An ‘imní’ agus ‘strus’ a bhaineann le staidéar na Gaeilge le cur san áireamh in athbhreithniú ar chóras díolúine

Léiríonn taighde na Roinne Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna ‘mícheart’

An ‘imní’ agus ‘strus’ a bhaineann le staidéar na Gaeilge le cur san áireamh in athbhreithniú ar chóras díolúine

Deir an Roinn Oideachais gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh agus an córas faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge á leasú.

Is sa chuid sin den phlécháipéis a dtugtar ‘Argóintí i bhfabhar leathnú a dhéanamh ar an rochtain ar dhíolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge’ a thagraítear do líon na ndaoine a lorgaíonn díolúine ón nGaeilge mar go meastar “strus” nó “imní” a bheith ag baint le staidéar a dhéanamh uirthi.

Tá an Roinn ag tagairt sa chás seo do “strus” agus “imní” nach mbíonn lucht na n-iarratas ag maíomh go bhfuil aon bhonn “cliniciúil” ag baint leo.

Tugtar le fios gur chóir imní agus strus den chineál seo a chur san áireamh agus leasú á dhéanamh ar an gcóras ó tharla an Roinn a bheith “tiomanta cheana féin do thacú le folláine agus athléimneacht na scoláirí” i bpolasaithe ar nós Treoirlínte le haghaidh Folláine sa tSraith Shóisearach (2017).

Deirtear chomh maith sa phlécháipéis atá foilsithe ag an Roinn mar chuid dá n-athbhreithniú ar an gcóras dhíolúine gur gá féachaint freisin ar na cúiseanna a bhíonn ag daoine gan bacadh le scrúduithe Gaeilge an Stáit a dhéanamh fiú agus gan aon díolúine faighte acu.

Údar buartha do dhaoine atá ag plé leis an ngaeloideachas agus ar labhair Tuairisc.ie leo an cineál imní nó struis seo a bheith á lua ag an Roinn mar argóint i bhfabhar cur le líon na gcúiseanna a gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge.


Admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de dhíolúintí ón nGaeilge ‘mícheart’


Cé go ndúirt na daoine sin a labhair le Tuairisc.ie go raibh cuid mhaith a bhí le moladh i bplécháipéis na Roinne faoi chóras díolúine na Gaeilge, tá siad buartha gurbh amhlaidh go bhféadfadh moltaí áirithe ann an córas a dhéanamh níos scaoilte fós.

Ceann de na moltaí is suntasaí sa phlécháipéis is ea an moladh nach bhféadfadh dalta óg díolúine a fháil ón nGaeilge ach amháin sa chás go mbeadh deacrachtaí “suntasacha” foghlama le tamall maith aige agus é i rang a trí ar a laghad, ach táthar buartha gurbh amhlaidh go bhfágfadh moltaí eile go mbeadh an córas níos scaoilte i gcás daltaí níos sine.

Luaitear chomh maith sa phlécháipéis roinnt argóintí i bhfabhar an Ghaeilge ‘a choinneáil mar chuid lárnach den churaclam do gach foghlaimeoir’ agus srian a chur le líon na ndíolúintí a cheadaítear.

I measc na n-argóintí sin, deirtear gur chun leas fheidhmiú cognaíoch agus teanga an dalta an dátheangachas.

Luaitear chomh maith gur thacaigh “Rialtas i ndiaidh rialtais” le sochaí dátheangach a fhorbairt go bhfuil “seasamh uathúil ag an nGaeilge sa mhéid is gurb í céad teanga an Stáit í”.

Tagraítear sa chuid seo den phlécháipéis don “meas” a bhí “i gcónaí ar inniúlacht sa Ghaeilge” san earnáil phoiblí agus poist áirithe á líonadh agus do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

“D’fhonn go mbeidh Éire ina sochaí fhíor-ilchultúrtha, caithfear rochtain chothrom a thabhairt do gach scoláire ar churaclaim na hÉireann a thairgtear i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, de réir a gcumais,” a deirtear.

Chuir an Roinn Oideachais tús Dé hAoine le próiseas comhairliúcháin poiblí faoina bhfuil i ndán do chóras dhíolúine na Gaeilge. 

Bhí sé á thuar le tamall go gcuirfeadh a leithéid de phróiseas tús athuair le díospóireacht faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais agus faoi cheist na Gaeilge ‘éigeantaí’ ag leibhéal na hArdteiste go háirithe.

De réir phlécháipéis na Roinne féin, táthar ag glacadh leis go spreagfaidh an próiseas comhairliúcháin faoi cheist na díolúine plé níos leithne faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

“Den chéad uair, osclaíonn an comhairliúchán seo maidir le díolúintí ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge an plé ar staid na Gaeilge inár gcuraclaim náisiúnta chuig ár gcomhpháirtithe uile san oideachas,” a deirtear.

Tá admhaithe ag an Roinn mar chuid dá n-athbhreithniú go mbíonn “éiginnteacht agus easpa comhsheasmhachta” ag baint le ceadú na ndíolúintí ón nGaeilge agus “uaireanta” go dtugtar díolúintí do dhaltaí “ar bhonn mícheart”.

De réir na gcás-staidéar a rinne an Roinn mar chuid de thaighde an athbhreithnithe 40% de na díolúintí a bhí “mícheart” i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna.

Fág freagra ar 'An ‘imní’ agus ‘strus’ a bhaineann le staidéar na Gaeilge le cur san áireamh in athbhreithniú ar chóras díolúine'

  • Deirdre

    Níl díolúine ar fáil d’ábhar ar bith eile. Déanann na scoláirí stáidéir ag an leibhéal cuí dá n-ábaltach.

  • Eoghan O Néill

    Sí an chúis gur cuireadh an ghaelig ar fáil do gach páiste scoile ná go mbeadh deis acu siúd nach raibh sí sa bhaile acu greim a fháil ar theanga a sinsir. Ach caithfimid glacadh leis gurb í an béarla an Übersprache ar fud na cruinne anois agus tá sé an-chrua ar Anglos glacadh le brú teanga bharbarach ar a gcuid páisí. Tá an dearcadh céanna ag lucht an Trompadóra thall san Estados Unidos. Ach níl faidhb ag páistí imirceach le foghlaim na gaeilge bíodh siad ó Shasana, Úcrain, Súdan nó cibé. Is í seo an t-aon tír amháin ina bhfuil cearta ag na Gaeil ann. No pasarán!