Scor na bparaimíleatach – fadhb nár fhuascail mealladh, breabadh ná bagairt

Is iomaí duine atá amhrasach faoin bplean is déanaí d’fhuascailt fhadhb na bparaimíleatach, iad tinn tuirseach den pheataireacht oifigiúil ar pharaimíleataigh

Scor na bparaimíleatach – fadhb nár fhuascail mealladh, breabadh ná bagairt

‘Ba mhaith le go leor acu éirí as ach teastaíonn cabhair uathu chun é a dhéanamh. Ní mór bealach rathúil a aimsiú chun an claochlú a dhéanamh.’

Tá an port sin cloiste arís agus arís eile i dTuaisceart Éireann faoi ghrúpaí paraimíleatacha dílseacha agus poblachtánacha. Céard is brí leis? Cé chomh minic a chaithfear cabhrú leo sula ndéanfaidh siad an beart?

Luíonn sé le réasún gur cheart do na húdaráis dícheall a dhéanamh chun buíonta coiriúla, paraimíleataigh ina measc, a chur as gnó. Is le bealach a aimsiú chun clabhsúr a chur ar pharaimíleatachas a cheap an dá rialtas idirghabhálaí ón Ísiltír a ghabhfaidh i mbun oibre go luath. Sé an cúram a chuir an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan agus an Státrúnaí, Hilary Benn ar Fleur Ravensberger, saineolaí ar réiteach coimhlinte ó Ollscoil Amsterdam, ná scrúdú a dhéanamh féachaint arbh fhiú próiseas foirmeálta a bhunú chun scor na bparaimíleatach a chur i gcrích.

Ní mór di a dhul i gcomhairle le hinstitiúidí poiblí, leis an ngnáthphobal agus leis na grúpaí mídhleathacha féin, agus anailís a dhéanamh ar an méid a gheobhaidh sí amach. Iarradh uirthi tuarascáil a sholáthar faoi lár Lúnasa na bliana seo chugainn faoi an féidir claochlú a bhaint amach, conas a dhéanfaí é agus cén seans go gcuirfear deireadh glan amach leis an bparaimíleatachas.

Beidh sí ag obair i gcomhar leis an IRC, an Coimisiún Tuairiscithe Neamhspleách ar pharaimíleataigh. Ba é an Coimisiún a mhol go gceapfaí saineolaí don ghnó ó tá paraimíleataigh gníomhach scór go leith bliain i ndiaidh sosanna comhraic a fhógairt agus os cionn ceathrú céid tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Liosta le háireamh iad na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo chun ‘claochlú’ na bparaimíleatach a éascú, ciste £20 milliún d’airgead poiblí caite ar scéimeanna a bhí in ainm is a bheith chun tairbhe na cosmhuintire san áireamh.

Maítear gur ghlac paraimíleataigh dhílseacha smacht ar an maoiniú i roinnt ceantar. Tá an UVF, an UDA agus mionbhuíonta a scoilt uathu gníomhach i gceantair dhílseacha mar atá easaontóirí poblachtacha i gcúpla áit freisin, a gcomharsanachtaí féin á mbascadh acu ar an dá thaobh.

Tar éis blianta fada ag tarraingt na gcos, chuir an tIRA críoch le díchoimisiúnú a chuid arm fiche bliain agus an taca seo agus is gránna, brónach an scéal é go bhfuil easaontóirí fós armtha, ag gríosú ógánach chun círéibe agus corrdhream díobh ag iarraidh a bheith ag earcú. Tá paraimíleataigh ar an dá thaobh gafa le coiriúlacht eagraithe, mangaireacht drugaí, go háirithe.

Sceith bhéil iad na dílseoirí as sracadh airgid ó lucht gnó ina gcomharsanachtaí féin, mí-úsáid ar ógánaigh chun drugaí a dhíol, smachtú comhéigneach ar dhaoine agus rannpháirtíocht i bhfeachtais bhagracha chiníocha in aghaidh inimirceach. Tá údar maith ag daoine a bheith amhrasach faoin maíomh gur mian le cuid de na grúpaí droim láimhe a thabhairt leis an bparamíleatachas. Baintear leas as teidil na ngrúpaí chun daoine a smachtú nuair is “gnáthchoiriúlacht” atá ar siúl, cleas a ndéantar brabach mór as.

Chosain Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, an cinneadh an t-idirghabhálaí a cheapadh ach is iomaí duine atá amhrasach, iad tinn tuirseach den pheataireacht oifigiúil ar pharaimíleataigh. Tá go leor in Stormont patuar nó níos diúltaí faoin bplean. Bhí Aire Cirt Stormont, Naomi Long ar buile faoin gcinneadh.

Dúirt Long gur cheart na paraimíleataigh a bheith scortha fadó. Dá ngabhfadh rialtais i dteagmháil go díreach le heagraíochtaí toirmiscthe chuirfeadh sé cuma dhleathach mheasúil orthu cé go bhfuil siad báite i gcoiriúlacht. Casaoid in aisce; is minic cheana a labhair ionadaithe, idir pholaiteoirí agus eadránaithe, le grúpaí neamhdhleathacha. Ní fiú a bheith cráifeach faoi anois má tá seans go mbeidh tairbhe le baint as.

Tá baol ann, dar leis an Aire Long, go mbaineann ceapadh an idirghabhálaí an bonn den obair atá ar siúl cheana ag a roinn agus ag na póilíní. Thuig a lán di, bhí briste ar a bhfoighid i bhfad ó shin. Ach bhí ceisteanna acu faoi mhaíomh an aire cirt go raibh obair fhiúntach ar siúl ag an roinn agus na póilíní chun deireadh a chur le ré na bparaimíleatach.

Bhí an tAire sásta nach raibh sé i gceist ag na rialtais go mbeadh aon bhreab le tairiscint an geábh seo ach ní raibh muinín ar bith aici gur mhian leis na paraimíleataigh nó go bhfuil siad in ann iompú ina ngrúpaí umhal don dlí. Sin í an cheist. Ní raibh feidhm le mealladh, breabadh ná bagairt go dtí seo. I gcead do ‘A Nation Once Again’, n’fheadar ar fiú an babhta seo de ‘transitioning once again’.

Fág freagra ar 'Scor na bparaimíleatach – fadhb nár fhuascail mealladh, breabadh ná bagairt'