Labhródh 51% de phaisinéirí traenach Iarnród Éireann an Ghaeilge dá mbeadh a fhios acu go raibh an teanga ag na baill foirne, de réir an tsuirbhé a chuir an comhlacht iompair poiblí ar a chuid paisinéirí níos luaithe an mhí seo.
Thug beagán le cois leath den 7,200 duine a d’fhreagair an suirbhé le fios gur mó seans go n-úsáidfidís an Ghaeilge dá mbeadh a fhios acu go labhródh ball foirne de chuid Iarnród Éireann leo í. Thug 17% le fios go spreagfadh comharthaí nó suaitheantas “infheicthe”, dála ‘An Fáinne’, a léireodh cumas ball foirne sa teanga iad chun í a úsáid.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, beidh an feachtas ‘Fáinne Ar Bord’ ar siúl ar thraenacha Iarnród Éireann i gcomhar le Conradh na Gaeilge le “feiceálacht” na Gaeilge ar an gcóras iompair poiblí a threisiú.
Caithfidh cainteoirí Gaeilge atá ag obair d’Iarnród Éireann an Fáinne, agus cuirfidh Conradh na Gaeilge ranganna Gaeilge ar fáil do bhaill foirne an chomhlachta le “cuidiú [leo] muinín a chothú agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge”.
Dúirt 65% de lucht freagartha an tsuirbhé go mbraitheann siad “an-dearfach” faoin nGaeilge a chloisteáil á labhairt ar sheirbhísí iarnróid agus thug os cionn 70% le fios go bhfuil sé “tábhachtach nó an-tábhachtach” an Ghaeilge a labhairt ar an traein.
Níor cheap ach 36% gur “easpa deiseanna” ba chúis leis an méid uaireanta a labhraíonn siad an Ghaeilge ar sheirbhísí iarnóid.
Dúirt urlabhraí de chuid Iarnród Éireann le Tuairisc gur mhaith leis an gcomhlacht níos mó ná na dualgais teanga atá ar an eagraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus “cuidiú ar bhealach fóinteach le cur chun cinn agus normalú na Gaeilge sa saol laethúil”.
“Ós rud é go n-úsáideann an oiread sin daoine an córas iompair poiblí gach lá, áit a bhféadfadh siad teacht ar an nGaeilge, tá sé mar phríomhsprioc ag Iarnród Éireann timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú, ina dtabharfar le fios go gcuirtear fáilte roimh an nGaeilge,” a dúradh.
Dúirt Erin Burns, Oifigeach Gaeilge Iarnród Éireann, gur léiriú soiléir a bhí i dtorthaí an tsuirbhé ar “mhian” na bpaisinéirí an Ghaeilge a úsáid ar na traenacha.
“Níl de dhíth orthu ach an deis agus an mhuinín chun é sin a dhéanamh. Trínár gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas tá muid ag déanamh na Gaeilge níos feiceálaí, níos fáiltí, agus níos inrochtana ar fud ár seirbhísí.
“Tá an feachtas Fáinne Ar Bord, mar aon le ranganna Gaeilge don fhoireann agus ár gcarráiste speisialta Gaeilge Amháin d’Oireachtas na Samhna, ag spreagadh paisinéirí chun a gcúpla focal a úsáid agus ár gcomtheanga a cheiliúradh mar chuid dá dturas laethúil,” a dúirt Burns.
Tuairiscíodh an tseachtain seo go gcuirfí “taisteal saor in aisce” ar fáil d’iomaitheoirí Oireachtas na Samhna a bheadh ag taisteal go Béal Feirste ar an traein. Bhí doiléire ann faoi cé acu “iomaitheoirí” nó “amhránaithe” amháin a bhí i dteideal an taistil saor in aisce, ach thug urlabhraí de chuid Iarnród Éireann soiléiriú do Tuairisc faoin scéal – beidh cead ag taibheoirí agus oibrithe deonacha uile na féile cur isteach ar an taisteal saor in aisce.
Ní bheidh ach 30 ticéad ar fáil, áfach, faoin scéim agus beidh na ticéid sin bailí ó Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Béal Feirste. Beidh carráiste speisialta ann do lucht freastail an Oireachtais a bheidh ina “carráiste Gaeilge Amháin”. Deir Iarnród Éireann go mbeidh an carráiste speisialta seo “ina mhol do comhrá agus rannpháirtíocht chultúrtha na Gaeilge le linn dheireadh seachtaine na féile”.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, go bhfuil an comhoibriú idir an tseirbhís iarnróid agus Oireachtas na Samhna “fréamhaithe siar go dtí an chéad fhéile” in 1897.
“Tairgeadh ticéid fillte do lucht na féile ar phraghas táille aon-treo. Is iontach an rud é an tacaíocht seo dár bhféile a fheiceáil ag teacht chun cinn inniu. Trí thaisteal saor in aisce a chur ar fáil do thaibheoirí agus d’oibrithe deonacha agus an chéad charráiste Gaeilge Amháin a thabhairt isteach, tá Iarnróid Éireann ag cuidiú le spás tiomnaithe a chruthú do lucht na féile chun ceiliúradh agus comhrá a dhéanamh i nGaeilge, rud a chuirfidh leis an atmaisféar bríomhar pobail a shainíonn Oireachtas na Samhna,” a dúirt sí.
Seán Mac Bhriain
Aon uair a bhí mise ar an traein le blianta ní raibh tada le rá ag an dream a bhí ag obair ar an traein (Dia idir sinn agus “baill foirne”) ach: “ticéad le do thoil”. Is iomaí aistear ar an traein déanta agam gan duine ar bith den fhoireann (Dia arís idir sinn agus “ball foirne”) a fheiceáil ar chor ar bith. Ní móide gur slat tomhais é an scéal seo.