís ó thaobh líon na dtrodaithe armtha a bhí gníomhach sa chontae sin, an líon d’fhórsaí na corónach a gortaíodh agus a maraíodh agus dánacht na n-ionsaithe a rinne siad orthu. Bhí léigear Chill Mhichíl in iarthar Chorcaí ar an údar gaisce ba mhó ag an IRA sa tréimhse sin.
Sa léigear sin d’éirigh le colún reatha den IRA faoi cheannas Tom Barry deireadh a chur le patról as Rannán Póilíní Cúnta an RIC, fear amháin as an 18 Constábla a tháinig as an ionsaí sin ina bheatha. Tá staraithe ag cur is ag cúiteamh faoin léigear sin le cúig bliana fichead ach ba cheart cuimhneamh ar an tionchar a bhí ag an sléacht sin ar rialtas na Breataine.
Údar náire ab ea ionsaí Chill Mhichíl do Rannán Póilíní Cúnta an RIC, scothfhórsa frithcheannairce an rialtais arbh iaroifigigh in arm na Breataine a bhí iontu agus ardghradam Impireacht na Breataine ag dul dóibh. Scrios sé freisin an dóchas gan dealramh a bhí ag Rialtas na Breataine go raibh na poblachtánaithe i ndeireadh na feide.
Léigear eile de chuid an IRA i gcathair Chorcaí a spreag an t-ionsaí díoltais is míchlúití ar fad a rinne fórsaí na corónach le linn Chogadh na Saoirse, éiric a dtugann an pobal cois Laoi ‘Dó Chorcaí’ air le teann cuibhiúlachta. Oíche an 11/12 Nollaig 1920, rinne Póilíní Cúnta an RIC scrios sa gcathair; las siad thart ar 60 teach gnó i lár na cathrach, las siad Halla na Cathrach agus Leabharlann Carnegie na Cathrach.
San aon oíche amháin sin fágadh breis is 2000 duine gan obair ná teacht isteach. D’ainneoin gur shéan an Rialtas go raibh aon bhaint ag a bhfórsaí féin leis an dóiteán, bhí sé ina scéal mór ar fud na cruinne agus tharraing sé an-mhíchlú ar na Dúchrónaigh. Dá bharr, seoladh feachtas in Éirinn agus i Meiriceá le ciste cabhrach a bhunú le cuidiú le muintir Chorcaí agus tháinig go leor airgid ó gach cearn den tír.
Mí na Nollag 1920 agus mí Eanáir 1921, d’ardaigh an grúpa forásach ‘The American Commission on Conditions in Ireland’ ionsaí Chorcaí ag éisteachtaí poiblí in Washington DC, cainteanna a foilsíodh níos déanaí i leabhar.
Labhair 18 finné os comhair an Choimisiúin sin agus ba as Cathair Chorcaí seisear acu agus beirt a bhí ann ón gcuid eile den tír seo. Labhair Mary MacSwiney ag an héisteachtaí sin agus tháinig sí i dtír ar an ócáid le tabhairt faoi chamchuairt náisiúnta cainteanna ar fud na Stát Aontaithe.
Bhí clú is cáil ar Mary MacSwiney de bharr a ceangal le Corcaigh agus a feachtas le linn stailc ocrais a dearthár. Thaistil sí go 58 cathair i Meiriceá agus labhair sí ag breis is 300 cruinniú, agus is mór a chuaigh sí i gcion ar gach duine a chuala a raibh le rá aici.
Is éard a bhí sa bhfeachtas ar son na saoirse in Éirinn ná cogadh ar mhaithe le toil dhaonlathach mhuintir na hÉireann a chosaint ó ionsaí na Breataine an insint uileghabhálach a bhí ag Mary MacSwiney agus lucht bolscaireachta eile na gluaiseachta poblachtánaí ar an troid sa tír seo. Ar bhealach an-éifeachtach, nocht na poblachtánaithe don saol mór go raibh Rialtas na Breataine ag ionsaí sibhialtach in Éirinn, d’ainneoin na mbréaga a bhí á n-insint gan náire acu dá gcuid saoránach féin.
Choinnigh gluaiseacht na poblachta cuntas ar gach beart foréigin de chuid an stáit, chomh maith le fianaise ó na daoine a bhí i láthair nó a chonaic iad. Scaip siad na scéalta sin ar fud an domhain mhóir le cabhair ó dhiaspóra na hÉireann. Chuidigh feachtas bolscaireachta casta cliste na bpoblachtánaithe leo teacht slán agus is a bhuíochas dó sin a cruthaíodh an brú polaitiúil as a dtáinig stádas tiarnais sa gConradh Angla-Éireannach i 1921.
ÉIRÉ 1920: Traolach Mac Suibhne – deireadh na stailce ocrais agus tús na cainte
ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse
SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach
Fág freagra ar 'ÉIRE 1920 – Corcaigh i gcroílár an chomhraic'