Beidh ticéid traenach ar fáil saor in aisce d’iomaitheoirí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo a bhuí le comhpháirtíocht idir an tOireachtas agus Iarnród Éireann.
D’fhógair an comhlacht iompair poiblí an tseachtain seo go mbeidh “taisteal saor in aisce” á thairiscint acu d’iomaitheoirí agus d’oibrithe deonacha a bheidh ag freastal ar mhórfhéile na nGael i mBéal Feirste i mbliana.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá sé i gceist ag Iarnród Éireann an Fáinne a chur ar fáil do bhaill foirne a bhfuil an Ghaeilge acu le go mbeadh a gcuid paisinéirí in ann na cainteoirí Gaeilge a aithint. Tá an beart á thabhairt isteach an mhí seo “chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí, níos fáiltí, agus níos inrochtana” ar an gcóras iompair poiblí.
Mar chuid den fhógra oifigiúil faoin scéim nua, dúirt urlabhraí de chuid Iarnród Éireann go mbeadh an taisteal saor in aisce d’iomaitheoirí agus “carráiste Gaeilge” ar fáil d’Oireachtas na Samhna i mbliana.
“Agus muid ag aithint an chórais iompair phoiblí mar phointe teagmhála laethúil cumhachtach le haghaidh úsáid na Gaeilge, tá Iarnród Éireann ag tacú le hOireachtas na Samhna freisin trí chomhpháirtíocht leis an Oireachtas, ag tairiscint taisteal saor in aisce d’amhránaithe agus d’oibrithe deonacha, agus ag reáchtáil carráiste Gaeilge do lucht freastail na féile,” a dúradh i ráiteas.
Tá neamhréir ann idir an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge den ráiteas. Maítear sa leagan Béarla go mbeidh an taisteal saor in aisce ar fáil do ‘participants’ ach sainítear sa leagan Gaeilge gur ‘amhránaithe’ amháin atá i gceist. Tá soiléiriú ar an gceist lorgtha ag Tuairisc ó Iarnród Éireann.
Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair le beagnach tríocha bliain i mbliana. Tá ceangal traenach díreach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste ar an tseirbhís roinnte ‘Enterprise’ a bhíonn á reáchtáil ag Iarnród Éireann i gcomhar le Translink, comhlacht iompair poiblí an Tuaiscirt.
Beircheart
Cha dtig liom rud ar bith a aimsiú faoi…….bhuel, má tá sé fíor, ansin, tá sé seo ana-mhaith a chloisteáil. Déanfar an Ghaeilge níos feiceálaí i mBéal Feirste. Rachaidh mé cinnte
Máire Ní Chonluain
Conas a oibríonn an taisteal saor don oireachtas.