Calleary ag iarraidh soláthar do thithíocht sa nGaeltacht a chur i bplean nua an rialtais

Dúirt an tAire Dara Calleary, a raibh cruinniú aige leis an Aire Tithíochta an tseachtain seo, go raibh sé ag iarraidh go mbeadh beart don Ghaeltacht leagtha amach go sonrach sa bplean tithíochta nua

Calleary ag iarraidh soláthar do thithíocht sa nGaeltacht a chur i bplean nua an rialtais

An tAire Dara Calleary

Deir an tAire Dara Calleary go bhfuil sé mar “thosaíocht” aige go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht mar chuid den phlean tithíochta nua atá á fhorbairt ag an rialtas.

Dúirt Aire na Gaeltachta go bhfuil an moladh pléite aige cheana féin leis an Aire Tithíochta James Browne agus go bhfuil cainteanna ar bun maidir le cén chaoi gur féidir tabhairt faoi.

Tá plan tithíochta nua á ullmhú ag an gcomhrialtas le roinnt míonna anuas agus súil ann go bhfoilseofar é sna seachtainí amach romhainn. Tiocfaidh an plean nua in áit an phlean ‘Tithíocht do Chách’, a seoladh ceithre bliana ó shin agus atá cáinte ag an bhfreasúra.

Agus é ag labhairt sa Dáil inné ar an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, dúirt Calleary go raibh cruinniú aige leis an Aire Browne an tseachtain seo inar pléadh cás na Gaeltachta.

“Tá roinnt rudaí an-tábhachtach pléite againn, go háirithe an tosaíocht atá agam maidir leis an phleanáil agus soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta agus an gá go gcinnteofar go mbeidh soláthar maidir leo sa bplean tithíochta atá le teacht,” a dúirt an tAire Calleary.

Is ag tabhairt freagra ar cheist ón Teachta Dála Conor McGuinness a bhí an tAire Calleary. Cé gur dhúirt an urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin gur chuir sé fáilte roimh an gcomhoibriú idir an bheirt airí faoi chás na Gaeltachta, dúirt sé go raibh sé “ana-dheacair gan a bheith soiniciúil” bunaithe ar iarrachtaí an rialtais an fhadhb a réiteach roimhe seo.

Dúirt McGuinness gur bagairt eiseach don Ghaeltacht agus do cheantair tuaithe eile a bhí san easpa tithíochta a bhí ar fáil do dhaoine óga ach nach bhfeictear dó “go bhfuil na hacmhainní cuí nó na cumhachtaí cuí nó an toil pholaitiúil ann chun dul i ngleic léi”.

Luaigh an tAire Dara Calleary freisin go raibh iarrtha aige féin agus ag an Aire Browne go gcuirfí dlús faoin obair atá ar bun ar na treoirlínte pleanála teanga don Ghaeltacht.

Tá an obair ar na treoirlínte anois ar bun le ceithre bliana anuas agus cé go bhfuil sé maíte ag amanta éagsúla roimhe seo ag Roinn na Gaeltachta agus freisin ag an Roinn Tithíochta go bhfuil a gcuid oibre orthu críochnaithe, is léir go bhfuil an obair fós ag dul ar aghaidh.

“Tá oifigigh sa dá roinn fós ag obair lena chéile ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltachta. Tá sé iarrtha agam féin agus ag an Aire Browne go gcuirfí dlús faoin obair sin agus tá mé ag iarraidh go mbeadh na treoirlínte foilsithe chomh luath agus is féidir,” a dúirt an tAire Calleary.

Dúirt Calleary i rith an tsamhraidh go bhfoilseofaí na treoirlínte roimh dheireadh na bliana.

Fág freagra ar 'Calleary ag iarraidh soláthar do thithíocht sa nGaeltacht a chur i bplean nua an rialtais'