Fuath do Rúisigh an ‘trend’ is déanaí i gCív an séasúr seo…

Cad a bhíonn le cloisteáil faoin Úcráin ar na meáin stáit sa Rúis na laethanta seo? Chuir ár gcolúnaí cluas le héisteacht air féin…

Fuath do Rúisigh an ‘trend’ is déanaí i gCív an séasúr seo…

Dúirt láithreoir ar chlár teilifíse sa Rúis le déanaí gur chóir don Rúis gach duine i réigiún Kharkiv a chur chun báis mar dhíoltas ar ionsaithe na hÚcráine ar an tír. Bhí plé ar chlár eile faoi cén fáth gur fuath le 80% d’Úcránaigh an Rúis agus cad is féidir a dhéanamh faoi. I measc na bhfreagraí, dúradh go bhfuil sé ‘faiseanta’ fuath a bheith agat don Rúis san Úcráin agus gur gá don Rúis seilbh a ghlacadh ar an Úcráin chun athoideachas a chur ar an bpobal. Agus dúirt craoltóir mór le rá eile gur ‘plá d’ainmhithe, de mharfóirí agus de shádaigh’ iad na hÚcránaigh agus gur ainmhithe iad Úcránaigh a dhiúltaíonn don fhéiniúlacht Rúiseach.

An láithreoir teilifíse mór le rá Olga Skabeyeva a mhol gur chóir don Rúis chuile dhuine beo i réigiún Kharkiv a mharú mar phionós as ucht ionsaithe na hÚcráine ar an Rúis. Tá sé saghas osréalach a bheith ag breathnú ar láithreoir teilifíse ag seasamh i stiúideo teilifíse nua-aimseartha – ar nós Miriam O’Callaghan ar Prime Time – ag áiteamh go mbeadh sé críonna tuairim is milliún go leith fear, bean agus páiste a chur chun báis.

Nuair a thosaigh an cogadh san Úcráin glacadh leis gan cheist ar mheáin stáit na Rúise go gcuirfeadh tromlach an phobail fáilte roimh airm na Rúise agus nach raibh i gceist ach mionlach de ‘Naitsithe’ ar ghá déileáil leo. Bhí sé spéisiúil a fheiceáil conas mar ab éigean do na bolscairí glacadh leis diaidh ar ndiaidh nach raibh seo fíor. Ní raibh ach duine amháin ar an gclár Место встречи (‘Láthair chruinnithe’) a chreid fós gur mionlach iad na hÚcránaigh gur fuath leo an Rúis. Ghlac gach éinne eile leis go raibh fuath ag 80% d’Úcránaigh don Rúis agus go raibh cainteoirí Rúiseacha agus fiú Rúisigh eitneacha san áireamh ansin.

Tá sé tugtha faoi deara agam tar éis roinnt míonna ag breathnú ar na cláracha seo gur minic go mbíonn duine amháin ar an bpainéal ag déanamh an saghas argóintí a dhéantar lasmuigh de bholgán bolscaireachta na Rúise agus go mbíonn gach éinne eile ar an bpainéal, agus fiú na láithreoirí, ag tabhairt le fios dóibh go bhfuil an méid atá á rá acu díchéillí. Iarracht é sin a chur in iúl go bhfuil fíordhíospóireacht ag tarlú agus ag an am céanna a thabhairt le fios gur tuairim gan chiall, i bhfad amach ar an imeall, aon tuairim a léiríonn aon chomhbhá le hÚcránaigh.

B’amhlaidh an scéal ar an gclár áirithe seo. An t-aon bhean ar an bpainéal, an t-iriseoir Yanina Sokolovskaya, rinne sí pointe réasúnta, shamhlófá. Dúirt sí go raibh baint ag fuath na Úcránach don Rúis leis na hionsaithe a bhí á ndéanamh ag an Rúis orthu. Dúirt sí gurbh é an rud atá ag imirt tionchair ar dhaoine san Úcráin ‘ná gníomhaíochtaí míleata agus an tsíor-imní faoina dtiocfaidh siad slán lá nó oíche eile’. Níor tugadh mórán d’éisteacht di.

Dúirt Bogdan Bezpalko gurb iad na fíorchúiseanna go bhfuil fuath ag Úcránaigh don Rúis – ‘go bhfuil idé-eolaíocht radacach acu nó mar gheall ar mhórchúis nó ar mhaithe le bheith faiseanta nó ar mhaithe le caint a tharraingt… ‘

Sea níl baint ar bith ag sléacht Bucha, céasadh príosúnach, fuadach páistí, éigniú ná scriosadh infreastruchtúr na tíre leis an scéal. Is fuath do Rúisigh an ‘trend’ is déanaí i gCív an séasúr seo. Creid é nó ná creid is ball de Chomhairle um Chaidreamh Idir-eitneach na Rúise é Bezpalko. Ach tar éis an tsaoil, seo í an tír ina bhfuil Ombudsman na bPáistí cúisithe i bhfuadach páistí ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Dúirt aoi eile, Igor Shiskink go gcaithfidh an Rúis ‘an fhéiniúlacht Rúiseach a chosaint san Úcráin agus nach bhfuil ach slí amháin faoi láthair chun é sin a dhéanamh: iad siúd atá ina coinne a dhíothú chomh luath agus is féidir…’

Dúirt, an veidhleadóir Petr Lunstrum – fear cultúrtha bíodh a fhios agat – gurbh é ‘an t-aon slí go mairfeadh an teanga Rúiseach [san Úcráin] agus an t-aon slí a gcosnófaí Rúisigh [san Úcráin] ná na críocha a ghlacadh faoinár smacht agus ár mbolscaireacht féin a chraobhscaoileadh ansin agus oideachas a chur ar na daoine óga’.

D’aontaigh an láithreoir Andrey Norkin go hiomlán leis: ‘Beidh sé deacair agus glacfaidh sé tamall fada é a bhaint amach ach sin an phríomhsprioc is cóir dúinn a bhaint amach, nó níl ciall ar bith leis an méid atá ag tarlú.’

Is é an craoltóir Sergey Marden áfach is mó a mbíonn macallaí de bholscaireacht Goebbels faoi na Giúdaigh ina chuid cainte faoi mhuintir na Úcráine. Dúirt sé go mbíodh an Úcráin ina ‘náisiún ollmhór cultúrtha, sibhialta Eorpach’ ach anois gur ‘plá d’ainmhithe, de mharfóirí agus de shádaigh’ atá sa tír. Dúirt sé go bhfuil sé seafóideach amach is amach go nglacfadh aon duine ‘le féiniúlacht mar shaoránach den Úcráin neamhspleách, nó leis an rud lofa seo ar a dtugtar amhrán náisiúnta na hÚcráine – go ndéanfadh sé dochar dá intinn teanga eile [an Úcráinis] a labhairt, teanga nach í a theanga dhúchais í, teanga nach féidir labhairt i gceart inti agus nach bhfuil aon mhaith inti ach ar mhaithe le hamhránaíocht’.

Mhaígh sé gur Rúisigh an mhórchuid de mhuintir na hÚcráine agus gur ainmhí aon duine de na ‘Rúisigh’ sin a shéanann an méid sin: ‘Gach rud eile a dhéanann duine daonna den duine, gabh mo leithscéal, duine sibhialta, níl rian de sna daoine seo.’

Dúirt sé gur léir go bhfuil an Rúis ar chéim níos airde ná náisiúin eile agus go raibh aon Úcránach a ghlacann féiniúlacht Úcránach chuige féin mar a bheadh madra fiáin ar gá é a bhualadh le bata. Caithfear breathnú ar an racht iomlán, ar na gothaí gnúise agus éisteacht leis an tuin chainte chun a éifeacht Goebbelsúil iomlán a thuiscint.

Maidir leis na ‘críocha ina mbíodh an Úcráin’ mar a thug sé ar an Úcráin, dúirt sé: ‘Is é seo ár dtalamh. Caithfear é sin a rá arís chuile lá. Ní féidir é a rá an iomarca. Seo ár dtalamh agus sin bun agus barr an scéil.’

Gnáthsheachtain ar na meáin stáit sa Rúis, mar sin.

Fág freagra ar 'Fuath do Rúisigh an ‘trend’ is déanaí i gCív an séasúr seo…'

  • Gabriel Rosenstock

    An féidir a bheith ag súil le hanailís ar bholscaireacht Fox News go luath? Is gaire dúinn é, i ngach slí, an sionnach sleamhain slíoctha sin.

  • Máire

    Cur síos ar fhaisisteachas atá san alt seo. Nó Naitsíochas.