‘Dul amú’ ar an aire oideachais nach bhfuil aon ghá le Gaelcholáiste do chontae an Chláir

Deir an tAire Oideachais nach bhfuil aon phlean aici féin ná a roinn Gaelcholáiste neamhspleách a bhunú i gcontae an Chláir agus gur leor don chontae an t-aonad Gaeilge i scoil in Inis

 

Tá “dul amú” ar an aire oideachais Helen McEntee a deir nach bhfuil “aon ghá” le Gaelcholáiste a bhunú i gcontae an Chláir, a deir iarChathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Dónal Ó hAiniféín.

Dúirt an tAire Oideachais, agus ceist Dála ón Teachta Dála Joe Cooney á freagairt aici le gairid, nach raibh aon phlean aici féin ná a roinn Gaelcholáiste a bhunú i gcontae an Chláir.

Sa bhfreagra a thug McEntee, dúirt sí nach raibh aon ghá le scoil úr a bhunú in Inis, i gcontae an Chláir, mar nach mbunaítear scoileanna úra ach amháin i gceantair ina mbíonn “fás déimeagrafach” agus thug sí le fios gur leor an t-aonad Gaeilge i gColáiste Phobal na hInse chun freastal ar an ngaeloideachas dara leibhéal sa chontae.

Dúirt sí, go bhfuil 400 dalta de dhíth chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge úr a bhunú agus gur cheart an rogha eile a chur san áireamh fosta – gur féidir “aonad lán-Ghaeilge, nó Aonad, a bhunú i scoil lán-Bhéarla”.

Údar imní a bheidh i gcaint an aire d’eagraíochtaí teanga agus oideachais a deir gur chóir deireadh a chur le haonaid a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais féin taighde in 2024 inar dúradh gur cheart éirí as bunú aonad mar nach raibh an múnla ag obair. Rinneadh an taighde sin mar chuid den ullmhúchán don pholasaí úr don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht atá le foilsiú gan mhoill.

Deir Dónal Ó hAiniféin, iarchathaoirleach COGG agus príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis, gur cheart go mbeadh cinneadh an aire bunaithe ar “rogha na dtuismitheoirí” seachas rudaí a bhunú ar an “daonra agus ar an bhfás daonra”.

“I ngach píosa taighde atá déanta le tríocha nó daichead bliain anuas, léirítear go roghnódh idir 25 agus 50 faoin gcéad de thuismitheoirí, i bpíosa taighde áirithe, an ghaelscolaíocht dá mbeadh Gaelscoil neamhspleách cóngarach dóibh,” a dúirt sé.

Maidir leis an aonad ‘Gaelcholáiste an Chláir’, atá ag feidhmiú ó 1993 i gColáiste Pobail na hInse, dúirt Ó hAiniféin go ndearna an bord oideachais agus oiliúna atá mar phátrún ar an aonad iarratas ar neamhspleáchas. Bhí “moill agus tuilleadh moille leis an bhfreagra ar an iarratas sin”, a dúirt sé.

“Cad é an eagla atá ar an roinn ligean don aonad reatha bláthú agus forbairt isteach ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoin bpátrún reatha?”

“Níl aon chostas caipitil ag baint leis ag an bpointe seo, níl le déanamh ach uimhir rolla a bhronnadh, neamhspleáchas a fháil agus príomhoide a cheapadh. Ligean don scoil foireann a cheapadh agus ligean dóibh feidhmiú agus an campas roinnte atá acu faoi láthair a úsáid.”

Dúirt sé go bhfuil stádas mar líonra Gaeilge ag baile na hInse agus gurb é ceann de na “mórbheartais atá le comhlíonadh” chun an stádas líonra sin a bhaint amach ná go mbeadh iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge neamhspleách ag baile na hInse.

Deir Ó Ainiféin go dtógann sé tamall ar airí “an fhís” atá ag muintir chontae an Chláir don ghaeloideachas a thuiscint agus nach é seo an chéad uair ar diúltaíodh iarratas d’iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa chontae.

“I 1926, do mhol Coimisiún na Gaeltachta go mbeadh dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách ann do chontae an Chláir, mar sin ní hí an tAire McEntee an chéad aire oideachais atá tar éis diúltú don iarratas sin.”

Deir sé go bhfuil “dóchas áirithe” aige faoin scéal seo mar gur thug oifigigh na roinne cuairt ar Inis le gairid chun súil a chaitheamh ar champas na scoile.

“Tá dóchas áirithe agam go mbeidh dea-scéala, le cúnamh Dé, nuair a bheidh an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht á fhoilsiú.”

Ag tús na bliana seo dúirt Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé leis an oideachas lán-Ghaeilge nach mbeadh aon bhaint acu le forbairt ná cur i bhfeidhm an pholasaí “mura dtagann athrú substaintiúil” ar chúrsaí.

Ceann de na fadhbanna is mó a bhí ag eagraíochtaí leis an gcreatpholasaí a d’fhoilsigh an Roinn ná nár luadh an taighde a rinneadh mar chuid d’fhorbairt an pholasaí inar dúradh nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

Luaitear an scoil satailíte Gaeilge go sonrach sa gcreat mar mhúnla a bhféadfaí leas a bhaint as.

Tá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt ag an Roinn Oideachais le cúig bliana anuas agus súil ann go bhfoilseofar faoi dheireadh é sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar '‘Dul amú’ ar an aire oideachais nach bhfuil aon ghá le Gaelcholáiste do chontae an Chláir'

  • Garry Shannon

    Is cinnte go bhfuil géarghá le meánscoil neamhspleách lán Ghaelach in Inis. Faraoir nach sásúil é an múnla reatha. Tuigeann na tuistí é sin go maith agus fé láthair, tá páistí le Gaeilge líofa ag dul díreach ón mbunscoil Ghaelach go meánscoileanna labhartha Béarla, rud nach dtarlódh dá mbeadh muinín acu as an gcóras reatha.
    Bíonn Gaelcholáiste neamhspleách ar nós Gaeltacht bheag – chomphobal ina dtarlaíonn rang, sos, lón, cluichí, imeachtaí seach-churaclam uilig gan casadh go Béarla (rud atá dosheachanta má bhuailtear le Béarlóirí sa chlós agus más Béarlóirí cuid de na múinteoirí).
    Ag súil le súil a fháil ar an bPolasaí nua seo. Ar ndóigh, Mair a chapaill agus gheobhair féar!