‘Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne’ 

Tá moladh le déanamh don Aire Oideachais gur cheart aitheantas sealadach a thabhairt do mhúinteoirí nua nó go mbeidh an deis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht

‘Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne’ 

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív chun moladh don Aire Oideachais gur aitheantas sealadach a thabharfaí do mhúinteoirí nua nó go mbeadh an deis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil an méid sin le Tuairisc.ie tar éis do stiúrthóir coláiste Gaeilge Gaeltachta a rá gur “sop in áit na scuaibe” atá sna cúrsaí ‘Gaeltachta’ atá le reáchtáil d’ábhair oidí ar líne i mbliana.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua i nGaillimh gur chóir go mbronnfaí aitheantas sealadach mar mhúinteoirí ar na hábhair oidí go dtí go mbeidh deis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht

“Níl sna cúrsaí Gaeltachta seo ar líne ach sop in áit na scuaibe. Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne, caithfidh tú seasamh inti. Caithfidh tú fanacht le muintir na Gaeltachta agus an teanga a fhoghlaim uathu. Níl sé féaráilte ar na hábhair oidí nach mbeadh an deis sin acu,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Ba cheart don Chomhairle Múinteoireachta aitheantas sealadach a bhronnadh orthu agus ligean dóibh a dtréimhse cheart a chaitheamh sa Ghaeltacht amach anseo nuair a bheidh cead sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís aitheantas buan a fháil ansin. Ní thuigim cén difríocht a dhéanfadh sé ach dhéanfadh sé an-difríocht do na hábhair oidí an taithí Ghaeltachta a bheith acu.

“Tá mé ag plé le hábhair oidí ó 1972 agus tuigeann aon duine gur mhaith leo go mairfeadh an Ghaeilge bheo, tuigeann sé dá mhéid ama a chaitheannn ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht, is fearr é,” arsa Ó Domhnaill.

Dúirt Éamon Ó Cuív “nach bhfuil ach bealach amháin ann le labhairt na Gaeilge a fhoghlaim agus sin cónaí ar feadh tamaill ina measc siúd atá á labhairt chuile lá”.

Dúirt Ó Cuív chomh maith gur cheart feidhm a thabhairt láithreach don gheallúint sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go gcaithfeadh ábhair oidí tréimhsé níos faide sa Ghaeltacht.

Tá na cúrsaí atá le déanamh ar líne ag na hábhair oidí i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar an méid airgid atá á ghearradh ar mhic léinn áirithe chun iad a dhéanamh.

Beidh costas €650 an duine i gceist le freastal ar chúrsa coicíse ar líne i mbliana agus cé go mbeidh an costas sin clúdaithe ag an stát d’ábhair oidí áirithe, ní bhfaighidh mic léinn atá ag freastal ar Choláiste Hibernia aon deontas stáit.

An Roinn Oideachais agus Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) a shocraigh an praghas nua.

Meastar go mbeidh ar 1,750 mac léinn an choláiste sin an táille a íoc i mbliana agus baol ann go mbeidh ar an 950 acusan a bhfuil bliain eile staidéar fós le déanamh acu an táille a íoc arís in 2022 mura bhfuiltear in ann na cúrsaí a reáchtáil sa Ghaeltacht arís.

Costas €750 a bhí ar na cúrsaí roimhe seo agus costas bia agus lóistín san áireamh ansin.

Fág freagra ar '‘Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne’ '

  • Éamonn

    An gciallaíonn cúpla seachtain sa nGaeltacht cumas líofa sa nGaeilge? Ní chiallaíonn, muise. Tá aithne agam ar an-chuid nua-chainteoirí a bhfuil scoth na Gaeilge breátha acu gan lá ar bith caite sa nGaeltacht. Ní hé sin le rá nach fearr an Ghaeltacht, ach is féidir an teanga a fhoghlaim gan í. Céard faoi chaighdeáin dháiríre? Ba cheart go mbeadh leibhéal C1 bainte amach ag gach uile mhuinteoir Gaelscoile, Gaelcholáiste agus an abháir i scoileanna Béarla.