An Ghaeilge a fhíonn le chéile cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht mhuintir na hÉireann, a deir an tUachtarán Catherine Connolly ina a céad teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig.
“Is í ár dteanga a fhíonn na tréithe seo ar fad le chéile agus a shaibhríonn ár saol,” a dúirt Uachtarán na hÉireann ina teachtaireacht dhátheangach
“Tugann an Ghaeilge tuiscint dúinn ar logainmneacha agus sloinnte ár dtíre. Cruthaíonn sí nasc dobhriste lenár sinsir. Tugann sí léargas agus tuiscint níos doimhne dúinn faoinár stair.”
Dúirt sí gur “tobar saibhir” atá sa Ghaeilge “a spreagann ár gceoltóirí, filí, scríbhneoirí, aisteoirí, agus ealaíontóirí chun cruthaitheachta”.
“Is ábhar dóchais domsa, agus tá mé cinnte daoibhse, an méid borrtha atá faoin teanga, rud a bhí soiléir agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ar fud na tíre agus na cruinne.”
Dúirt sí ina teachtaireacht nach bhféadfaí glacadh le ‘normalú na cogaíochta’ agus go gcaithfí an fód a sheasamh ar son na síochána agus cloí le cur chuige na taidhleoireachta agus le prionsabail an dlí idirnáisiúnta atá leagtha amach i gCairt na Náisiún Aontaithe.
“Tá Éire, thar aon tír nó náisiún, ábalta é seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur sampla é dílseacht gan teip na hÉireann do chur chun na síochána agus na dí-armála den “tionchar as cuimse is féidir a bheith ag stát beag neodrach, mar sinne, nuair a ghníomhaíonn muid le hionracas agus cuspóir”.
Fág freagra ar '‘An Ghaeilge a fhíonn le chéile cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann’ – an tUachtarán Catherine Connolly'