Plé le déanamh amárach i dTithe an Oireachtais ar mholadh go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn ‘euro’

Tá an t-éileamh maidir le McGregor ar chlár oibre an lae amárach ag an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha

Conor McGregor Euro. Grafaic: Tuairisc.ie/Ciaran O Suilleabhain
Léaráid: Tuairisc.ie/CÓS.

Déanfar measúnú amárach i dTithe an Oireachtais ar éileamh go gcuirfí íomhá den trodaí UFC iomráiteach Conor McGregor ar bhonn airgid an euro (€1).

Tá an t-éileamh maidir le McGregor ar chlár oibre an lae amárach ag an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. Déanfaidh baill an choiste, a scrúdaíonn achainithe ón bpobal, cinneadh amárach cé acu ar cheart nó nár cheart plé a dhéanamh ar achainí fir darb ainm Patrick O’ Leary go gcuirfí íomhá McGregor ar an mbonn airgid.

Má mheasann baill an choiste amárach go sásaíonn an achainí maidir le McGregor na rialacha a bhaineann leis an gcóras achainíocha, déanfar plé go poiblí i dTithe an Oireachtais ar an moladh.

Dar leis an Teachta Dála do Chiarraí Theas Michael Healy Rae, atá ina bhall den choiste, go gcaithfí dianmhachnamh a dhéanamh ar an achainí.

“Go bhfóire Dia orainn, is mór mo mheas ar Conor McGregor ach má tá duine éigint le cur ar bhonn airgid chaithfinn dianmhachnamh a dhéanamh air ar dtúis. Bheadh scata Éireann daoine eile ar mhaith liom iad a fheiscint ar bhoinn airgid, daoine ón dtír seo agus daoine ó thíortha eile, daoine ó gach réimse den saol.

“Aon achainí mar seo, ba cheart go mbeadh níos mó ná duine amháin laistiar de. Nílimse chun géilleadh do mholadh an euro a athrú mar go bhfuil duine amháin ag iarraidh é a dhéanamh. Chaithfí dul i gcomhairle le han-chuid daoine faoi chás mar seo,” a dúirt an Teachta Dála Healy Rae.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF), ball eile den choiste a dhéanfaidh a breithiúnas tráthnóna amárach cé acu an mbuafaidh nó nach mbuafaidh McGregor an cath áirithe seo, gur shíl sé gur “nach mórán glacadh” a bheadh ag a chomhbhaill leis an moladh.

Dúirt sé áfach gur dea-theist é ar an gcóras daonlathach agus go raibh cead ag baill an phobail achainí a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus go gcaithfí leis an moladh seo maidir le McGregor faoi mar a chaithfí le moladh ar bith a thiocfadh faoi bhráid an Chomhchoiste.

Tá Conor McGregor áirithe i measc mhórlaochra spóirt na hÉireann as a chuid gaiscí i gcró troda an UFC, go háirithe ó d’éirigh leis an gceann is fearr a fháil ar José Aldo an mhí seo caite. D’fhág an bua sin gurb é McGregor anois curadh ghrád an chleitmheáchain sa UFC.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh amárach i dTithe an Oireachtais ar mholadh go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn ‘euro’'