Oireachtas na Samhna le filleadh ar Chill Airne in 2026

Glacadh le hiarratas Bhéal Feirste ar an dara bliain, ach ní ann a bheidh an fhéile ceal spáis

Oireachtas na Samhna le filleadh ar Chill Airne in 2026

Fillfidh Oireachtas na Samhna ar Chill Airne i gcontae Chiarraí an bhliain seo chugainn. Dheimhnigh ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, do Tuairisc nach mbeidh féile mhór na nGael i mBéal Feirste dhá bhliain i ndiaidh a chéile, mar a bhí muintir na cathrach sin ag súil leis.

Reáchtáladh an tOireachtas i gCill Airne níos minice ná mar a reáchtáladh in aon áit eile seachas Baile Átha Cliath. Tá an fhéile tar éis a bheith cois Loch Léin aon uair déag ó bunaíodh mar fhéile aon lae í in 1897 agus tharla deich gcinn de na hócáidí sin ó bhí an bhliain 2010 ann. Bhí an dara hOireachtas déag beartaithe do Chill Airne don bhliain 2021 ach cuireadh ar ceal é mar gheall ar phaindéim Covid-19.

Dúirt Nic Dhonnchadha le Tuairisc gur chuir an chomhairle cathrach i mBéal Feirste isteach ar an gcomórtas leis an bhféile a reáchtáil dhá bhliain i ndiaidh a chéile agus gur éirigh leis an iarratas sin i bprionsabal ach go raibh constaic eile rompu. Ní bheidh an tIonad Idirnáisiúnta Comhdhálacha (ICC) ar fáil deireadh seachtaine an Oireachtais in 2026.

“Oireachtas na bliana seo an t-imeacht is mó acu riamh san ICC agus tá siad ar an bhfón linn seasta síoraí, bíonn cruinnithe againn go minic leo, agus bíonn siad ag iarraidh go mbeadh chuile shórt díreach i gceart. Tuigeann siad gur teist mhaith a bheidh ann ar Bhéal Feirste agus tá siad ag iarraidh go mbeadh an fhéile thar cionn. Tá siad thar a bheith tacúil, agus ní bhíonn drogall ar bith orthu cabhrú linn.

“Chuir Béal Feirste isteach air le haghaidh 2025 agus le haghaidh 2026 agus glacadh leis an iarratas sin. Ach faraor, bhí an ICC in áirithe ag dream eile do dheireadh seachtaine na féile in 2026 agus mar sin beidh muid ar ais i gCill Airne an bhliain seo chugainn.”

Deich mbliana ó shin, luadh go bhféadfadh sé go mbeadh an tOireachtas ar siúl i nGaillimh den chéad uair ó bhí 1993 ann. Bhí an fhéile mar chuid den iarratas a rinneadh le stádas ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’ a bhaint amach do Chathair na dTreabh in 2020. Nuair a d’éirigh leis an iarratas sin, dheimhnigh lucht eagraithe an Oireachtais gur i nGaillimh a bheadh an fhéile i mí na Samhna 2020. Chuir an víreas corónach deireadh leis an bplean sin, áfach, agus níor tháinig an tOireachtas go Gaillimh ó shin.

Tuairiscíodh in 2022 go raibh iarratas le déanamh ag muintir Chois Fharraige an fhéile a reáchtáil sa cheantar Gaeltachta sin in 2024 mar chomóradh ar an gcéad Oireachtas a reáchtáladh sa Ghaeltacht in 1974. Ba i gCill Airne a bhí Oireachtas 2024 sa deireadh.

I samhradh na bliana 2023, lorg an tOireachtas léirithe spéise ó choistí áitiúla i mbailte ar mhaith leo an fhéile a óstáil in 2025. Ba le linn an phróisis sin a d’éirigh le muintir Bhéal Feirste lucht eagraithe na féile a mhealladh chun na cathrach den chéad uair ó bhí 1997 ann. Seo an tríú huair a bheidh an fhéile ar siúl sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna le filleadh ar Chill Airne in 2026'