Éagóir is ea éagóir ag an smaointeoir neamhspleách, is cuma cé atá á déanamh

Ní thagann gnáthphobal na hÉireann ar a ndearcadh faoi gach coimhlint trí fáil amach cén taobh a bhfuil Meiriceá air

Éagóir is ea éagóir ag an smaointeoir neamhspleách, is cuma cé atá á déanamh

Ní haon rud nua é liom leatachas agus fimíneacht sa geopholaitíocht, go háirithe i gcás na mórchumhachtaí. Tá sin le sonrú arís i gcur chuige difriúil na mórchumhachtaí i leith chogadh na hÚcráine agus an choimhlint Iosraelach-Palaistíneach. Cháin Aire Gnóthaí eachtracha na Rúise Sergei Lavrov Iosrael as an dlí daonnachtúil idirnáisiúnta a shárú trí ionsaithe neamh-idirdhealaitheach a dhéanamh ar cheantair ina bhfuil sibhialtaigh.

Measann an áisíneacht nuachta AP gur mharaigh an Rúis suas le 75,000 duine i Mariuopal amháin. Tá Meiriceá ag tabhairt cúnamh míleata don Úcráin chun troid i gcoinne fhorghabháil mhídhleathach na Rúise ar a gcuid tailte, agus ag an am céanna ag tabhairt cúnamh míleata d’Iosrael atá i mbun forghabháil mídhleathach ar thailte Palaistíneacha ó 1967. Tá an tAontas Eorpach tar éis a n-údarás morálta a scriosadh i súile cuid mór den domhan freisin.

Mar a dúirt feidhmeannach Eorpach anaithnid leis an iriseoir Naomi O’Leary ón Irish Times: ‘Caithfidh gurbh é seo ceann d’íosphointí an Aontas Eorpaigh, i bhfianaise na luachanna a bhfuil muid in ainm is seasamh ar a son – an dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna… Go n-éirí an t-ádh le haon pholaiteoir nó oifigeach ón Aontas Eorpach a dhéanann iarracht ár gcacamas a spalpadh le duine ar bith san Afraic, sa Mheánoirthear, i Meiriceá Laidineach nó san Áise go ceann tamall fada…’.

Tríd is tríd, áfach, tá rialtas na hÉireann agus formhór an fhreasúra sa Dáil tar éis seasamh leanúnach a ghlacadh i leith phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus dhaonnachtúil i gcás na hÚcráine agus Iosrael/An Phalaistín. Agus má tá easaontas idir Sinn Féin agus an rialtas faoi cé acu ar chóir ambasadóir Iosrael a dhíbirt, ar a laghad ní féidir easpa seasmhachta a chur i leith ceachtar taobh. Tá Sinn Féin (tar éis roinnt siar is aniar) i bhfabhar ambasadóir na Rúise agus Iosrael a dhíbirt agus tá an rialtas ina choinne sin sa dá chás.

Tá sé deacair áfach a bheith ag éisteacht le roinnt den dream a shíleann gur síochánaithe nó daoine frith-impiriúlachais nó smaointeoirí neamhspleácha iad anois ag cáineadh ionsaithe Iosrael ar Gaza tar éis dóibh leithscéalta a dhéanamh ar son ionradh na Rúise ar an Úcráin nó fiú tacú leis.

Daoine iad a bhíonn díograiseach ag iarraidh scéalta atá fabhrach d’Iosrael a bhréagnú ach a bhí lánsásta mífhaisnéis agus bréagaisnéis frith-Úcránach a scaipeadh (mharaigh an Úcráin 13,000 sibhialtacht sa Donbas!), atá go mór ar son ardán a thabhairt do ghlórtha Palaistíneacha ach a dhéanann neamhshuim iomlán de ghuthanna agus mianta na nÚcránach, a bhfuil alltacht orthu faoi pholaiteoirí ar an eite dheis in Iosrael ag tabhairt ‘ainmhithe’ ar Phalaistínigh ach nach bhfuil gíog nó míog astu faoi phearsana poiblí sa Rúis ag úsáid na téarmaíochta céanna faoi Úcránaigh. Mar fhreagra ar an argóint gur tír dhaonlathach í Iosrael, deir siad gur de bharr glanadh eitneach i 1948 atá tromlach Giúdach in Iosrael. Ach déanann siad rud mór as go bhfuil tromlach Rúiseach sa Chrimé in ainneoin gur de bharr glanadh eitneach Stalin i 1944 a tharla sé sin.

Daoine dá leithéid a bhíonn glórach ar na meáin shóisialta.

Ach níl siad ionadaíoch ar phobal na hÉireann trí chéile. Léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go dtacaíonn muintir na hÉireann le cearta mhuintir na Palaistíne agus le cearta mhuintir na hÚcráine in ainneoin go sílfeá ón tráchtaireacht ar líne uaireanta go bhfuil gach duine atá pro-Palaistíneach frith-Úcránach. Sin an fáth go bhfuil páirtithe ar nós Fhine Gael agus Fhianna Fáil in Éirinn i bhfad níos báúla le cás na bPalaistíneach ná mar atá formhór a gcomhghleacaithe polaitiúla san Eoraip, agus go bhfuil Sinn Féin tar éis bogadh go dtí seasamh i bhfad níos criticiúla faoin Rúis ó thosaigh mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Ní thagann gnáthphobal na hÉireann ar a ndearcadh faoi gach coimhlint trí fháil amach cén taobh a bhfuil Meiriceá air, agus ansin glacadh leis an taobh sin nó cur ina choinne, bíodh sé ceart nó mícheart.

Cloíonn siad le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus dhaonnúil is cuma an Hamas nó Iosrael nó Meiriceá nó an Rúis a bhíonn i gceist. Is iad gnáthphobal na hÉireann na smaointeoirí neamhspleácha agus gura fada amhlaidh iad.

Fág freagra ar 'Éagóir is ea éagóir ag an smaointeoir neamhspleách, is cuma cé atá á déanamh'

  • Seán Mac an Rí

    Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir ionannú a dhéanamh idir ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an cogadh atá á fhearadh ag Iosrael ar Hamas. Is mian le hIosrael é féin a chosaint i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta – grúpa é Hamas atá ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú (dúirt urlabhraí Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá go bhfuil an grúpa ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).

    Ní dhearna aon ghrúpa sceimhlitheoireachta ionsaí dá leithéid ar an Rúis – is ionradh ‘gan chúis’ a bhí ann, cé go ndearna Putin leithscéalta agus cúiseanna a chumadh ar ndóigh.

    Rud eile de: tugann Ó Drisceoil le fios go bhfuil ‘ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha’ á ndéanamh ag Iosrael ar cheantair ina bhfuil sibhialtaigh i nGaza. Ní fíor sin – sula ndéanann an IDF ionsaí ar sprioc, caithfidh siad dul i gcomhairle le dlíodóirí a bhfuil saineolas acu ar an dlí idirnáisiúnta chun a chinntiú nach bhfuil an dlí idirnáisiúnta á shárú acu. Cuireann siad go leor rudaí san áireamh – cén baol a bhaineann leis na sceimhlitheoirí arb iad an sprioc iad, cén baol atá ann do shibhialtaigh, cén cineál réamhfhógra is féidir a thabhairt do na sibhialtaigh (rud is gá dóibh a dhéanamh), etc. Ní dóigh liom go bhfuil sé de nós ag arm na Rúise a leithéid de stró a chur orthu féin agus iad i mbun buamála ar cheantair ina bhfuil sibhialtaigh.

  • Séamus

    Tá sé ceart go leor a bheith ag cáineadh polasaithe Mheiriceá agus an Iarthair – agus is cóir iad a cháineadh in go leor cásanna – ach is ann don dream nach ndéanann ach cáineadh ar Mheiriceá/ar an Iarthar. Is féidir le daoine dul chomh fada síos an bóthar sin go bhfuil siad lánsásta cibé stát atá i gcoinne Mheiriceá – an tSín, an Rúis, an Chóiré Thuaidh fiú – a chosaint agus is cuma leo faoi luachanna ar nós an daonlathais, cearta an duine, saoirse cainte, saoirse na meán etc.
    Is léir go bhfuil caighdeáin an-éagsúil acu má tá siad ag caint faoi thíortha san Iarthar nó faoi thíortha eile. Mar shampla, dhéanfaidís scéal mór faoi chás an lucht oibre i Meiriceá ach bheidís lánsásta leithscéalta a chumadh, nó bréagnuacht a scaipeadh, i gcás na Síne; áit nach bhfuil aon ceart ag oibrithe ceardchumann neamhspléach a bhunú.
    Is dócha go gceapann siad go bhfuil siad ar an taobh ‘frith-Impiriúlachta’ ‘Tankies’ is cóir a thabhairt orthu!

  • Gabriel Rosenstock

    Seo arís an tanc i mo phus agaibh! Táim ag tagairt don íomhá a ghabhann leis an alt seo.
    Is cineál pornagrafaíochta é, ar shlí, siombail den phatrarcht agus den fhoréigean agus siombail lofa gránna den chaipitleachas, mar tá na cogaí seo go léir ag cruthú billiúnaithe, mar is eol dúinn go léir.

  • Conor Ó Briain

    Cibé rud faoi dhealú a dhéanamh idir an dhá chogadh, is measa i bhfad ceann Iosrael/SAM in aghaidh na bPailistíneach sa mhéid is go bhfuil sé á bhfearadh orthu le 75 bliain anuas.

  • jpmorley0@gmail.com

    Seán Mac a’ Rí: “Cén baol atá ann do shibhialtaigh”? Bhfuil tú dáiríre?

  • Seán Mac an Rí

    @JpMorley
    Caithfidh go dtuigeann tú faoin am seo go gcuireann Hamas iad féin i bhfolach i measc na sibhialtach agus go mbaineann siad úsáid as sibhialtaigh mar sciath cosanta? In ainneoin go dtugann an IDF an iliomad foláireamh do na sibhialtaigh, is minic a chuireann Hamas cosc orthu imeacht ó na háiteanna ar spriocanna iad. Ansin bíonn cinntí crua le déanamh ag an IDF – teastaíonn uathu fáil réidh le Hamas ach bás na sibhialtach a íoslaghdú ar ndóigh. Bíonn an fhadhb chéanna ann i ngach cogadh, nach mór, go háirithe i gceantair uirbeacha.

    Mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 10,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS, cuir i gcás. Glacadh leis ag an am gur trua é go raibh an oiread sin sibhialtach maraithe ach tuigeadh gurb é sin an praghas atá le híoc uaireanta nuair atáthar ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú.

    An bhfuil an méid céanna sibhaltach maraithe ag an IDF sa chogadh i nGaza? Tá sé fíordheacair muinín a chur sna figiúirí atá á lua faoi láthair (10,000 sibhialtach marbh) mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás ball de Hamas agus bás sibhialtaigh. Dá bhrí sin, fiú más cruinn na figiúirí a sholáthraíonn Hamas d’fhéadfadh sé gur sceimhlitheoirí Hamas an leathcuid acu agus sibhialtaigh an chuid eile.