Ceithre seachtaine ó inniu beidh Uachtarán nua againn. Tá muid ar an eolas anois faoin triúr iarrthóirí agus an chuma a theastaíonn ó chuid dár gcuid polaiteoirí a chur ar am bhfeachtas. Ní hionann feachtas uachtaránachta agus aon fheachtas toghcháin eile a bhíonn againn ach is cinnte go bhféadfadh an ceann seo a bheith cinniúnach ó thaobh leagan amach na polaitíochta sna blianta seo romhainn.
Tá cúpla cúis leis sin. I dtús báire, níl sé bliain fós ó bhí olltoghchán againn agus ó bunaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael le tacaíocht ó bhuíonta neamhspleách. Ar ndóigh, tharraing bunú an rialtais clampar ann féin agus spreag sé comhghuaillíocht agus comhoibriú idir páirtithe na heite clé (an freasúra) nár facthas cheana. Tá an chomhghuaillíocht nua sin tagtha le chéile arís don toghchán agus aontaithe taobh thiar de Chatherine Connolly mar iarrthóir.
Díol spéise a bheidh ann i rith an fheachtais cé chomh haontaithe agus a bheidh siad agus cé mhéad dá n-anam a thabharfaidh siad uathu le tacú leis an iarrthóir neamhspleách. Tá coimhlint feicthe againn taobh istigh den Lucht Oibre cheana féin agus a n-iarcheannaire ag tabhairt droim láimhe don iarrthóir uachtaránachta. Cé dó a mholfaidh sé dá lucht leanúna dílis i dTiobraid Árann vóta a chaitheamh?
Cúis eile go mbeidh an toradh ar an toghchán seo spéisiúil go bhfuil cáinaisnéis 2026 le fógairt ar an 7 Deireadh Fómhair. Tá sé déanta soiléir ag an mbeirt Airí sa Roinn Airgeadais go gcaithfear a bheith níos cúramaí leis na pinginí i mbliana agus nach mbeidh an oiread cúitimh ann dóibh siúd atá ag fulaingt mar gheall ar phraghsanna fuinnimh agus bia agus a bhfuil fearg orthu nach bhfuil cúrsaí níos fearr acu. Má chítear do dhaoine go bhfuil an cháinaisnéis géar, an mbainfear leas as an vóta ar an 24 Deireadh Fómhair le pionós a ghearradh ar an rialtas agus a gcuid iarrthóirí uachtaránachta?
I ndeireadh na dála, braithfidh go leor ar cé mhéad duine a thiocfaidh amach le vóta a chaitheamh. Níl mórán sa bhfeachtas go dtí seo le suim a chothú i measc an phobail. Beidh an chéad díospóireacht teilifíse ar Virgin san oíche Dé Luain spéisiúil – an chéad deis a bheidh ag an bpobal éisteacht a thabhairt do na hiarrthóirí. Cuimhnímis sa toghchán in 2001 gur díospóireacht dá leithéid a chur cor cinniúnach i bhfeachtas Sheán Gallagher a bhí go mór chun cinn go dtí sin sna pobalbhreitheanna.
Má thagann an dream óg atá fásta suas agus tagtha in aibíocht le ceithre bliana déag amach chun vóta a chaitheamh d’fhéadfadh an toradh iontas a chur orainn. Beidh dúshlán ar leith ann do Shinn Féin nár chuir iarrthóir chun cinn agus atá ag tacú le Catherine Connolly – an dtiocfaidh a lucht leanta amach? Cá rachaidh an suas le 20% den vóta a caitheadh ar iarrthóirí neamhspleácha i mí na Samhna seo caite?
Meastar ag an tráth seo má thagann an vóta óg agus ar an eite chlé amach lena nguth a úsáid go bhféadfadh Catherine Connolly a bheith ar cheann an chomhairimh ach gur idir iarrthóirí na mórpháirtithe a bheidh an lá mar go n-aistreoidh siad ag a chéile. Seo an chéad mhórscrúdú ar an gcomhghuaillíocht den eite chlé – inseoidh na seachtainí seo romhainn cé chomh héifeachtach agus is féidir leo a bheith agus an bhfuil bunús ann do chomhghuaillíocht níos buaine sna cúpla toghchán atá romhainn.
Léargas aon uaire a bhíonn i ngach toghchán ar mheon an phobail ach má bhíonn sé neamhghnách is féidir go mbeadh ábhar machnaimh ann do na páirtithe ar fad idir seo agus an chéad toghchán eile.
Seán Mag Leannáin
Alt spéisiúil agus aontaím leis an údar go bhféadfadh an toghchán seo a bheith cinniúnach ó thaobh leagan amach na polaitíochta sna blianta amach romhainn. Is cinnte gur ‘seo an chéad mhórscrúdú ar an gcomhghuaillíocht den eite chlé – inseoidh na seachtainí seo romhainn cé chomh héifeachtach agus is féidir leo a bheith.’ Ach is mórscrúdú é freisin ar an gcomhghuaillíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Is cosúil go mbeidh Heather Humphreys chun cinn ar Jim Gavin ar an gcéad chomhaireamh agus go mbeidh sí ag brath ar sciar mór dá vótaí siúd, a vótaí dara rogha, chun í a chur thar an líne. Ach an mbeidh an sciar sin chomh mór agus a bhfuil súil leis? Neosfaidh an aimsir.