San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Fionntán de Brún i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra.
Pléitear conspóid na comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh, mar a bhfuil páirtithe aontachtacha in adharca a chéile faoi cé acu is naimhdí don Ghaeilge. Caitear súil chun cinn ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus pléitear na scéalta is déanaí sa toghchán uachtaránachta.
Agus ar deireadh, caitear súil ar chlár nua Imelda May ar RTÉ Amhráin na nGael a bheidh á chraoladh anocht, Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Droch-chomharthaí – ‘Cul de sac’ scriosta ag an UDA ar fhaitíos gur Gaeilge atá ann'