‘Déistin’ ar shagart páróiste i nDún na nGall faoi ócáid ‘Shag a Ginger’ i gclub oíche

Deir an tAthair Lorcán Ó Searcaigh, Sagart Paróiste Ghleann Finne, “gur foirm de bhrúidiúlacht” ar chailíní óga le gruaig rua atá san ócáid atá le reáchtáil i gclub oíche Pulse

shag-a-ginger-nothing-to-do-with-us-say-su

Tá ráite ag sagart páróiste i nDún na nGall go bhfuil “déistin” air faoi ócáid atá beartaithe ag club oíche i Leitir Ceanainn dar teideal –‘Shag a Ginger Night’.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidio na Gaeltachta inniu, dúirt an tAthair Lorcán Ó Searcaigh, Sagart Paróiste Ghleann Finne, “gur foirm de bhrúidiúlacht” ar chailíní óga le gruaig rua a bhí san ócáid atá le reáchtáil sa chlub oíche Pulse san oíche amárach.

“Chuir sé déistin orm nuair a chuala mé faoin ócáid seo. Mar a amharcann na tuismitheoirí air, síleann siad gur foirm de bhrúidiúlacht atá ann do chailíní a bhfuil gruaig rua orthu. Tá sé ag tabhairt masla do dhaoine a bhfuil gruaig rua orthu, sílim,” a dúirt an tAthair Lorcán Ó Searcaigh.

Thug an tAthair Ó Searcaigh le fios do Raidió na Gaeltachta go bhfuair sé glaoch gutháin ó thuismitheoirí, a dúirt go raibh iníon leo an-suaite faoin scéal toisc go raibh sé á tharraingt anuas léi ar na meáin shóisialta.

Tuairiscíodh go raibh tagairtí gáirsiúla agus maslacha á ndéanamh ar na meáin shóisialta do dhaoine óga le gruaig rua, tagairtí bunaithe ar théama na hócáide sa chlub oíche i Leitir Leitir Ceanainn.

Rinne beirt tuismitheoirí gearán leis na Gardaí faoin ócáid agus iad ag maíomh gur deineadh bulaíocht ar líne ar a n-iníon dá bharr.

Thug an tAthair Ó Searcaigh le fios gur ghlaoigh sé ar an gclub oíche faoin scéal agus go ndúradh leis nach raibh san ócáid ach ‘gimic’.

“Dúirt siad liom ‘níl ann ach gimmick’, agus dúirt mise leo ‘má chaitheann sibh dhul chomh híseal leis sin le uisce a tharraingt don tobar, níor cheart daoibh a bheith i ngnó ar chor ar bith’,” a dúirt Sagart Paróiste Ghleann Finne.

Dúirt an sagart chomh maith go raibh sé i dteagmháil leis na Gardaí faoin scéal ach gur cuireadh in iúl dó nach raibh aon dlí coiriúil á shárú ag an gclub oíche.

Tá an tAthair Ó Searcaigh anois ag impí ar an gclub téama na hócáide acu a athrú.

“Dúirt mé leo gur mhaith liom arís a rá go bhfuil mé iontach míshásta faoin ócáid, agus go raibh sé ag cur isteach go mór ar chuid mhór daoine.”

Mar chuid den ócáid chonspóideach ‘Shag a Ginger Night’, tugann an club oíche Pulse saorchead isteach do dhaoine le gruaig rua agus cuirtear coiscíní ar fáil saor in aisce.

Maíonn an club oíche go mbeidh baill foirne ar fáil ag an ócáid chun dath rua a chur i ngruaig daoine a dteastaíonn a leithéid uathu.

Fág freagra ar '‘Déistin’ ar shagart páróiste i nDún na nGall faoi ócáid ‘Shag a Ginger’ i gclub oíche'

  • Fearn

    Cíocha, magairlí agus shaganna luaite ar scéalta éagsúla na seachtaine seo.

    Ní mé cad eile a bhéas ag teacht!

  • shane

    feicim ócáid seafóideach…
    feicim frithghníomh seafóideach…
    ach cá bhfuil an nuacht?