‘Dumpáil cuimhne’ –  ní teiripe go dtí é

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Glan an dríodar amach as d’aigne sula dtabharfaidh tú faoi pé obair scríbhneoireachta!

‘Dumpáil cuimhne’ –  ní teiripe go dtí é

Is fada ó bhí mo chara, fear bhun an bhóthair, ina chónaí ag bun an bhóthair. In árasán beag bídeach i gceantar dearóil atá sé ag cur faoi le leathbhliain anuas agus colscaradh eipiciúil is cúis leis sin.

An colscaradh céanna is cúis le cíor thuathail leanúnach ina cheann: fáinne fí d’imní, brón, fearg, easpa cumhachta agus easpa féinmhuiníne a bhíonn á chéasadh nach mór gan stad.

Inné, agus mé ar cuairt san árasán beag bídeach dearóil sin aige, chonaic mé cóipleabhar ar an mbord, ina luí in éadan an bhalla, cóipleabhar nach bhfaca mé cheana. Cóipleabhar deas, agus thug mé suntas don áit shuntasach a bhí tugtha ag mo chara dó.

Thomhais sé mo chuid smaointe.

‘Níor thosaigh mé fós,’ a dúirt sé. ‘Ach tá mé chun rudaí a scríobh síos, d’fhonn m’intinn a fholmhú.’

‘Dumpáil cuimhne’ a thugtar ar an gcoincheap sin (brain dump i mBéarla) agus ní teiripe go dtí é.

Nach mór gach lá le breis agus scór bliain anuas, breacaim féin mo chuid smaointe i gcóipleabhar an chéad rud ar maidin, cupán caife le mo thaobh. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go gcuirim ord agus eagar ar pé cíor thuathail a tharlódh i mo cheann féin, ach faighim amach, toisc go mbíonn orm mo chuid mothúchán a chur i bhfocail, céard é go díreach a mhothaím.

Is ina dhiaidh sin, agus an dríodar glanta amach as m’aigne, a bhím in ann díriú ar pé scríbhneoireacht dháiríre atá beartaithe don lá sin.

Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist ag fear bhun an bhóthair leabhar a scríobh faoina cholscaradh eipiciúil amach anseo. Is cinnte go bhfuil scéal corraitheach le hinsint aige, ach dá n-iarrfadh sé mo chomhairle mar scríbhneoir, mholfainn dó fanacht tamall – blianta, seans – sula dtabharfaidh sé faoina leithéid de thogra. Is deacair léargas a fháil ar rud ar bith nuair a bhíonn tú fós ina lár.

Ach is cinnte go gcabhróidh an dumpáil cuimhne laethúil atá beartaithe aige leis chun an léargas sin a fháil, agus cá bhfios nach leanfaidh sé leis an scríbhneoireacht tar éis do rudaí socrú síos.

Ach oiread leis an gcaiféin, cothaíonn an dumpáil cuimhne andúil. Inné, ar chúis fhánach éigin, níor éirigh liom peann a chur ar pháipéar an chéad rud ar maidin agus bhí mé corr agus corrthónach ar feadh an lae.

Nós é an dumpáil cuimhne a mholfainn do gach éinne – ach ná bris é!

Fág freagra ar '‘Dumpáil cuimhne’ –  ní teiripe go dtí é'