Íomhá a chruthaigh Tuairisc.ie de bhonn €1 agus aghaidh Conor McGregor air scaipthe ar fud an domhain

Roinn an trodaí UFC an íomhá ar a leantóirí ar Twitter agus Instagram agus baineadh úsáid as ar shuíomhanna ar fud an domhain

Eurocoin McGregorl

Tá íomhá a chruthaigh Tuairisc.ie de bhonn €1 agus aghaidh Conor McGregor air scaipthe ar fud an domhain.

Bhí Tuairisc.ie ar an gcéad seirbhís nuachta a d’fhoilsigh scéal faoin éileamh atá á plé i dTithe an Oireachtais inniu go gcuirfí íomhá de McGregor ar an mbonn €1.

Is léir gur chuir Conor McGregor féin suim i scéal Tuairisc.ie, mar roinn sé an scéal agus an íomhá ar maidin ar an milliún leantóir atá aige ar Twitter.

Roinn an trodaí UFC an íomhá de bhonn euro, a chruthaigh dearthóir an tsuímh seo, Ciarán Ó Súilleabháin, ar a chuntas Instagram chomh maith. Ó foilsíodh ar chuntas McGregor í, roinneadh íomhá Tuairisc.ie nach mór 80,000 babhta. 

The boom is BACK baby!!! #FuckTheRecession A photo posted by Conor McGregor Official (@thenotoriousmma) on

Bhain seirbhísí nuachta agus suíomhanna eile ar fud an domhain úsáid as an íomhá chomh maith ina dtuairiscí faoin scéal inniu.

Screen Shot 2016-01-13 at 16.10.48
Bonn euro Tuairisc.ie ar shuíomh TMZ

Fág freagra ar 'Íomhá a chruthaigh Tuairisc.ie de bhonn €1 agus aghaidh Conor McGregor air scaipthe ar fud an domhain'