Ní thuigeann muid an fhíorchontúirt a bhaineann leis an gcogadh núicléach

Tá an domhan go léir i mbaol a scriosta ach peaca marfach é labhairt faoin tsíocháin

Ní thuigeann muid an fhíorchontúirt a bhaineann leis an gcogadh núicléach

Ag caint le mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, thug Catherine Connolly, iarrthóir don Uachtaránacht, foláireamh faoi bhaol an chogaidh.

Dúirt sí go raibh an domhan “ag normalú an chogaidh agus ag normalú an chinedhíothaithe”, agus gur peaca marfach anois é labhairt faoin tsíocháin. Dúirt sí go gcaithfeadh Éire, mar thír neodrach, tacaíocht a thabhairt don tsíocháin, go háirithe i bhfianaise ár stair mar thír ghafa, ár dtaithí ar ghoimh agus ar na Trioblóidí agus an próiseas síochána ina dhiaidh sin i dTuaisceart Éireann.

Tá a lán cainte ann i láthair na huaire faoi chogadh, ach ní ag iarraidh é a sheachaint atá an chuid is mó den tráchtaireacht reatha, ach ag glacadh leis agus ár ngríosú le bheith ullamh don tubaiste atá ag teacht.

Tá an scéalaíocht sin bunaithe ar an argóint go bhfuil an Rúis ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an Eoraip ar fad, is ar a cuid comharsan ar an gcéad dul síos. Ní féidir cogadh a sheachaint, de réir na hinsinte seo, agus mar sin, ní fiú leas a bhaint as an taidhleoireacht nó idirbheartaíocht idir stáit in iarracht teacht ar shocrú a sheachnós cogadh iomlán.

Is maith is cuimhin linn an freagra a fuair Sabina Higgins, bean chéile an Uachtaráin, nuair a labhair sise faoin tsíocháin thiar in 2022.  Mar is eol dúinn thug rialtas na tíre seo tacaíocht don Úcráin in aghaidh ionradh na Rúise, ach meas tú cé mhéad Úcránach óg a bheadh fós ina mbeatha dá n-éistfí le Sabina Higgins?

Tuairiscítear, i gcáipéis rúnda de chuid na hÚcráine, go bhfuil 1.7 milliún Úcránach básaithe, as a gcumas de bharr créachta, nó ar iarraidh i gcomhrac ó cuireadh tús leis an gcogadh.

Feictear dom, ámh, go bhfuil an chuid is mó de na tráchtairí is de na polaiteoirí an-réchúiseach faoin gcogadh. Molann siad don Úcráin leanacht leis an gcogadh – agus leis na caillteanais – cé go bhfuil sé admhaithe le fada acu nach féidir leis an Úcráin an cogadh a bhuachan.

Is cosúil go bhfuil dhá sprioc acu san Eoraip. An Úcráin a choinneáil mar chuid neamhoifigiúil de chomhghuaillíocht NATO trí shaighdiúirí ó NATO a chur isteach mar chuid de shocrú cogaidh – in ainneoin go bhfuil sé ráite go láidir ag an Rúis nach nglacfaidís lena leithéid de shocrú.  (Tá sé ráite ag Taoiseach na tíre seo, Micheál Martin, go bhfuil Éire sásta a bheith páirteach i “misean síochána” san Úcráin, bíodh muid neodrach nó ná bíodh.)

Agus an dara sprioc: na Stáit Aontaithe a tharraingt isteach chun an cogadh a fhearadh.

Maidir lena raibh le rá ag Donald Trump faoi seo, is tábhachtaí i gcónaí a ndéanann ná a ndeir sé. Sa chomhthéacs seo tá sé sásta go leanfaí leis an gcogadh is go n-íocfadh an Eoraip as, ach níl sé i gceist aige go nglacfadh Meiriceá aon pháirt go díreach ann, ná oiread is pingin rua a chaitheamh air.

Éist lena raibh le rá ag Scott Bessent, Rúnaí Státchiste Mheiriceá, faoi scéalta go bhfuil an Rúis ag cur isteach ar aerspás thíortha NATO. Dúirt sé go raibh Putin tosaithe ag déanamh ionsaí ar theorainneacha NATO agus go bhféadfaí a bheith cinnte de nach mbeadh na Stáit Aontaithe “páirteach le trúpaí nó rud ar bith den sórt sin”.

Sé sin le rá, má bhíonn cogadh ann, beidh an Eoraip ina haonar.

Tá an cogadh san Úcráin, seach-chogadh idir NATO agus an Rúis, sách uafásach cheana féin, ach an dtuigeann na tráchtairí a labhraíonn chomh suaimhneach sin faoi mhórchogadh go scriosfar an domhan ar fad má imíonn an scéal as smacht agus má bhíonn cogadh núicléach ann?

Nach fearr gach iarracht a dhéanamh a leithéid a sheachaint, mar ag deireadh thiar, tá rogha shimplí ann maidir le cogadh núicléach: scrios an domhain ar fad, nó gan cogadh núicléach a cheadú.

Agus sa chomhthéacs sin is cóir cuimhneamh go dtiocfaidh deireadh leis an gconradh Tús Nua a síníodh idir Cónaidhm na Rúise agus na Stáit Aontaithe i mí Feabhra 2011. Bearta chun Laghdú agus Srianta Breise a chur ar Airm Ionsaitheacha Straitéiseacha an t-ainm eile ar an gconradh sin a mhairfidh go dtí an 5 Feabhra, 2026 agus de chuspóir leis srianta a chur ar airm núicléacha. Mhol na Rúisigh leanacht leis an gconradh, ar feadh bliana eile, ach go fóill, níor thug Trump aon fhreagra ar an tairiscint sin.

Nach léir go bhfuil sé thar a bheith dainséarach a bheith ag labhairt go réchúiseach faoi chogadh is gan aird a thabhairt ar dheireadh a bheith ag teacht le conradh atá ar mhaithe le hairm núicléacha a laghdú?

Mura músclaíonn muid agus an chontúirt a bhaineann leis seo a aithint anois, seans nach mbeidh aon mhúscailt i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Ní thuigeann muid an fhíorchontúirt a bhaineann leis an gcogadh núicléach'

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí an gleo céanna ó lucht gríosaithe cogaidh thiar i 1963 ach labhair na hiar-shaighdiúirí Kennedy agus Khruschov le chéile agus shábháil siad an domhain ó chogadh núicleach. A leithéidí atá de dhíth faoi láthair…..

  • Tony

    Is é comhairle Murphy maidir le síocháin a bhaint amach ná a rá go bhfuil ionsaí agus féinleasa ceart. Ádh mór leis sin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá an cogadh san Úcráin, seach-chogadh idir NATO agus an Rúis”? An amhlaigh nach nglacann tú leis gurb é an Rúis atá ag cur cogaidh ar an Ucráin, Eoin? An amhlaigh nach nglacann tú le sin fós?

    Is léir ón alt nach gcreideann tú go raibh agus go bhfuil sé de cheart ag an Ucráin an tír a chosaint ón ionsaí míleata a rinne an Rúis agus cúnamh a fháil ó thíortha eile i bhfoirm armlóin? Nó an gcreideann tú go mba cheart do aon tír a ionsaítear ag an stát níos láidre ná an tír a ghéilleadh, ar mhaithe le ‘síocháin’ de chineál éicint, mar a rinne rialtas na Fraince faoi Pétain ?

  • Noel

    Tá an ceart ag Eoin. Tá sé ráite go soiléir arís agus arís eile ag Putin agus ag an Rúis go n-úsaidfidh siad airm núicléacha má tá a bhflaitheas i mbaol. Ba chóir iad a chreidiúnt. Is cuid den Rúis iad na críocha fuascailte anois agus má dhéanann an Úcráin iarracht iad iad a ghabháil ón Rúis le tacaíocht an iarthair ní bheidh aon rogha ag Putin ach airm núicléacha a úsaid.