Deir an ceardchumann is mó sa tír atá ag freastal ar oibrithe seirbhíse poiblí go bhféadfadh go gcaithfí breis is bliain saor le pá a thabhairt d’oibrithe chun an Ghaeilge a fhoghlaim má tá sprioc earcaíochta an stáit le baint amach.
Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge maidir le cúrsaí earcaíochta sa tseirbhís phoiblí agus na dualgais atá leagtha amach san Acht Teanga, dúirt urlabhraí ó Fórsa go gcaithfí ranganna Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe seirbhíse poiblí ar mhian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.
Dúirt sé go gcaithfí an fhoghlaim sin a dhéanamh in áit a ngnáthdhualgas agus go bhféadfadh go gcaithfí tuilleadh daoine a fhostú sa tseirbhís chun an gnáthobair sin a dhéanamh a fhad is a bheadh oibrithe i mbun staidéir ar an nGaeilge.
Is í an sprioc atá sa reachtaíocht teanga ná gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Dúirt Paul MacSweeney, Rúnaí Cúnta le Fórsa, go dtacaíonn an ceardchumann “go hiomlán le tionscnaimh a chuireann ar chumas oibrithe úsáid a bhaint as an nGaeilge, ina saol gairmiúil agus ina saol sóisialta”, ach thagair sé go minic “d’uaillmhian” na sprice 20% agus don achar gearr ama a bhí fágtha sula dtiocfadh sí i bhfeidhm.
Mar chuid de thaighde a rinneadh don Phlean Náisiúnta um Seirbhísí Poiblí Gaeilge, thug 11% de rannpháirtithe sa tseirbhís phoiblí le fios go raibh siad inniúil i labhairt na Gaeilge ach dúirt MacSweeney gurb é a thuairim féin ná go bhfuil an figiúr níos ísle ná sin.
Breis is 90,000 oibrí san earnáil phoiblí atá ina mbaill de Fórsa.
Má tá an stát chun an sprioc a bhaint amach, dúirt MacSweeney go gcaithfeadh “rochtain chóir dhóthanach” a bheith ag baill an cheardchumainn “ar oiliúint” agus nach obair bhreise a bheadh san oiliúint sin.
“D’fhéadfaí go n-áireofaí leis [an rochtain] fáil a bheith ar chúrsaí Gaeilge agus am saor le pá óna gcuid gnáthdhualgas chun a gcuid foghlama agus a gcuid uasoiliúna sa teanga a éascú ionas go mbainfidh siad amach an cumas atá ag teastáil,” a dúirt sé.
Deir Fórsa go n-aithnítear duine a bhfuil leibhéal B2 sa nGaeilge faoi chóras TEG bainte amach acu mar dhuine a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.
Maítear go dtógfadh sé duine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu idir 1,090 – 1,300 uair an chloig staidéar an caighdeán sin a bhaint amach, nó 31-37 seachtain oibre. Suas le 2,300 uair an chloig nó beagnach 66 seachtain oibre a thógfadh sé leibhéal C1, an leibhéal is airde, a bhaint amach.
Má tá an stát ag iarraidh an sprioc 20% a bhaint amach, ní amháin go gcaithfí oibrithe a íoc chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh, ach seans go gcaithfí tuilleadh daoine a fháil chun obair na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a dhéanamh, a dúirt Paul MacSweeney.
“Má tá daoine ar na cúrsaí, níl siad ar fáil ag an am sin lena n-obair a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh gá le daoine a fhostú ar feadh cúpla bliain ionas go mbeadh daoine in ann freastal ar na cúrsaí. B’fhéidir go mbeadh gá leis sin,” a dúirt sé.
Dúirt MacSweeney nach raibh aon idirbheartaíocht fhiúntach ann idir an rialtas agus na ceardchumainn maidir leis na himpleachtaí a bheadh ag an reachtaíocht teanga ar oibrithe na hearnála poiblí agus nár rinneadh aon teagmháil le Fórsa maidir le hullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ná maidir hullmhú an chéad phlean gníomhaíochta atá le dul leis.
Deir Fórsa gur chóir don choiste
Aontaímid go diongbháilte gur chóir go mbeadh an rogha ag daoine fáil a bheith acu ar ár seirbhísí poiblí inár dteanga náisiúnta. Mar sin féin, ní mór go mbeadh éileamh ar sheirbhísí poiblí le go ndéanfaí soláthar orthu, ar gné é atá aitheanta sa Phlean Náisiúnta freisin. Mar sin féin, níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon sonraí ar fáil chun an méid éilimh atá ag úsáideoirí seirbhíse feadh na hearnála poiblí faoi láthair a aithint.
Luadh ag pointe eile sa gcruinniú imní go bhféadfadh an reachtaíocht ‘córas dhá leibhéal’ a chruthú agus go ndéanfaí “faillí” ar oibrithe gan Gaeilge mura gcuirtear níos mó deiseanna oiliúna ar fáil.
Seanán Mac Aoidh
Aontaím leis seo. Tá a leithéid chéanna ar fáil i dTír na mBascach agus sa Bhreatain Bheag ar feadh mo thuigbheála. Má tá an dá thír seo nach bhfuil neamhspleáchas polaitiúil acu ábalta an deis seo a chur ar fáil d’oibrithe agus muna bhfuil Éire, níl muid ach ag cur i gcéill fá neartú na teanga sa tseirbhís phoiblí. Lena chois sin, neartódh beartas den chineál seo eacnamaíocht theagasc agus thumoideachas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ciallmhar agus fadradharcach.
Dáithí Mac Cárthaigh
Bíonn an deis ag fostaithe an Aontais Eorpaigh freastal ar ranganna teanga mar chuid den lá oibre.