Diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara i gConamara

Chinn rannóg pleanála na Comhairle Contae nach gceadóidís Páirc na Mara in Iorras Aithneach, ceann de na tionscadail is mó riamh ag Údarás na Gaeltachta

Diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara i gConamara

Tá cor bainte as feidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, agus as pobal cheantar Iorras Aithneach, de bharr droim láimhe a bheith tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le tionscnamh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin in iarthar Ghaeltacht Chonamara.

Shocraigh rannóg pleanála na Comhairle tráthnóna inné nach gceadóidís an Pháirc Thionscail Mhara atá aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis le borradh a chur faoin eacnamaíocht agus faoin bhfostaíocht i gceantar atá buailte go dona de bharr easpa jabanna.

Bheadh na scórtha milliún infheistíochta i gceist idir airgead poiblí agus príobháideach agus meastar go bhféadfadh cuid mhaith de 200 post a bheith ar fáil go díreach, nó go hindíreach de bharr forbairt Pháirc na Mara.

Ní raibh ach an chéad amharc faighte ar líne tráthnóna inné ar na cúiseanna atá leis an diúltú ach tuigtear go raibh cúrsaí caomhnaithe – Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta go háirithe – agus cúrsaí soláthair uisce, i measc na n-ábhar a bhí ag déanamh imní do phleanálaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Bhí tráthnóna inné ar an uair ba dheireanaí a bhí leagtha síos le haghaidh cinneadh ón gComhairle Contae agus bhí sé ina ardtráthnóna sular fógraíodh an toradh.

Bhí Páirc na Mara ar an  bpríomhchloch ar phaidrín Údarás na Gaeltachta sa bPlean Gnímh cúig bliana a fógraíodh arú anuraidh d’Iorras Aithneach – Carna agus Cill Chiaráin – agus do Ros Muc.   Rinneadh ullmhúchán ar an iarratas pleanála sa tréimhse sin agus cuireadh an t-iarratas ar an bhforbairt faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe os cionn bliana ó shin.

Tá tionscail a bheadh bunaithe ar ábhar agus ar obair farraige agus chladaigh i gcroílár phlean Pháirc na Mara.  Chuir os cionn scór comhlacht suim sa bplean agus é ar intinn acu – a bheag nó a mhór – lonnú ar Pháirc na Mara.

Tuigtear gur chuir tuilleadh dreamanna suim sa tionsncamh de réir mar a bhí an t-am ag dul ar aghaidh, comhlachtaí i dtionscail bhreisluacha na feamainne, mar shampla.

Tá tacaíocht an Rialtais i bprionsabal ag Páirc na Mara mar cheann de na tionscail a chuirfeadh rath ar cheantair thuaithe.  Cuireadh €2 milliún as an Státchiste go leataobh mar thaca leis an iarracht.  Tá snaidhm coinnithe ar an tsuim airgid sin fós.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais san am, Seán Kyne, ar dhuine acu siúd a gheall tacaíocht láidir do Pháirc na Mara.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta atá ann faoi láthair, Jack Chambers cuairt ar an suíomh níos túisce i mbliana.

Ach fiú agus go raibh sé fabhrach don iarracht chonaic an t-iarAire Stáit Kyne dhá bhliain ó shin go mbeadh daoine ann a chuirfeadh in aghaidh na Páirce chomh maith.

Ag  labhairt dó le toscaireacht as Iorras Aithneach, mheabhraigh an t-iarAire Stáit Kyne go mbíonn deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a chur i láthair na n-údarás pleanála nuair a théann iarratais isteach.

“Tá cead ag daoine a dhul in aghaidh forbairtí, ach tá cead acu tacú le forbairtí freisin agus sin rud tábhachtach san gcóras pleanála,” a deir Kyne.

“Is féidir le duine ar bith tacaíocht a léiriú agus is féidir le grúpaí pobail sin a dhéanamh freisin,” a dúirt sé.  Ag cur leis sin, dúirt Kyne, atá anois ina Sheanadóir , go bhféadfadh saol agus saothrú a bheith ag daoine óga i dtionscnaimh mar seo amach anseo agus go bhféadfadh siadsan aighneachtaí a chur isteach freisin, dá dtogródh siad.

Rinne grúpaí áitiúla i gConamara comhairle an Aire Stáit agus cuireadh beagnach leathchéad aighneacht tacaíochta chuig an gComhairle Contae nuair a chuir Údarás na Gaeltachta iarratas isteach ar chead pleanála bliain agus dhá mhí ó shin.

Cuireadh beagán aighneachtaí isteach in aghaidh na forbartha freisin agus ina measc bhí an eagraíocht Galway Bay against Salmon Cages.

Níos deireanaí anuraidh, chuir an Chomhairle Contae céad ceist amach chuig an Údarás agus iad ag iarraidh tuilleadh soiléirithe faoi chodanna den iarratas pleanála.  B’éigean d’Údarás na Gaeltachta agus a gcuid comhairleoirí a dhul go bun an údair arís leis na ceisteanna sin a fhreagairt.

Chuaigh aighneachtaí isteach arís, a bhformhór as Conamara, ag tacú leis an iarratas ach bhí beagán aighneachtaí arís ann a bhí diúltach faoi phlean Pháirc na Mara. Ba as taobh amuigh de Chonamara a bhformhór sin.

Níl a fhios faoin tráth seo cén cosán atá amach roimh phlean Pháirc na Mara.  Creideann siad siúd atá i bhfabhar an Phlean gurb é sin an t-aon bhealach réadúil le bonn agus borradh a chur faoi cheantar láidir Gaeltachta atá buailte ag an imirce agus an dífhostaíocht.

Iad siúd atá ina aghaidh, tá siad den bharúil gur cothú a bheadh i bPáirc na Mara do thionscal na mbradán feilme, tionscal a bhfuil truailliú agus dainséar ag baint leis, dar leo. Deir siad agus go ndéanfadh sé dochar don taobh tíre agus don timpeallacht.

Beidh scrúdú á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar na cúiseanna atá leis an diúltú ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.   Bheadh sé chomh dóigh céanna go gcuirfidís achomharc faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Ní féidir a chur as an gcomhaireamh go dtarraingeofaí Éisteacht Phoiblí faoin ábhar ó thús deireadh go tosach.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara i gConamara'

  • Ruth

    Aisteach go mbeadh Comhairle Contae na Gaillimhe ag cur i gcoinne rud ar bith i gConamara.
    Nach gcuirtear dris chosáin aisteach roimh iarratais ar chead pleanála do thithe aonair ann fosta?
    Tá súil agam nach bhfuil seo cosúil le Baile Átha an Rí agus an pháirc mhór do bhunachar sonraí … cé nár cheart go mbeadh sé amhlaidh, más fíor gur in ainm daoine bainteach leis na háiteanna a cuireadh as an áireamh don tionscadal sin a rinneadh na haighneachtaí.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    D’fhéadadh an stádas ‘Límistéirí faoi chosaint speisialta’ bac a chur ar go leor tograí atá beartaithe sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir go mbeadh na Comhairlí contae, An Bord Pleanála , An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an tSeirbhís Páirceanna Naisiúnta agus Fiadhúlra ag obair leis an Údarás agus na pobail áitiúla i dtaca le mórfhorbairtí tábhachtacha a thabhairt chun críche. Caithfear bainistiú a dhéanamh ar an fhiadhúlra agus an timpeallacht, ach caithfidh daoine a bheith in ann maireachtáil sna ceantair chomh maith céanna.

  • Cualáin

    An bhfuil aon duine ag fiosrú cé mhéid airgead atá caite ar “merchandise” do Pháirc na Mara? Diabhal duine i gCarna nach bhfuil ag siúl thart le seacéid nó hoodie nó píosa plaisteach le lógó Pháirc na Mara. Cé chaoi ar féidir leis an tÚdarás an chaiteachas seo a chosaint nuair nach bhfuil siad in ann fiú cead pleanála a fháil don áit? Céard is fiu é?

    Shell tactics: buy the locals. Ach go bhfuil pobal Charna níos saoire le ceannacht.