Easpa cúl Átha Cliath, cleasa na gcúl báire, siléig na nDéiseach agus todhchaí Thiobraid Árann

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine

Séamus Callanan agus Jake Morris. Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Cinntí le déanamh ag laochra na dTiobraid Árannach

Agus slán fágtha ag Tiobraid Árann le craobh na bliana seo, tá gach seans ann go bhfuil slán fágtha ag cuid de laochra iomána na dTiobraid Árannach leis an imirt idirchontae freisin. Bhí neart cainte le roinnt blianta anuas faoi seanfhondúirí Thiobraid Árann agus an mbeadh siad sásta cromadh ar an obair ar feadh bliana eile ach shamhlófá go bhfuil deireadh déanta anois ag a bhformhór.

Tá leithéidí Phádraic Maher, Brendan Maher, Séamus Callanan agus Noel McGrath ag imirt d’fhoireann shinsir Thiobraid Árann le breis is 12 bliain ach bheadh siad áirithe i measc na n-imreoirí is fearr a d’imir don chontae riamh. Níl aon amhras, áfach, nach raibh an tionchar céanna acu ar chluichí i mbliana agus a bhí blianta eile.

Beidh ceist mhór ann faoi thodhchaí Liam Sheedy freisin. Níl aon chur síos ar an spreagadh a thug sé dá chontae le breis is deich mbliana anuas agus ar an tábhacht a bhí leis.

Nuair a d’fhógair Sheedy gan choinne in 2010 go raibh sé ag éirí as mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann, díreach cúpla mí tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan, bhí an fhoireann i mbarr a réime. Níl sé sin fíor faoi láthair agus na Tiobraid Árannaigh céim chun deiridh ar na foirne is fearr sa tír. Tá roinnt oibre ag teastáil chun iad a thabhairt chun cinn arís agus beidh le feiceáil an é Sheedy a tabharfaidh fúithi.

 

Conor Prunty agus Seamus Callanan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Taispeántas 70 nóiméad ag teastáil ó Phort Láirge

Tá an chuma ar an scéal anois gurb iad Port Láirge an fhoireann is fearr a thabharfaidh dúshlán Luimnigh i gcraobh na bliana seo agus tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile sa bhabhta leathcheannais Dé Sathairn seo chugainn.

Bhí amhras ann an mbeadh na Déisigh in ann feabhsú i mbliana i ndiaidh dóibh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh, go háirithe agus Tadhg de Búrca in easnamh orthu i mbliana. Ach tá a gcumas léirithe ag imreoirí Liam Cahill le cúpla cluiche anuas.

Thug siad taispeántais dhochreidte in aghaidh na Gaillimhe agus in aghaidh Thiobraid Árann agus bhí na Déisigh róthapa, róchruinn agus rómhaith dá gcéilí comhraic. Údar imní amháin a bheidh ann do Liam Cahill, áfach, ná gur lig siad don bhfreasúra teacht ar ais sa dá chluiche sin.

In aghaidh Thiobraid Árann Dé Sathairn, bhí Port Láirge seacht bpointe chun tosaigh agus gan ach deich nóiméad fágtha. Bhí an bhearna sin laghdaithe go dtí dhá phointe ag na Tiobraid  Árannaigh in am cúitimh ach chríochnaigh Port Láirge go láidir chun an cluiche a bhaint.

Tharla an rud céanna in aghaidh na Gaillimhe. Sé phointe dhéag d’fharasbarr a bhí ag Port Láirge sa dara leath ach ligeadar do na Gaillimhigh teacht ar ais sa chluiche.

Arís, bhí an mianach in imreoirí Phort Láirge scóranna tábhachtacha a aimsiú nuair a bhí siad ag teastáil ach seans nach mbeidh an t-ádh orthu don tríú cluiche as a chéile.

Tá luas agus aclaíocht na nDéiseach imithe i bhfeidhm ar dhaoine arís i mbliana ach má tá aon fhoireann sa tír a bheidh in ann acu ar feadh 70 nóiméad, Luimneach atá ann.

 

Rory Beggan le Matthew Donnelly. Pictiur: INPHO/Tommy Dickson

Cleasa na gcúl báire

Is minic le foirne Uladh smaointe nua a thabhairt isteach sa pheil. I dtús na mílaoise, bhí Ard Mhacha ar thús cadhnaíochta ó thaobh ullmhúcháin, chuir Tír Eoghain réabhlóid ar bun lena gcosaint agus ceannródaí eile ab ea Jim McGuinness agus é i gceannas ar Dhún na nGall. Bhí an cleas is déanaí ó Chúige Uladh le feiceáil Dé Sathairn i bPáirc an Chrócaigh.

Chonacthas cúil bháire ag brú suas ar chiceanna amach an fhreasúra cheana, Stephen Cluxton ag marcáil Tommy Walsh i gcluiche ceannais 2019 mar shampla, nó ó Niall Morgan féin uaireanta eile, ach bhí imirt na gcúl báire i gcluiche ceannais Uladh difriúil.

Bhí an bheirt cúl báire go minic 45m óna gcúl féin nuair a bhí an fhoireann eile ag tógáil cic amach agus lean Niall Morgan duine d’imreoirí Mhuineacháin go dtí nach raibh idir é féin agus an cúl báire Rory Beggan ach 30 slat.

Is ag iarraidh spásanna ar an bpáirc a líonadh a bhíodar, seachas seilbh ar an liathróid a bhuachan, cé go ndeachaigh Beggan sa tóir ar an liathróid cúpla uair i dtreo dheireadh an chluiche.

Ba bheag nár bhain tubaiste don bhfear céanna agus nuair a beireadh amach air agus cic buailte thairis ag Morgan. Rinne Beggan ar fheabhas chun an liathróid a bhaint de Mattie Donnelly ar deireadh ach léirigh an eachtra cé chomh dainséarach is atá ag an gcúl báire an cúl a fhágáil.

Is léir go bhfuil na foirne ag obair air seo le fada. Sa chluiche sraithe idir Muineachán agus Gaillimh níos luaithe i mbliana, bhí Beggan brúite suas freisin agus ag pointe amháin rinne sé feall ar chúl báire na Gaillimhe.

Ní hiad Tír Eoghain agus Muineachán amháin atá ag baint úsáid as an tseift ach an oiread. Bhí Shaun Patton Dhún na nGall freisin le feiceáil i bhfad amach ón gcúl nuair a bhí ciceanna amach á dtógáil ag foirne eile. Beidh foirne club ar fud na tíre ag iarraidh an cleas céanna a úsáid i rith an fhómhair ach beidh le feiceáil an éireoidh chomh maith céanna lena bhformhór is a d’éirigh le Beggan agus Morgan.

 

Con O’Callaghan le Jimmy Hyland agus Shea Ryan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Easpa cúl ag déanamh imní d’Áth Cliath

Bhuaigh peileadóirí Átha Cliath cluiche ceannais Laighean in aghaidh Chill Dara éasca go maith ag an deireadh seachtaine ach, seachas taispeántas Chiarán Kilkenny sa dara leath agus filleadh John Small agus Eoin Murchan ar an bhfoireann, ní raibh mórán rudaí dearfacha eile le feiceáil in imirt Átha Cliath.

Bhí leithéidí Con O’Callaghan agus Brian Fenton thar a bheith ciúin sa chluiche agus fágadh go raibh sé deacair ag Áth Cliath deiseanna ar chúil a chruthú. Chuir Colm Basquel an liathróid san eangach ag deireadh an chluiche ach mheas an réiteoir go raibh an iomarca coiscéimeanna tógtha aige. Seachas sin, níor chruthaigh Áth Cliath seans ar bith ar chúl sa chluiche.

Fágann sin nach bhfuil ach dhá chúl scóráilte ag foireann Dessie Farrell sna trí chluiche craoibhe a bhí acu go dtí seo. Tháinig an péire sin in aghaidh na Mí agus cic éirice a bhí i gceann acu. Sna deich gcraobh as a chéile a bhuaigh Áth Cliath i gcúige Laighean roimh cheann na bliana seo, sé chúl i dtrí chluiche a scóráil siad ar an meán.

Tá údar imní ann cinnte do lucht tacaíochta na príomhchathrach mar sin agus cluiche leathcheannais na hÉireann le teacht faoi cheann coicíse. Má tá aon fhoireann chun Áth Cliath a ghríosú, áfach, siad Maigh Eo a dhéanfaidh é.

Níl an ceann is fearr faighte ag Maigh Eo ar Áth Cliath le seacht gcluiche dhéag anuas, idir an chraobh agus an tsraith, agus cuid de na taispeántais is fearr atá tugtha ag foirne Átha Cliath le deich mbliana is in aghaidh Mhaigh Eo a bhí siad.

Cé nach bhfuil fir ionaid Átha Cliath chomh maith agus a bhí, tá an fhoireann atá acu fós an-an-láidir má éiríonn leo iad féin a fhuascailt.

Fág freagra ar 'Easpa cúl Átha Cliath, cleasa na gcúl báire, siléig na nDéiseach agus todhchaí Thiobraid Árann'