Deir lucht ceardchumainn go bhfuil an baol ann gur “córas dhá leibhéal” a dhéanfadh éagóir ar imircigh agus an lucht oibre an toradh a bheidh ar phlean earcaíochta Gaeilge an rialtais.
In aighneacht a chuir an ceardchumann Fórsa faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúradh go bhféadadh sprioc earcaíochta an rialtais córas a chruthú a thabharfadh ardú céime “go tapa” don chainteoir Gaeilge fad is go bhfágfaí ar leataobh daoine nach bhfuil “na deiseanna céanna” acu.
Is í an sprioc atá sa reachtaíocht teanga ná gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Deir Fórsa go gcaithfear a bheith cúramach faoin tslí a dtabharfar faoin sprioc sin a bhaint amach.
“Má dhéantar iarracht an sprioc go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí a bhaint amach ar bhealach a chuireann teorainn leis na deiseanna atá ann do dhaoine nach bhfuil sí [an Ghaeilge]acu, tá an baol ann go gcuirfear constaicí breise roimh fhorbairt seirbhís phoiblí atá ionadaíoch le fírinne ar éagsúlacht ár sochaí.”
Deir Fórsa, a mbíonn ionadaíocht á déanamh aige ar 90,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí, go bhfuil an baol ann má dhéantar “cúngú” ar líon na ndaoine a d’fhéadfadh dul isteach sa tseirbhís phoiblí go ndéanfar “níos deacra” é ar dhaoine nach as Éirinn iad imeascadh sa phobal.
Deirtear in aighneacht Fórsa go bhfuil gluaiseacht na gceardchumann “mórtasach” as an stair atá aici maidir le “cur i gcoinne an chiníochais, na biogóideachta agus an tseicteachais”.
Deirtear gur léirigh páipéar oibre inmheánach de chuid Publicjobs gur ‘Éireannaigh gheala’ 97% de na daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí agus go bhfágann “critéir cháilitheachta déine” ródheacair ar fad é d’inimircigh cur isteach ar phoist.
Deir Fórsa chomh maith gur mhór an trua dá gcuirfeadh riachtanas Gaeilge cosc ar a thuilleadh daoine ón lucht oibre cur isteach ar phost sa tseirbhís phoiblí.
“Caithfear aon bheartais chun cur le húsáid na Gaeilge a chur i bhfeidhm ar bhealach a chinntíonn nach mbíonn siad ina gconstaicí roimh dhaoine ar mian leo dul isteach sa tseirbhís phoiblí agus a n-éireodh leo tuilleadh éagsúlachta a thabhairt isteach san earnáil agus tacú le seirbhísí poiblí ionchuimsitheacha.”
Tá Fórsa ag iarraidh an sprioc 20% a phlé leis an gcoiste comhairleach a bunaíodh chun straitéis a ullmhú do chur i bhfeidhm phlean earcaíochta Gaeilge an rialtais. Ba chóir, a deir an ceardchumann, fáil amach cén t-éileamh a bheadh ar sheirbhísí Gaeilge.
Tá imní ar an gceardchumann go bhfágfaidh an plean “faoi mhíbhuntáiste” oibrithe agus earcaigh nua nach bhfuil dóthain Gaeilge acu chun gnó an stáit a dhéanamh trí Ghaeilge.
Is é Teastas Eorpach na Gaeilge leibhéal B2 an tslat tomhais atá i gceist le cumas Gaeilge a mheas sa phlean earcaíochta, rud a d’fhéadfadh go leor daoine a chur ó dhoras nuair a bhíonn comórtais d’ardú céime ann, a deir Fórsa.
“Laghdódh seo na deiseanna gairme ag daoine ar fud na hearnála poiblí agus ní bheadh aon ghlacadh ag ár mbaill leis sin.”
Chun é sin go léir a sheachaint deir Fórsa gur chóir don rialtas cur go mór leis na deiseanna oiliúna atá ar fáil d’oibrithe agus am saor ar lán-phá a thabhairt d’oibrithe chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
“Mura ndéantar é sin d’fhéadfaí ‘leithcheal ó thaobh deiseanna’ a chruthú a thabharfadh buntáiste ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu do dhaoine atá líofa cheana sa Ghaeilge agus an cumas acu gnó an stáit a dhéanamh trí Ghaeilge.
Deirtear san aighneacht, a pléadh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, go gcaithfidh an rialtas a chinntiú go bhfuil fáil ag gach aon duine ar na deiseanna oibre céanna. Tá sin tábhachtach, a deirtear, go háirithe, ó tharla go dteipeann ar an stát an Ghaeilge a theagasc do dhaoine ar scoil.
Deir Fórsa gur “sampla eile” é an sprioc earcaíochta 20% de chinneadh rialtais téarmaí agus coinníollacha oibre a athrú trí reachtaíocht dhíreach seachas trí idirbheartaíocht le hoibrithe sa tseirbhís phoiblí.
Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt Paul MacSweeney ón gceardchumann go rabhthas ag iarraidh ar an Rialtas dul i dteagmháil láithreach le ceardchumainn maidir leis an sprioc 20% sa reachtaíocht.
Dúirt sé nár chuaigh an rialtas i gcomhairle le Fórsa nuair a bhíothas ag ullmhú an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí as Gaeilge ná faoin bPlean Gníomhaíochta do 2025-2027 atá á ullmhú go fóill.
‘Caithfidh aon dearadh ar chleachtais earcaíochta a d’fhéadfadh srian nó teorainn a chur le deiseanna fostaíochta do dhaoine aonair nach bhfuil cumas sa Ghaeilge acu a bheith bunaithe
ar fhianaise agus nasctha le héileamh seirbhíse,’ a dúirt sé.
Breandán
Teip eile ag an Roinn Oideachais. Ochón Ochón!
Seanán Mac Aoidh
Cúngaigeantacht an bhéarlóra aonteangaigh á nochtú anseo. Thiocfaí an argóint chéanna a dhéanamh fán Bhéarla a bheith ina bhac ar dhaoine nach raibh na deiseanna céanna acu an teanga a fhoghlaim. Neamh-argóint í i ndáiríribh. Má tá sé maith go leor riachtanais teanga a chur i bhfeidhm i gcúrsaí earcaíochta sa státchóras i dTír na mBascach, an Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin, ba cheart go mbeadh sé maith go leor sa stát bheag seo a bhfuil neamhspleáchas polaitiúil le fada aige. Ach, is cinnte gur moladh ciallmhar é ón cheardchumann Fórsa bliain íoctha saor ó ghnáthdhualgais a thabhairt d’oibrithe le Gaeilge a fhoghlaim – scéim a bhfuil a mhacasamhail acu sa Bhreatain Bheag, an Bhriotáin agus Tír na mBascach.
Pádraig
Ráiméis gan deallramh is ea cuid mhór den “imní” sin atá á léiriú ag Fórsa, agus ba cheart go mbeadh a fhios san acu.
Bhí plé ar an ardán seo le déanaí ar chás theanga na Rúisise san Eastóin agus beirt allúrach (“imircigh”) is mó a bhí rannpháirteach sa díospóireacht sin.
Agus bhí togha na Gaeilge acu araon.
Nár bhreá linn dá bhféadfaimís bheith ag plé lena leithéidí sin, mar shampla, agus iad ina bhfeidhmeannaigh sa Státsheirbhís seachas an bhriolla-bhrealla a chuirtear ar fáil dúinn fé láthair?
Tá na heachtrannaigh ar na daoine is fearr chun an teanga seo ‘gainne (nó aon teanga eile, dar liom) a phriocadh suas ach a gcuirtear na deiseanna ar fáil dóibh.
Na hÚcráinigh go mórmhór.
Cogar, a Fhórsa, ní baol do dhuine ar bith an Ghaeilge ó thaobh fostaíochta de ná ó aon taobh eile de ach oiread;
is amhlaidh atá sí i staid an-leochaileach fén Stát seo agus ba cheart gach aon taca, gach aon phrapa agus gach aon bhuntáiste a thabhairt di.
An sprioc sin atá leagtha síos (20% earcaíochta ), an gcreideann éinne go gcuirfear i bhfeidhm í?
Ba liosta le háireamh na ‘spriocanna’ a leagtar síos sa tír seo gach aon bhliain, spriocanna ná bíonn brí, bun ná bunús lena bhfurmhór.
Ní gá ach na ‘spriocanna tithíochta’ a lua.
Deir Fórsa nach múineann an Stát Gaeilge sna scoileanna ach is cosúil go bhfuil siad breá sásta glacadh leis an leithcheal sin ar chearta daoine.
Cumá nach ndéanann siad agóid faoi sin?
Bhuel is féidir an céatadán de na scoileanna sin (nach múineann Gaeilge) a chur as an áireamh ach a mbeidh an 20% á earcú amach anseo, má bheidh.
Faoiseamh mór dóibh an méid sin, b’fhéidir.
Dónall Ó Mearáin
Tá daoine a bhfuil Gaeilge acu á n-earcú chun spriocanna an stáit a bhaint amach. Cén éagóir atá i gceist?
Diarmuid
Fuair mé neart maslaí – agus bagairtí!!! – nuair a labhair mé Gaeilge leis na stait seirbhísí. Ball iad de Forsa, is docha…
Seán Mag Leannáin
Deirtear in aighneacht Fórsa go bhfuil gluaiseacht na gceardchumann “mórtasach” as an stair atá aici maidir le “cur i gcoinne an chiníochais, na biogóideachta agus an tseicteachais”. Diúltaím scun scan don tuiscint atá sa ráiteas seo – go mbaineann an teanga leis an seicteachas, an bhiogóideacht nó an ciníochas. A mhalairt ar fad, más fíor in aon chor é: is iad na daoine a bhfuil an Ghaeilge acu atá faoi mhíbhuntáiste de bharr na biogóideachta agus an chiníochais. Go stairiúil níor chabhraigh na ceardchumainn riamh le cúis na Gaeilge. Bhí siad go mór ar son deireadh a chur le haon riachtanas Gaeilge le haghaidh aon phost sa státchóras a chuir an Comhrialtas Fine Gael/Páirtí an Lucht Oibre i bhfeidhm i lár na seachtóidí.