Bua stairiúil ag Jessie Buckley ag na gradaim Oscar

Bean Chill Airne, a bhuaigh an duais mhór dá ról sa scannán Hamnet, an chéad duine as Éirinn ar éirigh leo an Oscar don aisteoir baineann is fearr i bpríomhpháirt a bhuachan

Bua stairiúil ag Jessie Buckley ag na gradaim Oscar

Ar Jessie Buckley na hÉireann a bronnadh an gradam don aisteoir baineann is fearr i bpríomhpháirt ag Searmanas na nGradam Oscar in Amharclann an Dolby in Los Angeles aréir.

Bean Chill Airne, a bhuaigh an duais mhór dá ról sa scannán Hamnet, an chéad duine as Éirinn ar éirigh leo an Oscar don aisteoir baineann is fearr i bpríomhpháirt a bhuachan.

Thiomnaigh Buckley an duais don “chroí álainn trína chéile” a bhíonn ag máthair.

D’éirigh le duine eile de na hiomaitheoirí as Éirinn, Richie Baneham, a bhuaigh dhá Oscar cheana, gradam a fháil sa rannóg don mhaisíocht físe dá chuid oibre ar an scannán Avatar: Fire & Ash.

“Jim Cameron, go raibh míle maith agat,” a dúirt Baneham agus stiúrthóir an scannáin á mholadh aige.

Bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar dhuine de na daoine a thréaslaigh a mbua le Jessie Buckley agus Richie Baneham.

Ghnóthaigh scéinséir aicsin Paul Thomas Anderson, One Battle After Another sé ghradam ag ócáid na hoíche aréir, an duais don scannán agus don stiúrthóir is fearr ina measc. B’in an líon is mó ag aon scannán. Michael B Jordan a bhuaigh an duais don aisteoir is fearr dá ról in Sinners.

Bhí an scríbhneoir as Doire Maggie O’Farrell ainmnithe chomh maith do Hamnet. Ainmníodh Farrell, a scríobh an t-úrscéal ar a bhfuil Hamnet bunaithe, don script is fearr a cóiríodh do scannán.

Bhí ceithre ainmniúcháin ag Ed Guiney agus Andrew Lowe ó Element Pictures a léirigh an scannán Bugonia. Bhí dhá ainmniúchán ag Wild Atlantic Pictures, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, do Blue Moon, scannán a rinneadh in Éirinn.

Ainmníodh John Kelly don ghearrscannán beochana is fearr do Retirement Plan.

Fág freagra ar 'Bua stairiúil ag Jessie Buckley ag na gradaim Oscar'