Droim láimhe tugtha le hachainí go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn €1

Dhiúltaigh baill an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha don éileamh ar an gcúis nach rabhthas in ann a theacht ar an té a chuir an achainí faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Conor McGregor. INPHO/Emily Harney
Conor McGregor. INPHO/Emily Harney

Shocraigh baill de choiste Oireachtais tráthnóna gan an achainí maidir le Conor McGregor a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Dhiúltaigh baill an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha don éileamh ar an gcúis nach rabhthas in ann a theacht ar an té a chuir an achainí faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Rinneadh iarracht teagmháil a dhéanamh le Patrick O’Leary, an té a rinne an moladh, ach ní raibh teacht air ag an seoladh ríomhphoist a tugadh ina achainí.

Dúirt urlabhraí thar cheann an choiste le Tuairisc.ie tráthnóna go raibh ceist shuimiúil múscailte ag an achainí maidir le cén chaoi a ndéantar comóradh agus ceiliúradh ar Éireannaigh a dhéanann gaisce. Dúirt an t-urlabhraí go mba chóir do dhuine ar bith ar mhaith leis i ndáiríre go mbeadh íomhá McGregor, nó duine ar bith eile, ar bhonn airgid, achainí a chuir faoi bhráid Bhanc Ceannais na hÉireann.

Bhí Tuairisc.ie ar an gcéad seirbhís nuachta a d’fhoilsigh scéal faoin éileamh a pléadh i dTithe an Oireachtais inniu go gcuirfí íomhá de McGregor ar an mbonn €1.

Ó foilsíodh an scéal sin aréir, tá íomhá a chruthaigh Tuairisc.ie de bhonn €1 agus aghaidh Conor McGregor air scaipthe ar fud an domhain.

 

Fág freagra ar 'Droim láimhe tugtha le hachainí go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn €1'