Tá an dara sraith de Daredevil: Born Again (Disney+) ar fáil anois. Idir dhá chomhairle ar fad a bhíonn an scríbhneoir seo faoi ábhar sárlaochra/Star Wars D+. Bhí cuid de a bhí go measartha/lag – The Mandolorian – agus cuid de a bhí go dona ar fad – She-Hulk – go dtí seo.
Ag dul sa tseans a bhíonn tú gach uile uair a chraolann siad ábhar ach tá an saol cadránta faoi láthair agus bíonn rud inteacht de dhíth ort le d’aird a tharraingt d’uafáis chomhaimseartha na cruinne agus faoiseamh beag a thabhairt don aigne ar an imní dhomhanda.
Féadaim a rá gur éirigh leis an chéad chlár sa tsraith seo faoiseamh a thabhairt. Tá Charlie Cox ar ais sa phríomhról mar Matt Murdock/Daredevil, ról dá chuid atá ag dul siar go dtí an tsraith bhreá Daredevil ar Netflix fadó fadó. Sin an tsraith a bhain moladh mór ó lucht leanúna an charachtair den chéad uair agus éiríonn le Cox diabhal dearg Chistin an Ifrinn a choinneáil spéisiúil daonna i rith an ama.
(Ach ná luaigh an pháirt bheag a bhí aige in She-Hulk, leoga, ná luaigh She-Hulk ar chor ar bith.)
Pilleann Vincent D’Onofrio ina chuideachta mar Wilson Fisk, méara Nua-Eabhraic, aka Kingpin, capo di capi. Sáraisteoir é D’Onofrio. Beidh cuimhne ag glúin níos sine air as a ról in Full Metal Jacket le Kubrik ach is é a ról mar an bleachtaire, Bobby Goren in Law and Order: Criminal Intent, ceann de na rólanna is láidre agus is cumasaí comhaimseartha teilifíse a bhí ann le tamall fada.
Ní chuirfidh scéal seanchaite Born Again dú-iontas ar dhuine ar bith – Fisk ag iarraidh cumhacht a choinneáil agus smacht a chur ar an chosmhuintir i ngan fhios dóibh féin. Tá eilimintí de chuid an rialtais náisiúnta in Washington D.C. ag obair as lámh a chéile le Fisk – carachtar suimiúil ansin ag Matthew Lillard mar Mr Charles – agus is faoi Daredevil agus a bhuíon bheag comrádaithe atá sé a ndúshlán a thabhairt.
Murab ionann agus Wonder Man, tá aicsean anseo ón tús agus aicsean an-gharbh Reacher-esque in amanna. Fosta, is minic an f-fhocal in úsáid. Ní réitíonn an dá ghné sin go maith leis an scríbhneoir seo a tógadh le seanghreannáin Marvel.
Bíodh sin mar atá, tá mé fiosrach faoina bhfuil i ndán don sárlaoch Caitliceach is clúití ar an domhan.
Agus ag caint ar laochra agus foréigean, rinne De Valera San Fhásach (TG4) scrúdú ar luathbhlianta Dev, duine de na ceannairí polaitíochta ba tábhachtaí in Éirinn.
Cuireadh an scéal i láthair trí mheascra d’aisteoireacht agus agallaimh le staraithe comhaimseartha. Ba mhaith mar a bhláthaigh an scéal leis an chur chuige sin agus mhothaigh tú go raibh iarracht mhacánta ar siúl le go gcuirfeá aithne cheart ar Dev.
I mBéarla agus i nGaeilge a bhí na hagallaimh agus caint stuama údarásach a bhí ann fríd síos ag na rannpháirtithe, caint a sheachain histéire i leith Dev ach nár sheachain ábhar conspóideach. Gan a bheith maoithneach, ba deas an cur i gcuimhne é seo gur uirlis chumasach intleachta í an Ghaeilge agus athrú deas ar an seanphort: “Tá an Ghaeilge ceolmhar.”
Lena chois sin, chuir an clár béim ar na mná réabhlóideacha a bhí páirteach i ngluaiseacht na saoirse, rud a chuir gné eile, agus ábhar cainte sa bhreis, leis an scéal.
An laige is mó a bhí ar an rud – agus ní ar lucht déanta an chláir an locht seo – gur bhraith tú, i bhfianaise fhorbairt na polaitíochta comhaimseartha, gur ag caint ar sheanstair ársa ar fad a bhí siad. Saoirse na hÉireann? Neamhspleáchas? Poblacht?
Chomh maith agat labhairt ar Dev a bheith i mbun Thraoi ar na saolta seo ó thréig Fianna Fáil (agus Fine Gael) a ndualgas an Stát a chaomhnú agus a chosaint. Cúige de chuid an Aontais Eorpaigh atá anois in ‘Ireland’ na críochdheighilte.
Fuair daoine bás ar a shon sin? Maraíodh daoine ar a shon sin?
A Thiarna, déan trócaire orainn.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Laochra agus foréigean – Daredevil agus De Valera'