‘Easpa measa agus tuisceana’ á léiriú ag an Roinn Oideachais ar thábhacht cúrsaí Gaeltachta 

‘Drochfhasach amach is amach é’ an cinneadh gur leor cúrsaí ‘Gaeltachta’ a dhéanamh ar líne chun cáiliú mar mhúinteoir, a deir iar-aire Gaeltachta

‘Easpa measa agus tuisceana’ á léiriú ag an Roinn Oideachais ar thábhacht cúrsaí Gaeltachta 

Léiríonn dearcadh an Aire Oideachais i leith cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí a laghad “measa” agus “tuisceana” atá ag an Roinn Oideachais ar thábhacht na gcúrsaí sin.

B’in a bhí le rá ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív faoi fhreagra a thug an tAire Oideachais Norma Foley ar cheist a chuir sé uirthi faoi chás na gcúrsaí Gaeltachta le linn na paindéime.

Thug an tAire Foley le fios sa bhfreagra ar an gceist Dála gur leor cúrsa ‘Gaeltachta’ a dhéanamh ar líne chun cáiliú mar mhúinteoir i mbliana. 

De ghnáth bíonn ar na hábhair oidí ‘Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’ a dhéanamh chun go mbeidís cáilithe ach ní féidir sin a dhéanamh faoi láthair de dheasca na paindéime.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur cheart aitheantas sealadach a thabhairt do mhúinteoirí nua nó go mbeadh an deis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Ach dúirt an tAire Oideachais gurb ionann na cúrsaí ar líne agus ‘Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’ agus nach bhfuil sé i gceist aon “cheangal” a chur ar dhaoine a bhainfidh a gcéim amach samhradh na bliana seo “tuilleadh Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht” a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Dúirt Éamon Ó Cuív nach raibh an freagra sin “sásúil ar chor ar bith” agus gur “drochfhasach amach is amach” a bhí sna cúrsaí ar líne.

“An meon atá ann is cosúil gur leor cúrsa ar líne in áit tréimhse sa Ghaeltacht. Léiríonn an meon sin a laghad measa agus tuisceana atá ann ar an tábhacht a bhaineann leis an tréimhse sa Ghaeltacht do gach múinteoir.

“Seachas a bheith ag cur leis na cúrsaí sa Ghaeltacht mar ba cheart, an teachtaireacht atá á tabhairt ná nach rud tábhachtach atá sa tréimhse sa Ghaeltacht agus nach rud bunúsach é le bheith cáilithe mar mhúinteoir. Tá a fhios againn an chaoi a n-oibríonn na rudaí seo agus má deireann tú i mbliana gur leor cúrsa ar líne tá sé níos éasca a rá gur leor cúrsa ar líne an chéad bhliain eile,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt stiúrthóir coláiste Gaeilge Gaeltachta le déanaí gur “sop in áit na scuaibe” atá sna cúrsaí ‘Gaeltachta’ atá le reáchtáil d’ábhair oidí ar líne i mbliana, moladh a dtacaíonn Éamon Ó Cuív leis.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua i nGaillimh gur chóir go mbronnfaí aitheantas sealadach mar mhúinteoirí ar na hábhair oidí go dtí go mbeidh deis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht

“Níl sna cúrsaí Gaeltachta seo ar líne ach sop in áit na scuaibe. Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne, caithfidh tú seasamh inti,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sé mar “aidhm chomhroinnte ag na geallsealbhóirí uile” go bhfaigheadh mic léinn “clár ardchaighdeáin ar líne”.

Dúirt an tAire go raibh na coláistí oiliúna agus na coláistí Gaeltachta ag obair as lámha a chéile faoi láthair ar na socruithe do na cúrsaí ar líne chun go bhféadfaí ‘An Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’ a sholáthar i mbliana.

Fág freagra ar '‘Easpa measa agus tuisceana’ á léiriú ag an Roinn Oideachais ar thábhacht cúrsaí Gaeltachta '

  • Antóin

    Aire Oideachais Fhianna Fealltach Fáil ag déanamh obair Fhine gan Ghael, ag beartú seifteanna lenár ndíghaelú. Mo thrua an Teachta Dála Ó Cuív a chaithfidh cur suas lena leithéid sa pháirtí a bhunaigh De Valera.

    Más ionann cúrsaí ar líne agus cúrsaí sa Ghaeltacht mar a chreideann an tAire gach seans gurb ionann ranganna ar líne agus ranganna ar scoil agus gurb ionann cúrsaí ar line agus cúrsaí sna hollscoileanna. B’fhéidir go bhfuil sé in am mar sin scoileanna na tíre agus ollscoileanna na tíre a dhúnadh agus báta is bóthar a thabhairt don Aire.

  • Mairead de Faoite

    Aontaim go hiomlan le Eamon agus Antoin.

    Máiread