Easaontas idir an tÚdarás agus Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi iarratas pleanála do Pháirc na Mara

Deir Údarás na Gaeltachta, a bhfuil €1 milliún d’infheistíocht déanta acu san obair ullmhúcháin a bhaineann le forbairt Pháirc na Mara, gur cuireadh iarratas pleanála ‘cuimsitheach’ faoi bhráid na Comhairle Contae

Easaontas idir an tÚdarás agus Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi iarratas pleanála do Pháirc na Mara

Tá easaontas idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hiarratas pleanála do Pháirc na Mara, ar dhiúltaigh an Chomhairle glacadh leis an tseachtain seo.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, tháinig cinneadh lucht pleanála na Comhairle diúltú don iarratas don fhorbairt in Iorras Aithneach aniar aduaidh ar fheidhmeannaigh an Údaráis agus ar phobal Iorras Aithneach, atá ag brath ar an fhorbairt le dul i ngleic leis an ghéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara.

Áirítear Páirc na Mara ar an fhiontar is mó agus is uaillmhianaí ag Údarás na Gaeltachta, forbairt a bhfuil 200 post agus na scórtha milliún d’infheistíocht á lua leis.

Tá ceithre chúis luaite le cinneadh na Comhairle Contae gan cead a thabhairt do Pháirc na Mara, ina measc cúrsaí caomhnaithe, cúrsaí soláthair uisce agus “tuilleadh sonraí san iarratas féin”.

Ach deir Údarás na Gaeltachta, a bhfuil 14 mí agus infheistíocht €1 milliún caite acu ar an obair ullmhúcháin a bhaineann le forbairt Pháirc na Mara, gur cuireadh iarratas pleanála ‘cuimsitheach’, faoi bhráid na Comhairle Contae.

“Tá comhairleoirí a bhfuil an saineolas is ábhartha acu fostaithe ag an Údarás ar an ábhar agus tá an tÚdarás sásta go raibh iarratas pleanála fíorchuimsitheach, ag áireamh na staidéir agus an saineolas is fearr dá raibh ar fáil dó, déanta don togra”.

Thug an t-urlabhraí le fios i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal, gur cuireadh 100 ceist sa bhreis chucu mar chuid den phróiseas iarratais do Pháirc na Mara agus gur freagraíodh gach ceann de na ceisteanna sin “go cuimsitheach, go heolaíoch agus go cruinn”.

“Léiríodh sna freagraí seo a tharraing ar an saineolas is fearr a bhí ar fáil ó thaobh na timpeallachta agus na héiceolaíochta de, nach ndéanfadh an togra atá beartaithe aon dochar do thimpeallacht na háite agus gur forbairt inmharthana a bheadh i gceist,” a dúradh.

Dúirt an tÚdarás go bhfuil “tábhacht náisiúnta” ag baint le Páirc na Mara d’earnáil na mara agus go gcuirfeadh cur i bhfeidhm an togra borradh faoin eacnamaíocht “áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta”.

“Cuirfidh togra Pháirc na Mara (a bhfuil 30 léiriú suime faighte ó infheisteoirí féideartha ina leith) 200 post díreach ar fáil agus suas le 400 post indíreach agus poist choimhdeacha i gceantar atá buailte go dona ag an imirce, ceantar atá faoi mhíbhuntáiste agus a bhfuil bánú na tuaithe i gceist leis le fada an lá de réir figiúirí daonáirimh,” a dúradh.

Tá “mionscrúdú” á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar na cáipéisí maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoin iarratas pleanála agus beifear ag breathnú ar na roghanna ar fad atá ar fáil don eagraíocht chun leanúint leis an togra ríthábhachtach seo, a dúradh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an tseachtain seo, dúirt Michael Dunworth, urlabhraí don ghrúpa ‘Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach’ gur “buille marfach” don cheantar a bheadh ann mura leanfaí ar aghaidh leis an tionscadal seo.

“Tá géarghá le fostaíocht agus bhí muid ag brath ar Pháirc na Mara le teaghlaigh a mhealladh isteach sa gceantar agus nuair atá sin casta síos, is tromchúiseach an scéal é,” a dúirt Michael Dunworth.

Fág freagra ar 'Easaontas idir an tÚdarás agus Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi iarratas pleanála do Pháirc na Mara'

  • Donncha

    “tuilleadh sonraí san iarratas féin”

    Céard faoi mionscrúdú ar na feidhmeannaigh a bhí ag plé leis an togra seo? Cá ndeachaigh chuile cent den airgid sin atá caite ar an togra seo?