Deireadh ré don chlub oíche Gaeltachta agus doirse Tigh Josie le fanacht dúnta

Dealraíonn sé gurb í an chinniúint chéanna atá i ndán don chlub oíche aitheanta ar an gCeathrú Rua agus a tharla do ‘Dodge’ Dhún na nGall agus ‘Hillgrove’ an Daingin

D’fhéadfadh sé gur deireadh ré atá ann do chlubanna oíche na Gaeltachta.

Ní bheidh aon cheann de na mórchlubanna oíche sa Ghaeltacht ag athoscailt Dé hAoine, tráth a mbeidh cead ag clubanna oíche oscailt arís den chéad uair ó dúnadh iad mí an Mhárta 2019.

Bhíodh club oíche aitheanta Tigh Josie á reáchtáil gach Aoine agus Satharn ar an Cheathrú Rua i gConamara roimh theacht na paindéime Covid-19, ach dheimhnigh Josie Ó Loideáin, úinéir an chlub, do Tuairisc.ie, nach mbeidh sé á oscailt arís aige.

Tháinig deireadh le ‘The Seaview’ agus ‘The Dodge’ i nGaeltacht Dhún na nGall tuairim is deich mbliana ó shin agus dhún ‘The Hillgrove’, club oíche sa Daingean a mbíodh an-tóir air a dhoirse dhá bhliain ó shin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Josie Lydon, gur trua leis “don dream óg go háirithe” nach mbeidh an club oíche Tigh Josie ag athoscailt.

“Tá sé dúnta le bliain go leith agus tá rudaí go leor le déanamh. Níl mé ag súil faoi láthair leis an áit a oscailt.

“Is mór an trua é sin don dream óg sa gceantar nach bhfuil aon áit acu le dul.

Caithfidh siad dul isteach go Gaillimh agus ní bhfaighidh siad an baile amach ansin go dtí an cúig nó an sé ar maidin.”

Dúirt úinéir Tigh Josie, a bhí scór bliain i mbun an chlub oíche ar an Cheathrú Rua, go mbíodh an club oíche “plódaithe” ach gur “éirigh sé ciúin” le cúpla bliain anuas.

“I rith an tsamhraidh bhíodh sé ar siúl ón Déardaoin go Dé Domhnaigh agus chiúnaigh sé síos. Bhí am ann nuair a bhí sé nó seacht gcinn de chlubanna oíche ón gClochán go Carna ach tá gach uile cheann dúnta acu anois.”

Beidh rialacha nua i bhfeidhm d’athoscailt na gclubanna oíche agus beidh teastas Covid riachtanach le freastal ar cheann acu. Beidh gá le masc a chaitheamh ach amháin nuair atá tú ag ól nó ag damhsa.

I measc na gcúiseanna atá luaite le meath an chlub oíche Gaeltachta, tá imeacht daoine óga óna gceantair dhúchais, costais árachais agus teacht an tí tábhairne le ceadúnas déanach.

Fág freagra ar 'Deireadh ré don chlub oíche Gaeltachta agus doirse Tigh Josie le fanacht dúnta'