Beidh €100 ar fáil do lóistín d’iomaitheoirí Oireachtas na Samhna as Limistéar Pleanála Teanga Dhún na nGall Theas agus Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí.
D’fhógair Béal an Phobail, atá freagrach as Plean Teanga Limistéar Pleanála Teanga Dhún na nGall Theas a chur i bhfeidhm i bparóistí Chill Charthaigh, Gleann Cholm Cille, agus cuid de pharóiste Ard an Rátha, an scéala ar na meáin shóisialta.
An mhí seo a chuaigh thart d’fhógair Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí go raibh siadsan ag cur sparánacht €100 ar fáil i dtreo lóistín “do dhaoine óga faoi 18 mbliana” as Gaeltacht na Mí atá ag glacadh páirt in Oireachtas na Samhna 2025 atá ar siúl i mBéal Feirste idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain.
Deir Niall Ó Ceallaigh, OPT Dhún na nGall Theas, go bhfuil siad i gcónaí ag iarraidh “cur le líon na ndaoine” atá ag glacadh páirt “i gcomórtaisí Gaelacha” agus go bhfuil sé ag súil go mbeidh íocaíocht seo mar “ábhar spreagtha” do dhaoine sa cheantar.
“Tá seachtar daltaí as Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé cláraithe do chomórtais ag Oireachtas na Samhna i mbliana agus beidh níos mó daoine i láthair ag an bhféile chun tacú leis an dream óg mar nach bhfuil an turas chomh fada [sin] i mbliana,” a dúradh.
Deir sé go bhfuair sé an smaoineamh ó Ursula Ní Shionnain, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí, agus gur shíl sé gur “smaoineamh iontach” a bhí ann.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt Ursula Ní Shionnain go raibh “an-éileamh” ar na sparántachtaí anuraidh agus go ndearna “beagnach fiche” duine iarratas chun ar cheann.
“Déanann sé rudaí níos éasca do theaghlaigh chun freastal ar an chomórtas, mar de ghnáth bíonn ar gach duine taisteal agus tugann sé tacaíocht do dhaoine ar an gcaoi sin.”
Deir sí, go bhfuil an t-ádh orthu go bhfuil Ráth Chairn “an-spreagtha ó thaobh na n-ealaíon de” agus go gcuidíonn an sparántacht seo chun an “spéis” atá ag an aos óg sna healaíona a choinneáil beo.
Dúirt LPT Dhún na nGall Theas agus LPT Ghaeltacht na Mí, go mbeadh “srian leis na sparánachtaí” a bhronnfar má fhaigheann siad líon mór iarratas agus go mbeidh “cruthúnas” ag teastáil ó na hiarrthóirí gur úsáideadh an íocaíocht mar a bhí ceaptha.
An tseachtain seo a chuaigh thart, d’fhógair Iarnród Éireann go mbeidh “taisteal saor in aisce” á thairiscint acu d’iomaitheoirí agus d’oibrithe deonacha a bheidh ag freastal ar mhórfhéile na nGael i mBéal Feirste i mbliana.
Donncha
Is léir go bhfuil an iomarca airgead ag lucht pleanála teanga má tá siad á chaitheamh ag óstáin. Níl aon duine ag déanamh cinneadh ag a staid seo dhul in iomaíocht ag an Oireachtas mar gheall ar €100. Níl anseo ach lucht pleanála teanga gan plean – arís – ag caitheamh airgeas díreach ar mhaithe leis. Cá bhfuil an fianaise go ndéanfaidh €100 ar lóistín aon difríocht do na spriocanna atá le baint amach acu? Cén chaoi a ndéanfaidh siad é seo a thomhais? Tá sé thar am deireadh a chuir leis an gcóras pleanála teanga mar atá sé agus an cuir amú airgid atá ag dul leis, agus córas a bhfuil taighde agus measúnú ceart taobh thiar dó a chuir i bhfeidhm.