É curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil próiseas comhairliúcháin dhíolúine na Gaeilge ‘réamhshocraithe’

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Oideachais Joe McHugh próiseas comhairliúcháin a Roinne maidir le díolúine na Gaeilge a chur ar cheal láithreach

É curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil próiseas comhairliúcháin dhíolúine na Gaeilge ‘réamhshocraithe’

Tá sé curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil an toradh ar a próiseas comhairliúcháin maidir le díolúine na Gaeilge “réamhshocraithe” agus gur “cur chuige Twitter” atá ar bun acu maidir le tuairimí an phobail a fháil faoin scéal.

Rinne Conradh na Gaeilge cáineadh láidir ar an bpróiseas comhairliúcháin faoi chóras dhíolúine na Gaeilge agus d’iarr siad ar an Aire Oideachais Joe McHugh an próiseas a chur ar cheal láithreach.

I ráiteas a chuir siad amach inniu, dúirt Conradh na Gaeilge go raibh an próiseas comhairliúcháin lochtach agus gur chóir éirí as agus próiseas “cothrom” a chur ina áit.

Dúradh chomh maith gur dhealraigh sé go raibh ‘toradh’ an phróisis, ar chuir an Roinn tús leis níos túisce an mhí seo, “réamhshocraithe”.

“Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an suirbhé ar líne ann le daoine a theorannú do na dréachtchiorcláin atá curtha le chéile ag an Roinn. Níl aon áit ann chun moltaí nua a chur chun cinn, mar shampla, a laghdódh an gá le díolúintí sa todhchaí,” a dúradh i ráiteas an Chonartha tráthnóna. 

Agus tús á chur ag an Roinn le déanaí leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí faoina bhfuil i ndán do chóras dhíolúine na Gaeilge, thug siad le fios gur léirigh a gcuid taighde go mbíonn an díolúine a thugtar do bheirt as gach cúigear “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ag tacú léi.

Ina ainneoin sin agus in ainneoin go bhfuil amhras le fada ann go mbítear ag baint mí-úsáid as an gcóras, thug an Roinn le fios gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a chur san áireamh agus an córas faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge á leasú.

Tá daoine áirithe buartha gurbh amhlaidh go bhféadfadh an moladh sin agus moltaí áirithe eile sa phlécháipéis an córas a dhéanamh níos scaoilte fós, agus dúirt Conradh na Gaeilge inniu gur chóir an próiseas a chur ar ceal toisc é a bheith teoranta do mholtaí na Roinne, toisc nach mbeidh an suirbhé ar fáil ach go dtí an 11 Eanáir agus toisc gan go leor daoine a bheith ar an eolas fiú go bhfuil a leithéid ar bun.

Deir an Conradh chomh maith nár chuir an Roinn cuid dá dtaighde féin faoi dhíolúine na Gaeilge san áireamh sna moltaí atá déanta acu faoin gcóras a leasú.

D’fhoilsigh an Roinn suirbhé ar líne ar an 7 Nollaig ar mhaithe le tuairimí an phobail a fháil maidir leis an gcóras conspóideach faoina dtugtar díolúine do dhaltaí ó staidéar na Gaeilge agus tá go dtí an 11 Eanáir ag daoine an suirbhé sin a líonadh.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur gealladh athbhreithniú ar an gcóras díolúintí 15 bliain ó shin agus gur “trua”go bhfuil an Roinn Oideachais anois i ndiaidh “comhairliúchán lochtach” a fhógairt “faoi dheifir agus ag an am is measa den bhliain”.

“Táimid den tuairim go bhfuil an comhairliúchán seo réamhshocraithe agus nach iarracht réasúnta í chun ceist na ndíolúintí a phlé, moltaí éagsúla a mheas agus córas cothrom nua a chur in áit an chórais lochtaigh reatha.

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna imithe i muinín cur chuige Twitter agus 120 focal mar theorainn ar an líon focal gur féidir a scríobh ar na freagraí i Roinn 2 den suirbhé. Is masla é sin d’aon duine a bhfuil moltaí acu leis an gcóras a fheabhsú.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur cheart don Aire Oideachais, Joe McHugh “an comhairliúchán a chur ar ceal láithreach bonn agus comhairliúchán ceart cothrom a eagrú i ndiaidh na Nollag”.  

Fág freagra ar 'É curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil próiseas comhairliúcháin dhíolúine na Gaeilge ‘réamhshocraithe’'

  • Grá nó Éigeantas?

    An rud atá réamhshocraithe ná go mbeidh Conradh na Gaeilge agus Gaeilgeoirí mhóra na tíre glan in aghaidh aon phlé oscailte faoin cheist bhunúsach bhailí amháin seo
    “an bhfuil fáth ar bith fágtha anois go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach scoile?”

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    1. Ní gá ach breathnú ar an tubaiste atá ag titim amach i Sasana maidir le teangacha i gcoitinne tar éis don Roinn Oideachais agus Eolaíochta thall ligint do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh díobh ag leibhéal an GCSE. Tháinig laghdú drámatúil i líon na scoláirí a roghnaíonn teangacha ó 78% i 2001 go 58% i 2005, agus tá sé ag laghdú leis i gcónaí.

    2. Is iad na fáthanna is mó a dúirt daltaí scoile i Sasana nár roghnaigh siad teangacha ná:
    a. Go mbíonn bac ar roghanna áirithe agus bíonn teangacha in iomaíocht le hábhair eile go mbíonn tóir mhór orthu (m.sh. bíonn teangacha in iomaíocht le bitheolaíocht do dhalta ag iarraidh leighis a dhéanamh, nó bíonn teangacha in iomaíocht le fisic do dhalta ag iarraidh innealtóireachta a dhéanamh, srl.)
    b. Go mbíonn an tuairim ag daltaí go bhfuil teangacha deacair mar ábhair i gcomparáid le roghanna eile
    Dá gcuirfí an moladh i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh líon na ndaltaí ag staidéar na Gaeilge don Ardteist, agus chuirfí deireadh le múineadh na Gaeilge don Ardteist go huile agus go hiomlán i scoileanna áirithe.

    3. Is céim siar a bheadh i gceist dá gcuirfí an polasaí seo i bhfeidhm, ní hamháin ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de ach ó thaobh múineadh teangacha de trí chéile. Tá sé seo i gcoinne polasaí Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh go mbeidh ardchumas ag gach saoránach i dtrí theanga.

    4. Féách an méid a deir An tOllamh David Little in ‘The future of languages in Irish education: policy, curriculum, pedagogy’

    “We could make it optional for Leaving Certificate; and after a few years we might come to think that it should be optional for Junior Certificate too; and after that – well, what’s the point of bothering with compulsory Irish at primary level, if it’s going to be taken only by a tiny minority at second level? If we follow this path, we may well find that by the end of this decade Ireland has sold its linguistic birthright and staked its entire future – cultural, political, economic – on the continuing international dominance of English. On the other hand, we can respond by taking seriously the linguistic challenge of the European project; recognizing that Irish belongs not just to Ireland’s but to Europe’s linguistic heritage; taking note of the empirical fact that the more languages you learn, the easier it becomes; insisting that Ireland’s membership of Europe requires us to make foreign language learning a compulsory part of schooling; and seeking ways of achieving more effective learning outcomes. This kind of response requires political commitment and a coherent national effort leading to a language education policy capable of generating an integrated language curriculum that in turn can facilitate pedagogical reform.”

  • Grá nó Éigeantas

    @Daithí
    Maidir leis an “political commitment” a luann David Little atá ag teastáil chun an Ghaeilge a choinneáil éigeantach sna scoileanna nach é an Béarla an coimitmint is mó agus an “selling point” is mó atá againn sna 26 contae dar leis an IDA, dar le hIBEC agus dar le polaiteoirí agus státchóras na hÉireann fré chéile?

    Ní leor an tacaíocht a d’fhéadfadh an polasaí Gaeilge éigeantach a thabhairt do foghlaim teangacha eile sa gcóras oideachas mar argóint chun an Gaeilge éigeantach a chosaint. Ní mhaolóidh argóint mar sin an doicheall a bhíonn ar go leor daltaí scoile roimh foghlaim na Gaeilge. Ná ní mhaolóidh sin ar an strus atá ar múinteoirí Gaeilge go bhfuil urthu ar bhonn laethúil do bheith ag láimhseáil an fhearg a bhíonn ar sciar mhaith dá ndaltaí sna chúlbhinsí go bhfuil am scoile á chur amú acu le hábhar gur fuath leo.
    Cén fáth leanúint orainn do bheith ag brú foghlaim na Gaeilge ar na daoine óga sin gur fuath leo an teanga?