D’fhreagair mo mham físghlaoch agus im piseanna talún smeartha ar a dhá lámh

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: cuireann galar Alzheimer isteach ar na comharthaí a  thugann an bolg don inchinn. Déanann othair áirithe dearmad iad féin a bheathú; bíonn máthair ár gcolúnaí ag ithe an t-am ar fad

D’fhreagair mo mham físghlaoch agus im piseanna talún smeartha ar a dhá lámh

Bhí slisíní aráin ar fud an tí. Agus babhlaí uisce don chat. Nó sin a dúirt mo dheartháir óg liom tar éis dó cuairt a thabhairt, tamall de sheachtainí ó shin, ar theach ár máthar, a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Níorbh é sin an chéad léiriú a fuair muid nach dtuigeann mo mháthair cúrsaí bia níos mó.

Tháinig duine de na cúramóirí uirthi agus leathán seacláide á ithe aici le spúnóg, díreach as an bpota. Bhí an pota nach mór folamh.

Nuair a d’fhreagair mo mháthair físghlaoch uaimse seachtain nó dhó ó shin bhí im piseanna talún smeartha ar a dhá lámh. Ní raibh radharc ar spúnóg féin.

Tá breis agus ceithre bliana ann anois ó deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair agus seans maith go raibh an galar uirthi le roinnt blianta roimhe sin. Tagann cúramóirí chun an tí aici trí huaire sa lá chun béile a réiteach agus a chaitheamh léi, ach tá cuimhne ghearrthréimhseach mo mham chomh dona sin faoin am seo go ndéanann sí dearmad, a luaithe is a fhágann cúramóir an teach, go bhfuil sí tar éis béile a bheith aici.

Tá fianaise eolaíoch ann go gcuireann galar Alzheimer, sa staid aibithe, isteach ar na comharthaí a thugann an bolg don inchinn. I gcásanna áirithe, déanann othair dearmad iad féin a bheathú. I gcás mo mháthar, ceapann sí go gcaithfidh sí í féin a bheathú an t-am ar fad toisc nach mothaíonn sí (agus toisc nach gcuimhníonn sí) go bhfuil a bolg lán.

Nuair a tháinig cúramóir eile ar cheapaire leath-ite a raibh caonach liath air – bainte amach as an araid bhruscair ag mo mháthair de réir dealraimh, agus fuílleach béile núdal a bhí fágtha sa chuisneoir caite anuas air – thuig muid go raibh sé in am gníomh radacach a thógáil.

Chuir muid cosc scun scan ar leathán seacláide, ar im piseanna talún agus ar aon earraí eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte ár máthar dá n-íosfadh sí lán pota díobh. (Beidh an cat buíoch freisin – tairgeadh leathán seacláide dise uair nó dhó freisin.)

D’iarr muid ar na cúramóirí gan fuílleach bia a fhágáil sa chuisneoir.

Agus shocraigh muid nach mbeadh aon stór bia sa teach feasta. D’iarr muid ar na cúramóirí siopadóireacht a dhéanamh gach lá agus gan a cheannach ach díreach dóthain lae amháin. Leathbhuilín aráin seachas builín iomlán. Slisíní cáise réamhphacáistithe seachas píosa a mhairfeadh seachtain nó dhó. Rud ar bith a d’fhéadfadh mo mháthair a alpadh siar nuair nach mbíonn éinne eile thart. Is bocht an scéal é, ach chomh fada agus a bheidh sí fós ar an liosta feithimh don fheirm chúraim mar a mbeidh cónaí uirthi amach anseo, seo é an réiteach a fuair muid.

Fág freagra ar 'D’fhreagair mo mham físghlaoch agus im piseanna talún smeartha ar a dhá lámh'

  • Lillis Ó Laoire

    Scéal truacánta agus ceann atá róchoitianta. Dúshlán daoibh araon.

  • alan titley

    Truamhéileach ar fad. An bhean bhocht, agus a mac. Goilliúint laethúil.

  • Neil browne

    Mó chomhbhrón oraibh. Tá súil agam nach dtéann an scéal in olcas