‘Ní bhíonn nuacht eisiach ar TG4 agus tá an lucht féachana ag titim dá bharr’ – ardstiúrthóir

Deir Deirdre Ní Choistín gurb é an maoiniú a cuireadh ar fáil do TG4 sa Bhuiséad do sheirbhís dhigiteach nuachta ‘an chéad chéim shuntasach’ maidir le seirbhís nuachta neamhspleách a chur ar bun

‘Ní bhíonn nuacht eisiach ar TG4 agus tá an lucht féachana ag titim dá bharr’ – ardstiúrthóir

Ní bhíonn aon nuacht eisiach á craoladh ag Nuacht RTÉ/TG4 agus tá líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an tseirbhís ag titim dá bharr, dar le hardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín.

Dúirt Ní Choistín agus í faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin go ndearnadh “dochar” don tseirbhís nuachta a bhíodh á craoladh ar TG4 nuair a rinneadh “cónascadh” le Nuacht RTÉ in 2009 agus gur mhaith leis an stáisiún Gaeilge “dul i dtreo” na seirbhíse a bhí ann roimhe sin.

Cé gurbh é RTÉ a chuir an tseirbhís nuachta ar fáil do TG4 i gcónaí, níorbh ionann an dá fhoireann nuachta a bhí ag plé le seirbhís Gaeilge RTÉ féin agus an tseirbhís a bhí á craoladh ar TG4. Sa bhliain 2009, cuireadh an dá sheirbhís le chéile agus aistríodh Nuacht RTÉ siar go Baile na hAbhann.

“Is ar mhaithe le RTÉ a bhí an cinneadh sin agus rinne sé dochar don chur chuige neamhspleách a bhí ag Nuacht TG4. Mar shampla, nuair atá scéal á bhriseadh, bristear i mBéarla é ar RTÉ News Now nó ar RTÉ Radio One. Ní bhíonn an nuacht eisiach ar Nuacht TG4 a thuilleadh agus mar gheall air sin tá an lucht féachana ag titim,” a dúirt Ní Choistín.

Dúirt sí gur “seirbhís ann féin” a bhí i Nuacht TG4 sula ndearnadh an cónascadh agus gur “ag iarraidh dul ina threo sin” arís atá an stáisiún anois.

“Tá bealaí gur féidir linn é sin a dhéanamh i bpáirt le RTÉ agus tá muid tar éis iliomad roghanna a phlé leo. Oibríonn an múnla atá ag S4C sa Bhreatain Bheag leis an BBC, mar tá seirbhís shainiúil curtha ar fáil don chainéal sin agus ta muid tar éis na roghanna seo ar fad a phlé, agus tá muid oscailte do cibé rud a chinnteoidh go mbeidh ceannaireacht neamhspleách eagarthóireachta ag TG4,” a dúirt an t-ardstiúrthóir inné.

Mhaígh Ní Choistín gurbh é an pacáiste airgid a cuireadh ar fáil do TG4 sa Bhuiséad an tseachtain seo “an chéad chéim shuntasach” ó thaobh maoinithe de maidir le seirbhís nuachta neamhspleách a chur ar bun. Cuireadh €4 milliún ar fáil do TG4 i mBuiséad 2023, anuas ar an €3.3m a fógraíodh an bhliain chéanna do bhunú Cúla4, mar thoradh ar an moladh a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

“Seo é an chéad chéim shuntasach, go bhfuil an tAire [Cumarsáide] tar éis maoiniú a chur i dtreo seirbhís dhigiteach. Tá muid fós i mbun cainteanna le RTÉ agus le Coimisiún na Meán maidir leis an gcuid eile den tseirbhís, agus leanann na comhráite sin ar aghaidh. Comhráite atá thar a bheith dearfach ach tá an próiseas seo mall agus tógfaidh sé roinnt mhaith ama,” a dúirt sí.

Ní raibh an t-ardstiúrthóir sásta amlíne a leagan síos do bhunú na seirbhíse.

Tháinig sé chun solais an mhí seo caite gur cuireadh stop leis an bpróiseas earcaíochta do cheannaire nuachta úr do TG4. Deir Coimisiún na Meán go bhfuil an plé maidir leis an moladh go mbeadh TG4 i gceannas ar a sheirbhís nuachta féin “ag dul ar aghaidh”, ach dúirt TG4 an mhí seo caite go raibh sé “in am” ag an gCoimisiún agus ag an Roinn Cumarsáide “amlíne” a leagan síos.

Nuair a fógraíodh poist do ‘eagarthóirí/léiritheoirí ábhair dhigitigh nuachta agus cúrsaí reatha’ in TG4 sa bhliain 2023, cuireadh deireadh tobann leis an bpróiseas earcaíochta sin freisin. Dúradh ag an am go raibh an comórtas “á chur siar mar gheall ar chúinsí a bhaineann le dearadh agus forbairt an tsuímh nua” nuachta a bheadh ag TG4. Níor fógraíodh na poist ó shin.

Dúirt Ní Choistín gur theip ar iarrachtaí an stáisiúin daoine a fhostú an uair sin mar gheall ar easpa maoinithe don togra.

“In 2022 ghlac muid leis go mbeadh rudaí ag bogadh ar aghaidh i bhfad níos tapúla ná mar a tharla agus bhí muid ag iarraidh tús a chur leis an obair sin ón tús. Bhí sé soiléir nach raibh maoiniú ar fáil ag an bpointe sin, cé gur ghlac muid leis go raibh sé seo le tarlú réasúnta tapa. Is próiseas fada é.

“Níor bunaíodh Coimisiún na Meán go dtí 2023, agus mar gheall ar athruithe sa reachtaíocht, tá moill leis mar gheall air sin. Tharla na fadhbanna ar fad in RTÉ freisin, a chuir moill leis. Tá go leor moill ar chúiseanna nach mbaineann le TG4, ach tá muid tiomanta. Tá muid ag iarraidh, ó thaobh lucht féachana, seirbhís níos fearr a chur ar fáil,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Ní bhíonn nuacht eisiach ar TG4 agus tá an lucht féachana ag titim dá bharr’ – ardstiúrthóir'