Tá scéalta beatha ochtar Gael eile atá imithe ar shlí na fírinne curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge ainm.ie, an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh agus an duine ar bunaíodh an bunachar ar a shaothar, Diarmuid Breathnach, ina measc.
Tá breis agus 1,800 beathaisnéis ar an suíomh a bhaineann leis an tréimhse ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann.
Is iad an t-ochtar is deireanaí a cuireadh leis an mbunachar: an seanchaí agus an scéalaí Jimmí Ó Cearra, a bhásaigh in 2020; an bhean déanta scannán agus teilifíse Máirín Seoighe, a bhásaigh in 2022; an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh, a bhásaigh in 2024; an scoláire agus foclóirí Máire Próinséas Ní Chatháin, a bhásaigh in 2018; an t-údar agus an teagascóir Gaeilge Seán Ó Dúnaighe, a bhásaigh i 1965; an craoltóir Seán Ó Tuairisg, a bhásaigh in 2023; an sagart Micheál Mac Gréil, a bhásaigh in 2023; agus an beathaisnéisí agus an t-údar Diarmuid Breathnach.
Bhásaigh Diarmuid Breathanach, a thuill móraitheantas mar chomhúdar ar an tsraith iomráiteach Beathaisnéis, in 2023. Tá na beathaisnéisí a scríobh sé féin idir 1986 agus 2007 ar fáil ar shuíomh ainm.ie. Tá breis agus 1,600 cuntas sa tsraith ar dhaoine a raibh ról tábhachtach acu i saol na Gaeilge. Ba chraoltóir é freisin a chuir tús lena ghairm in RTÉ i 1967 leis an gclár Béarla On This Day. Craoladh leagan Gaeilge den chlár céanna Cothrom an Lae Seo ar Raidió na Gaeltachta.
Rugadh Jimmí Ó Cearra ar an Lochán Beag i 1927 agus bhí cáil an tseanchais ar an teach inar saolaíodh é. Scríobh Jimmí a chuid scéalta síos agus chuir a mhac, Pádraic, eagar ar an gcnuasach faoin teideal Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige. Tá ceithre chéad leathanach de scéalta agus seanchas sa leabhar.
Bhunaigh Máirín Seoighe an comhlacht léiriúcháin Scannáin Dobharchú in éineacht le Máiréad Nic Géidigh. Cláir agus scannáin faisnéise den chuid is mó a rinne sí agus chaith sí cúig bliana is fiche ina mbun. Dhírigh sí go minic ar fhoghrúpaí taobh istigh den Ghaeltacht ina cuid oibre. Bhí sí ina grianghrafadóir le Portráidí Scríbhneoirí Gaeilge freisin.

Mícheál Ó Muircheartaigh
Mandatory Credit ©INPHO/Oisin Keniry
Bhí cáil i bhfad is i ngar ar an tráchtaire spóirt deisbhéalach Micheál Ó Muircheartaigh as Corca Dhuibhne. Ba é an Muircheartach ‘Guth Chluichí na nGael’ ar feadh trí scór bliain agus é ina ‘fhile cúirte neamhoifigiúil’ ag Cumann Lúthchleas Gael. Bhí sé 93 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé.
Mórscoláire a bhí i Máire Próinséas Ní Chatháin, a rugadh i Loch Garman i 1936. Bhí sí ar mheitheal scoláirí a d’oibrigh ar Contributions to a dictionary of the Irish Language in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí sí ina huachtarán ar Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann idir 1997 agus 2002. Bhí lámh aici freisin i mbunú an MPhil i Léann na Meánaoise agus clár fochéime sa tSibhialtacht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Is é Seán Ó Dúnaighe an duine is sine a cuireadh leis an mbunachar an babhta seo, fear a rugadh in 1878 agus a chaith a shaol ag obair chun teanga agus cultúr dúchais na nGael a chur chun cinn. Thug sé ranganna ar son Chonradh na Gaeilge i bPort Láirge agus i gCill Chainnigh agus bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge lánaimseartha ag Cumann na gCeardscoileanna. Scríobh sé trí leabhar le linn a shaoil, Plúr na Gaedhilge, Inghean an Ghearaltaigh agus An crann cuilinn. Bhí lámh aige in obair Choimisiún an Bhéaloidis agus Coimisiún na Logainmneacha freisin.
Bhí Seán Ó Tuairisg as an Lochán Beag ar dhuine den seachtar a fostaíodh nuair a cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun in 1972. Is é an dara duine ón Lochán Beag i gCois Fharraige a cuireadh leis an mbunachar an babhta seo. Tar éis tamaill i RnaG ceapadh ina cheannasaí nuachta é agus ina dhiaidh sin arís ina leascheannaire ar an stáisiún ar fad. Chuaigh sé timpeall na tíre agus an domhain mhóir leis an gclár teilifíse Cúrsaí, obair a thuill Gradam Jacobs dó.

Ba é an sagart Micheál Mac Gréil as contae Mhaigh Eo a chuir beocht as an nua sa phátrún ag Mám Éan i sléibhte Mhám Toirc i nGaeltacht na Gaillimhe agus ba é faoi ndear an altóir nua agus na stáisiúin sa bhealach sléibhe. Chaith sé tréimhse san arm sula ndeachaigh sé leis an tsagartóireacht agus rinne sé mórstaidéar ar chlaontacht agus ar chaoinfhulaingt mhuintir na hÉireann ina leabhar Prejudice and tolerance in Ireland. Bhí baint aige freisin le bunú Feachtas, an ghluaiseacht Ghaeilge don óige.
Is iad Eilís Ní Anluain, Ciarán Mac Murchaidh, Micheál Ó Conghaile, Liam Ó Riain, Lillis Ó Laoire agus Mártan Ó Ciardha a sholáthair na cuntais ar bheathaí an tseisir. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Chló Iar-Chonnacht leis na beathaisnéisí a scríobh.
Fág freagra ar 'Scéalta beatha ochtar Gael eile curtha le ainm.ie'