€700,000 breise tugtha don Fhoras Teanga ach ní féidir é a chaitheamh

Tá deimhnithe ag an rialtas ó dheas do Tuairisc gur cuireadh airgead breise ar leataobh d’Fhoras na Gaeilge i mBuiséad 2024, ach ní féidir é a chaitheamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís

€700,000 breise tugtha don Fhoras Teanga ach ní féidir é a chaitheamh

Tá €700,000 de mhaoiniú breise curtha ar leataobh ag an Rialtas don Fhoras Teanga ach fágann an tsáinn pholaitiúil i dTuaisceart Éireann nach féidir an deontas a cheadú ná a chaitheamh.

Dheimhnigh an rialtas ó dheas do Tuairisc gur cuireadh airgead breise don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – ar leataobh i mBuiséad 2024, ach nach bhfuil teacht ag an bhForas ar an maoiniú mar nach bhfuil Stormont ag feidhmiú. Níl cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) á reáchtáil faoi láthair agus is í CATT a cheadaíonn buiséad an Fhorais Teanga. Tagann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tagann an 25% eile ón Roinn Pobal ó thuaidh.

Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc faoi bhuiséad Fhoras na Gaeilge do 2024 dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go gcuirfeadh an Roinn os cionn €12.3 milliún ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2024 agus go raibh airgead breise curtha ar fáil sa Bhuiséad ach go gcaithfeadh CATT teacht le chéile chun é a cheadú.

“Tá €700,000 breise ar fáil i mBuiséad 2024 don Fhoras Teanga Thuaidh Theas ach ó tharla nach féidir cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair, ní féidir an maoiniú breise seo a cheadú don dá áisíneacht go fóíll.”

Tá deacrachtaí maoinithe á gcruthú ag an bhfolús polaitiúil sa Tuaisceart d’Fhoras na Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, níos luaithe i mbliana gur ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí sin agus go raibh imní air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht trasteorann.

Tá an maoiniú a fhaigheann Foras na Gaeilge mórán mar a bhí 20 bliain ó shin. €16.3 milliún a bhí ag an eagraíocht in 2022, i gcomparáid le €17.2 milliún in 2003.

Fág freagra ar '€700,000 breise tugtha don Fhoras Teanga ach ní féidir é a chaitheamh'

  • Lillis Ó Laoire

    Náireach, dá bhféadfaí náire a chur orthu.